Moya Brennan / Eaglais Bhaile na Manach, BÁC, Déardaoin 21 Nollaig @ 19:00
Mar is iondúil i mbliana arís, beidh Moya Brennan ag soláthar an cheoil agus na n-amhrán ag ócáid in Eaglais Bhaile na Manach an tseachtain seo.
Ní léi féin a bheidh sí ach i dteannta le ceoltóirí óga ó Chraobh Phiarais Uí Ghréagáin de chuid an Chomhaltais.
Is é Brian Kennedy a bheidh mar cheoltóir taca ag an ócáid speisialta seo, ag a mbeidh Bláthnaid Ní Chofaigh ina bean an tí.
Seo an 10ú bliain don gcoirm bhliantúil seo… gurab fada buan an traidisiún!
Cóisir mhór Rónán Beo / Tigh Hiúdaí Beag, Gaoth Dobhair, Dé hAoine 22 Nollaig @ 15:00
Beidh cóisir mhór Rónáin Mhic Aodha Bhuí ar bun i dTigh Hiúdaí arís i mbliana, agus é le bheith ar siúl ann tráthnóna amárach – dáta don dialann cinnte!
Tá scoth na n-aíonna le bailiú sa tábhairne óna 3in, idir cheoltóirí agus shiamsóirí.
Beidh An Crann Óg i láthair; an t-amhránaí Connie Mhary Mhicí; Declan, Ruairí agus Marty ó In Their Thousands i gcuideachta Sarah Cullen; agus Emma Ní Fhíoruisce.
Anuas air sin, cloisfear ó Bhríd Ní hIcí agus Mícheál Danny Minnie; Dominic Mac Giolla Bhríde; Damhsóirí Scoil Mhic Eamharcaigh, Noeleen Ní Cholla, Máirtín & Noel Ó Dúgáin, Ciarán Ó Maonaigh, Ciarán Mac Fheidhlimidh, Clíona & Conor Ó Gallchóir agus Cathal Ó Curráin!
Mar aon leis sin ar fad, beidh buachaill óg ón gceantar a bhfuil éisteoirí Raidió na Gaeltachta ana-thógtha leis ó chualathas é ar Bharrscéalta an tsamhraidh cúpla bliain ó shin, sin é Hiudaí Mac Garbheith agus a dheirfiúr Reddan ina theannta… liosta le háireamh!
Mura féidir libh a bheith ar an láthair, cas ar siúl RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh Rónán le clos agus é i lár an aonaigh leis an gcomhluadar breá sin!
Seoladh albaim Caroline Keane & Tom Delany / Tábhairne Nelliefreds, An Daingean, Dé hAoine 22 Nollaig @ 19:00
Tá albam nua álainn traidisiúnta eisithe ag na ceoltóirí Caroline Keane agus Tom Delany. ‘Never say Goodbye, say Good Luck’ an teideal; agus tá meascán de phoirt, ríleanna agus tuilleadh stíleanna ceoil nach iad, air.
Ní leo féin atá siad ach oiread mar go bhfuil aoicheoltóirí go leor le clos ina dteannta, leithéidí Donogh Hennessy, Cyril O’Donoghue, Robbie Walsh, Elaine Hogan, Brian O’Loughlin agus Laura Kerr.
Is i gCorca Dhuibhne atá an bheirt ag cur fúthu agus is ann a dhéanfar an saothar nua a sheoladh ar an Aoine, i dtábhairne Nelliefreds sa Daingean!
Kíla / The Buton Factory, BÁC, Dé hAoine 22 Nollaig @ 19:30
Is gearr go mbeidh draoithe an cheoil, Kíla, ag tabhairt faoina gcoirm bhliantúil aimsir na Nollag san ardchathair.
Ionad i mBarra an Teampaill, Monarchan na gCnaipí, atá roghnaithe mar láthair i mbliana agus tabharfaidh siad aghaidh air tráthnóna amárach!
De réir dealraimh tá obair ar bun ag an mbanna faoi láthair ar albam nua, an 20ú albam stiúideo uathu – cuimhnigh air!
Beidh siad ag díriú ar é a thaifead sa bhliain nua… ag súil go mór leis sin!
*Mar a bhíos ag insint daoibh ar an leathanach seo an tseachtain seo caite, beidh Pop Up Gaeltacht ar bun i dTamhlacht i mBaile Átha Cliath tráthnóna. Baileoidh na Gaeil i mbialann Molloy’s, bí leo, óna 8in!