Oireachtas na Samhna / Óstán Ghleann an Iolair, Cill Airne, Co. Chiarraí, 2-5 Samhain
Sea, tá an tráth seo bliana buailte linn arís agus faobhar faoi ócáidí Fhéile Mhór na nGael, An tOireachtas, i gCill Airne.
Beidh imeachtaí go leor eile ar siúl as seo go Domhnach; cuid mhaith acu atá pleanáilte cheana féin, agus cuid eile a thiocfaidh aniar aduaidh orainn gach seans!
Seisiúin neamhfhoirmiúla cheoil agus amhránaíochta, cuirim i gcás, agus rince ar bhoird gan choinne, má bhuaileann an fonn lucht an damhsa.
Sin is dócha nádúr na féile, agus go deimhin, bua na féile chomh maith!
I measc na n-imeachtaí réamhbheartaithe, beidh lucht Mheangadh Fíbín ar thóir tallann nua don scáileán, do shraith nua teilifíse ar a bhfuil siad ag obair, dírithe ar leanaí réamhscoile.
Is daoine óga idir 6-12 bl. d’aois atá á lorg acu, agus má tá aithne agat ar dhuine a bheadh oiriúnach, bí cinnte iad a thabhairt chuig An Seomra Glas inniu!
Beidh na comórtais ardáin do dhaoine óga ar siúl chomh maith inniu, ó mhoch maidine, mar aon le seoltaí go leor, sna laethanta romhainn – idir leabhair agus chláracha/scannáin.
Seolfar cúig theideal nua sa tsraith Dónall Dána (Horrid Henry), mar aon le sraith chartún bunaithe ar na scéalta.
‘Oileán na nDraoithe’ teideal leabhair nua Phroinsias Mhic a’ Bhaird agus is faoi Chaitlín Nic Aoidh a bheidh cúram an tseolta; agus mar aon leis sin, beidh premiére agus seoladh scannán nua an chomhlachta ROSG, Murdair Mhám Trasna, ar siúl chomh maith.
Beidh foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an láthair ag craoladh thar chúig lá ar fad, ón Déardaoin ar aghaidh, agus comórtais mhóra amhránaíochta an Oireachtais mar chuid dá sceideal craolta.
Beidh dream TG4 i mbun oibre chomh maith agus iad siúd ag craoladh na nuachta agus cláracha siamsaíochta ón láthair.
Is fiú súil a chaitheamh ar chlár na féile ar líne agus plean a leagan amach duit féin roimh ré, le cinntiú go n-éireoidh leat bheith i láthair don gcuid is fearr d’imeachtaí an Oireachtais!
Cífidh mé sa Ríocht sibh le cúnamh na ndéithe… más ann dóibh!
Kern / Tábhairne an Cobblestone, Margadh na Feirme, BÁC, Déardaoin 2 Samhain @ 21:30
An banna ceoil Kern – Brendan McCreanor, SJ McArdle agus Barry Kiernan – a bheidh i mbun an cheoil i mBaile Átha Cliath tráthnóna inniu.
Is i dtábhairne mór an cheoil a bheidh siad i mbun na siamsaíochta, sin é An Cobblestone i Margadh na Feirme.
Is as Co. Lú don mbanna ceoil seo a mbíonn a saothar le clos minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, go háirithe ceol óna n-albam, False Deceiver, a d’eisíodar anuraidh. Go n-éirí leo!
Tá coirmeacha spéisiúla le bheith ar siúl san ionad céanna sna seachtainí romhainn, tráth a mbeidh Damien Mullane, Frankie Gavin agus tuilleadh nach iad ag tabhairt cuairte ar Bhaile Átha Cliath 7.
Coimeád súil ar a leathanach Facebook do na sonraí ar fad!
Féile an Bhuailtín / Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, Dé Domhnaigh 5 Samhain, i rith an lae ar fad
Tionólfar Féile an Bhuailtín don gcéad uair i mbliana i mBaile an Fheirtéartaigh!
Gealltar go gcífear scoth na ceardaíochta mar aon le sár-bhia agus deoch ar an mbaile seo i gCorca Dhuibhne i rith an lae ar fad Dé Domhnaigh beag seo.
