Aonach na nEalaíon / Carn Tóchair, Co. Dhoire, Déardaoin 12 Deireadh Fómhair
Is sa Charn i gContae Dhoire a bhaileoidh lucht na Gaeilge agus lucht na n-ealaíon le chéile inniu le plé fiúntach a bheith acu faoi thodhchaí na n-ealaíon ó thuaidh.
Is iad Oireachtas na Gaeilge, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon ó Thuaidh agus le Foras na Gaeilge, atá i mbun na hócáide seo.
Cuirfear samplaí de thograí ealaíon ar ardchaighdeán os comhair na ndaoine a bheidh i láthair.
Beidh tábhacht na Gaeilge do phobal beag tuaithe idir chamáin ag an bhfís-ealaíontóir Nuala Ní Fhlathúin; taispeánfar gearrscannán an chóiréagrafaí Ríonach Ní Néill, I Modh Rúin, a thugann éachaint ar mhná a thóg a gcuid leanaí le Gaeilge sna 60í, 70í agus 80í; agus déanfaidh an file agus ceoltóir Marcus Mac Conghail cur i láthair chomh maith, caint faoin teideal ‘Buail Aríst mé – De hÍde agus an Dúitseach’.
Ní hamháin sin ar fad, ach labhairfaidh Aisling Ní Labhraí, Rossa Ó Snodaigh agus Dermott Mulholland faoi chúrsaí ealaíon a bhfuil baint acu féin leo!
Go n-éirí ádh leo.
Féile Cheoil na nDaoine – Dingle Folk Fest / An Daingean, Co. Chiarraí, 13 – 15 Deireadh Fómhair
Is sa Daingean i gContae Chiarraí a bheidh Féile Cheol Tíre na háite ar bun an deireadh seachtaine seo, is é sin an Dingle Folk Festival… “G’wan to Folk” mar a deir siad féin!
I measc na n-aíonna ceolmhara a bheidh ag tabhairt aghaidhe ar leithinis Chorca Dhuibhne beidh Four Men and a Dog, The Whileaways, Síle Denvir agus an Atlantic Arc Orchestra – mar aon leo siúd ón áit, cuirim i gcás Éilís Kennedy, Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh, nó iad siúd atá ag cur fúthu le tamall sa cheantar, ar nós Donogh Hennessy agus Laura Kerr.
Is féidir ticéad don deireadh seachtaine, nó do na coirmeacha aonaracha a cheannach, ach cuairt a thabhairt ar dinglefolkfest.ie
Eithne / Ceoláras Náisiúnta na hÉireann, BÁC Dé Sathairn 14 Deireadh Fómhair @ 20:00
Is sa bhliain 1909 a scríobh Robert O’Dwyer an ceoldráma Eithne, atá le léiriú don chéad uair le breis is 100 bliain an deireadh seachtaine seo.
Tá tionchar thraidisiún ceoldrámaíochta na hEorpa le sonrú ar an saothar seo, a insíonn scéal bhanphrionsa Thír na nÓg agus an turas a thóg sí le teacht ar laoch a thabharfadh ar ais chuici a máthair, a bhí curtha faoi dhraíocht.
Tá athbheochan anois déanta air, leis an soprán aitheanta Orla Boylan sa phríomhról; Gavin Ring, an baratón atá i bpáirt Ard Rí na hÉireann agus is é Robin Tritschler atá i ról Ceart, leannán Eithne.
Cheannaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann scór an cheoldráma seo nuair a cuireadh ar ceant é sa bhliain 2002.
Beidh sé anois le feiscint ar mhór-scála, go huile agus go hiomlán i nGaeilge, istoíche Dé Sathairn.
Mura mbíonn tú in ann a bheith i láthair, ná bíodh imní ort – craolfar é ní hamháin ar RTÉ Lyric FM ach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith, ó 8in!
Céilí sa Chlub / Club Chonradh na Gaeilge, BÁC, Dé Sathairn 14 Deireadh Fómhair @ 21:00
Cuirigí oraibh na bróga rince do chéilí mór a bheidh ar siúl i gceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair Dé Sathairn.
Is i gClub an Chonartha a bheidh na sluaite ag bailiú mar chuid de shraith de chéilithe atá le heagrú uair sa mhí san ionad.
Ná bíodh aon imní oraibh faoin gcaighdeán rince atá agaibh, beidh fáilte mhór roimh chách, fiú mura bhfuil agaibh ach an haon, dó, trí!
Bí ann go luath le cinntiú go bhfuil spás ann duit.
IMRAM / Ionaid éagsúla, Baile Átha Cliath, 16-21 Deireadh Fómhair 2017
Cuirfear tús i gceart Dé Luain seo chugainn leis an bhféile litríochta IMRAM a bheidh ar bun san Ardchathair.
Mar is dual dóibh, tá clár leathan d’imeachtaí beartaithe ag lucht eagraithe na féile, atá ar an mbóthar le fada an lá.
Saothar Springsteen a bheidh á chur i láthair, as Gaeilge, ag Liam Ó Maonlaí, Steve Cooney, Nick Roth agus Trevor Hutchinson i mbliana, aistrithe go gairmiúil ag Gabriel Rosenstock.
Beidh imeachtaí éagsúla ar siúl do dhaoine óga, ina measc ceardlann ióga, seisiún scéalaíochta agus seisiún ceardaíochta.
Léireofar ómós do Liam S. Gógan nuair a thabharfar beocht nua dá chuid filíochta ag ócáid in Éigse Éireann.
Is í Máirín Nic Eoin a thabharfaidh Léacht Uí Chadhain na bliana seo, atá ar chlár na féile chomh maith, caint a dhíreoidh ar Athnuachan agus Athghabháil shaothar liteartha an Chadhnaigh.
Níl ansin ach díreach cúpla ócáid a bheidh ar siúl, tá go leor eile beartaithe – is fiú go mór daoibh súil a chaitheamh ar chlár na féile. Anois. Díreach.
*Agus tá feiniméan na Pop Ups ag fás leis mar go mbeidh preaboíche i nDoire Dé Sathairn seo, 14 Deireadh Fómhair, sa Derby Bar i lár na cathrach. Tosaíonn an chraic ag 9in… bígí ann más cois Feabhail a bheas sibh!