1. OÍCHE AIRNEÁIN: Damhsóirí Palaistíneacha & cairde / Seanscoil Sailearna, Déardaoin 17ú Lúnasa @ 19:30
Tá grúpa rinceoirí ón bPalaistín ar cuairt chun na Gaillimhe i láthair na huaire.
‘El-Funoun Palestinian Dance Troupe’ an teideal atá orthu agus is in Éirinn ar feadh coicíse atá siad, i mbun oibre le Ríonach Ní Néill, atá i bhfeighil ar an gclár imeachtaí rince Corp_Real | Galway Dance Days.
Mar chuid den gclár seo, tabharfaidh siad turas siar go Conamara tráthnóna inniu chun blaiseadh do chultúr na háite sin a fháil.
Beidh oíche airneáin acu, le ceoltóirí, rinceoirí, scéalaithe agus filí na Gaeltachta, nó le ceangal Gaeltachta, i mbun na siamsaíochta.
Ina measc siúd tá Máire Pheter Ní Dhroighneáin, Caitlín Ní Chualáin, Gearóid Ó Murchú, Mícheál Darby Ó Fátharta agus Saileog Ní Cheannabháin.
Tá liosta le háireamh ann, gan ansin ach blaiseadh beag.
Beidh deis ag muintir na Palaistíne léargas a thabhairt ar a gcuid ceoil agus rince féin le linn na hoíche chomh maith.
Ócáid dheas chultúrtha atá geallta má sea, eagraithe i gcomhair le Cumann Forbartha Chois Fharraige.
2. GIG: Dréimire / Ionad An Lab, An Daingean, Déardaoin 17 Lúnasa @ 20:00
Chonac an banna ceoil Dréimire le déanaí ag seinnt sa Daingean – bhíos agus táim ana thógtha leo.
Is féidir cluas éisteachta a thabhairt dóibh ar a leathanach Soundcloud thuas, go háirithe lena leagan de ‘Isn’t she Lovely’ Stevie Wonder.
Is iad beirt na háite, Ben Janning agus Mattie Barker, baill an bhanna, ach le tamall anuas tá Jon Sanders ag seinnt ina dteannta.
Beidh an triúr acu i bhfochair a chéile anocht in ionad An Lab sa Daingean.
Ceol uirlise den scoth le meascán de stileanna a bhíonn acu, ina measc snagcheol, luasc-cheol, ceol Laidineach agus ceol an Domhain Thoir.
3. LÉAMH FILÍOCHTA: Doireann Ní Ghríofa & Gabriel Rosenstock / Scéal Eile Books, Inis Co. an Chláir, Dé Sathairn 19 Lúnasa @ 19:00
Tá Fleadh Cheoil na hÉireann faoi lán seoil in Inis Chontae an Chláir faoi láthair, agus idir imeachtaí ceoil agus imeachtaí cultúrtha ar siúl sa bhaile agus sa cheantar máguaird.
Ócáid fhilíochta atá ar an gclár, a tharraing mo shúil.
Beidh na filí Doireann Ní Ghríofa (thuas) agus Gabriel Rosenstock ag léamh a gcuid dánta faoi sholas na gcoinnle sa tsiopa Scéal Eile Books an deireadh seachtaine seo.
Agus níl costas ar bith i gceist leis an mbeirt fhileata ealaíonta seo a chlos i mbun aithrise!
4. DRÁMA: Snámh na Saoirse / An Lab, An Daingean, Dé Sathairn 19 Lúnasa @ 20:00 & Luan go Céadaoin 21-23 Lúnasa @ 20:00
Snámh na Saoirse teideal dhráma ó pheann an údair Róisín Sheehy, atá bunaithe ar fhíor-scéal tragóideach a thit amach ar an mBlascaod Mór, amach ó chósta Chiarraí, sa bhliain 1909.
Tá scéal na tragóide á athinsint i bhfoirm an dráma seo ar shlí shamhailteach fhileata.
Tá comhoibriú fhoireann an tsaothair seo le moladh. Tá céimeanna agus gluaiseachtaí cumtha ag rinceoir cónaitheach An Lab, an cóireagrafaí Maria Svensson, atá in oiriúnt d’insint an scéil.
Bainfear úsáid chomh maith as saothar le healaíontóir na háite, Tomás Ó Ciobháin, agus cloisfear ceol nua-chumtha leis an sár-ghiotáraí Gerry O’Beirne le linn an tseó.