Mar chuid de chlár an lae, seolfaidh Helen Ní Shé, láithreoir an chláir An Saol Ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta, leabhar nua Felicity Hayes-McCoy, dar teideal The Mistletoe Matchmaker in Óstán Cheann Sibéal.
Tá crannchur eagraithe a bhfuil duaiseanna breátha le buachaint má bhíonn an t-ádh leat, ina measc saothar ealaíne ó na healaíontóirí áitiúla, Liam Ó Néill, Tomáisín Ó Ciobháin, agus Martine Moriarty, agus cuirfear pictiúr le Maria Simonds-Gooding ar ceant chomh maith.
Is i dTigh Bhric, ní ró-fhada ó Bhaile an Fheirtéaraigh, a bheidh turas den ghrúdlann atá acu ar siúl agus scailtín fíona le blaiseadh chomh maith le linn an turais!
Go n-éirí go geal leo…. ana-ócáid le gormacha an Oireachtais a ruaigeadh!
Imeachtaí Gaeilge, Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath / BÁC, 5-9 Samhain
Inniu a curifear tús le Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath san ardchathair agus imeachtaí suimiúla ar chlár na féile as seo go ceann seachtaine, cuid mhaith atá dírithe ar dhaoine óga!
Is i nGairdín an Gheimhridh in Amharclann Smock Alley a bheidh Máire Zepf (thuas) Dé Domhnaigh, agus í ag léamh óna leabhar Rita agus an Róbat, atá curtha ar an margadh ag an tigh foilsitheoireachta, An tSnáthaid Mhór, agus atá maisithe ag Andrew Whitson.
Ar an láthair céanna, ar an lá céanna, a sheolfaidh Siobhan Parkinson an leabhar do dhaoine óga dar teideal, Foghlaí Mara Monte Carlo, atá scríofa ag Orna Ní Choileáin.
Is faoin bpríomhcharachtar, Zoé, atá an scéal seo, a leanann í agus í ag taisteal chuig tír dhúchasach a peata… pearóid liath Afracach!
Bhuaigh an scéal seo duais i gComórtas Liteartha an Oireachtais roinnt blianta ó shin agus beidh an t-údar í féin i láthair don ócáid seo.
Beidh údar eile, Sadhbh Devlin, agus an maisitheoir Tarsila Krüse, i mbun cainte seachtain ó inniu faoin leabhar nua atá curtha i dtoll a chéile acu, Bí ag Spraoi Liom!
Is i leabharlann Ráth Maoinis a bheidh an bheirt, áit a mbeidh Sadhbh ag léamh ón leabhar agus ag plé a cuid cruthaitheachta agus cumadóireachta.
Taispeánfaidh Tarsila dóibh siúd a bheidh i láthair conas carachtair an leabhair a tharraingt!
Léamh poiblí ‘Rita agus an Róbat’ – Amharclann Smock Alley, Dé Domhnaigh 5 Samhain @ 11:15
Seoladh ‘Foghlaí Mara Monte Carlo’ – Amharclann Smock Alley, Dé Domhnaigh 5 Samhain @ 14:45
Léamh poiblí & plé ‘Bí ag Spraoi Liom!’ – Amharclann Ráth Maoinis, Déardaoin 9 Samhain @ 10:30
Seoladh leabhair + coirm Chór Chúl Aodha / Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, Dé Máirt 7 Samhain @ 19:15
Tá ócáid faoi leith beartaithe i Maigh Nuad Dé Máirt seo chugainn nuair a sheolfar an leabhar ‘The Mass Settings of Seán and Peadar Ó Riada: Explorations in Vernacular Chant’.
Is é John O’Keefe, stiúrthóir cheol diaga i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, údar an tsaothair seo.
Cuirfear cuid de na hiomainn atá luaite sa leabhar i láthair an phobail tar éis an tseolta mar go mbeidh Cór Chúl Aodha i mbun coirme i séipéal an choláiste.
Is coirm chuimhneacháin a bheidh san ócáid seo chomh maith don Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta, a bhí ina ollamh le Sean-Ghaeilge sa choláiste agus a cailleadh samhradh na bliana seo caite.