5 Imeacht Ghaelacha


1. BRÉAG-BHAINIS & SEOLADH TAISPEÁNTAIS: Conall agus Criostóir agus Ceathair Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste Déardaoin 3 Lúnasa @ 19:00 

Beidh fronsa aerach Gaelach ar siúl anocht sa Chultúrlann i mBéal Feirste ag 6.30in.

Conall Mac Corraidh agus Criostóir Mac Pháidín atá le pósadh i gcaife na Cultúrlainne agus beidh Dónall Mac Giolla Chóill i bhfeighil an tsearmanais.

Agus an fhéile aerach Bród ar siúl i mBéal Feirste faoi láthair, tá an Dream Dearg, Love Equality, Rainbow Project agus Féile an Phobail tagtha le chéile chun air a dhíriú ar cheist an chomhionannais ar bhealach spraíúil.

Faoin díon céanna, ag a 7in, osclófar ‘Ceathair’, taispeántas ealaíne Barry Kerr.

Ceathrar ó chúigí na tíre atá roghnaithe, a bhfuil baint acu le traidisiún an cheoil, na filíochta agus na hamhránaíochta.

Beidh sé féin agus a pháirtí Síle Denvir i mbun ceoil ag an oscailt, in éineacht le Séamus Begley agus Dónal O’Connor.

Ceol agus ealaín mar aon le comhluadar na nGael – an-tráthnóna geallta, más ea!


2. TEACHT LE CHÉILE: Pop Up Gaeltacht Chorcaí / Tábhairne Callanan, Cé Sheoirse, Dé hAoine 4 Lúnasa @ 20:00

I gcathair na Reibiliúnaithe a bheidh na Gaeil i bhfochair a chéile do PhreabGhaeltacht na míosa seo, ó dheas.

Is ar Ché Sheoirse, i gCorcaigh, atá tábhairne Callanan, agus is ann a bheidh tú in ann Gaeilge bhreá a spalpadh (go háirithe Dé hAoine seo chugainn!).

Tagaigí le chéile chun an teanga a labhairt, craic a bheith agaibh agus cúpla scúp a chaitheamh siar más áil libh é!

Cuirfear tús leis an spraoi ag a hocht a chlog.

Dála an scéil, oíche Chéadaoin bhailigh Gaeil le chéile i Nua-Eabhrac don Phop Up Gaeltacht i dtábhairne William Barnacle… maith iad!


3. CEOLCHOIRM: An Dioscó Dearg /An Daimhinis, Béal Feirste, Dé Sathairn 5 Iúil @ 20:00

‘An t-imeacht is mó Gaeilge i mbliana’… sin atá geallta ag an Dioscó Dearg sa chathair cois cuan Dé Sathairn.

Beirigí bhur mbróga rince libh agus bígí réidh leis an deatach a bhaint den urlár, agus scoth an cheoil ó bhannaí agus ceoltóirí amhail PÓLCA 4, Bréag, Emma Ní Fhíoruisce agus Tonnta ar siúl le linn na hoíche.

Músclófar cuimhní cinn an Oireachtais i gcuid againn, shamhlóinn, mar gurb iad ceoltóirí cumasacha an ghrúpa PÓLCA 4 atá ina bpríomhoirfidigh don ócáid.

Iar-chóisir na bainise do Chonall agus Criostóir atá ann freisin mar sin beidh an grá san aer!

Oíche thiomsaithe airgid, ar mhaithe leis An Dream Dearg, atá san ócáid seo, atá ar chlár imeachtaí Fhéile an Phobail.

Léirigh do thacaíocht agus bí i láthair! #dearglefearg #BeidhMéAnn #AnDioscóDearg #AnDreamDearg #AchtAnois


4. CEOLCHOIRM: Live in the Marquee / Your Man’s Bar, An Baile Dubh, Co. Chiarraí, Dé Domhnaigh 6 Lúnasa @ 20:00

Tá coirm á heagrú sa Bhaile Dubh i gContae Chiarraí an deireadh seachtaine seo in ómós do Nóra Mai Rochford.

Ba as Baile an Bhuinneánaigh do Nóra Mai, amhránaí agus ceoltóir cumasach, a cailleadh thiar sa bhliain 2014.

Tiocfaidh plúr na gceoltóirí traidisiúnta chun stáitse le comóradh a dhéanamh ar a saol agus ar a saothar Dé Domhnaigh seo chugainn.

Sin iad Mary Bergin, Don Stiffe agus Danny O’ Mahony. Ina dteannta chomh maith beidh Seán Earnest, Séamus Ó Flatharta, agus Frances Kennedy, an seanchaí.

Ceol agus scéalaíocht le críoch dheas a chur leis an deireadh seachtaine – foirfe!


5. CEOLCHOIRM: MacDara Ó Conaola agus a chairde / Áras Éanna, Inis Oírr, Dé Máirt 8 Lúnasa @ 20.00

Is ar a fhód dúchais, oileán álainn Inis Oírr, a bheidh MacDara Ó Conaola i mbun ceoil Dé Máirt seo chugainn.

Cloisfear rogha bhreá de stór amhrán an cheoltóra seo, idir amhráin sean-nóis agus nua-chumtha i gcaitheamh na coirme, mar aon le scéalta seoigh faoi nithe éagsúla an tsaoil!

Beidh an giotáraí agus go deimhin fear an mhaindilín, Pádraig Ó Broin, á thionlacan, mar aon le ceoltóirí eile.

Is in ionad aoibhinn an oileáin, Áras Éanna, a bheidh an teacht le chéile ceolmhar seo ar siúl. Nach mbeadh sé go deas bheith ann!

SCÉALTA EILE