Is í Áine Moynihan, stiúrthóir ionad An Lab, atá ina stiúrthóir ar an léiriú seo chomh maith.
Cailleadh athair an údair, Domhnall Mac Síthigh, go tobann agus go tragóideach i mí an Mheithimh ar chósta na Spáinne agus na Portaingéile agus é ar turas farraige, agus is tiomnaithe dó siúd atá an dráma seo.
Go n-éirí ádh leis an bhfoireann ar fad, agus go mbristear cos.
5. POP UP GAELTACHTAÍ / Mike the Pies: Lios Tuathail, Co. Chiarraí, Dé hAoine 18 Lúnasa @ 20:00 & Fleadh Cheoil na hÉireann: Fawl’s, Sráid Uí Chonaill, Inis, Dé Sathairn 19 Lúnasa @ 20:00
Má tá comhluadar na nGael de dhíth oraibh, bí ar an eolas go mbeidh dhá Phreab-Ghaeltacht ag popáil aníos ag tseachtain seo i gCúige Mumhan.
Tá an tríú POP UP eagraithe i mbaile Lios Tuathail i gCiarraí, agus tigh tábhairne Mike the Pies roghnaithe mar ionad na míosa seo.
Tábhairne a bhfuil cáil air, go háirithe ó roghnaíodh é ar cheann de na hionaid is fearr ó thaobh an cheoil bheo de sa tír, de réir na hirise Hot Press le déanaí.
Dár ndóigh is i mbaile na hInse atá plúr na gceoltóirí an tseachtain seo agus Fleadh Cheoil na hÉireann faoi lán seoil.
Más ann a bheidh sibh Dé Sathairn, bíodh a fhios agaibh go mbeidh na Gaeil ag spalpadh ár dteanga mhilis féin i dtábhairne Fawl’s, atá ar Shráid Uí Chonaill sa bhaile.
Dála an scéil tá ionad POP UP na hArdchathrach d’ócáid na míosa seo anois roghnaithe.
Is i dtábhairne nua-oscailte, an Piper’s Corner cóngarach do Shráid Uí Chonaill a bheidh an teacht le chéile ar an lá deireanach den mhí, 31 Lúnasa.
Cífidh mé ann sibh!
6. Daonscoil na Mumhan / Coláiste na Rinne, Port Láirge, 20-25 Lúnasa
Arís i mbliana is i gColáiste na Rinne i Rinn Ó gCuanach a bheidh Daonscoil na Mumhan ar bun.
Tá clár suimiúil imeachtaí beartaithe ag lucht eagraithe na scoile, a bheidh ar siúl thar sé lá agus is ar an Domhnach beag seo a chuirfear tús i gceart leis.
Tabharfaidh Seán Mac an tSíthigh, Ruth Nic Aibhne agus Pól Ruiséal, i measc eile, léachtaí i gcaitheamh na Daonscoile.
“An Ghaeltacht: Idir dhá shaol”, “Imigh leis an spás agus tiocfaidh sé thart” agus ‘’Forbairt na Gaeilge mar Theanga Eorpach Dhomhanda’’ cuid de na hábhair a phléifear, ach níl ansin ach réamhbhlaiseadh bídeach.
Tá go leor eile ar chlár na n-imeachtaí.
Seolfair leabhair, beidh ceardlanna scríbhneoireachta agus filíochta ar siúl, mar aon le siúlóid sléibhe agus tráth na gceist boird.
Is féidir freastal ar feadh díreach lá amháin, nó breis más áil leat sin.
Tá costas na dticéad agus cur síos níos beaichte ar na hócáidí cultúrtha ar fad le fáil ag an nasc seo.
Agus ar deireadh….
Beidh cuid de na ceoltóirí is ansa liom ag seinnt timpeall na tíre sna laethanta romhainn.
Baill an bhanna RÍS a bheidh i dtábhairne Coleman’s i Loch Garman Dé Sathairn, agus Sam Ali a bheidh ag tabhairt tacaíochta dóibh ar an oíche.
Gach seans go mbeidh saothar óna n-albam nua, atá le seoladh aimsir an Oireachtais, le clos i rith na hoíche.
Agus is iad Scullion a bheidh i dtábhairne DeBarra’s i gCloich na Coillte tráthnóna ó 9ina – más i gcontae na gceannairceach a bheidh sibh, bí ann gan teip!