5 imeacht Ghaelacha


Backwest @ Siamsaíocht ag a 6 / Amharclann Chúirt an Phaoraigh, BÁC, Déardaoin 18 Eanáir @ 18:00

I mbun an cheoil a bheidh baill an ghrúpa Backwest sa phríomhchathair tráthnóna, mar gurb iad na haíonna a bheidh ag ócáid Ghael Linn, ‘Siamsaíocht ag a 6’.

Tá cur amach maith ar an ócáid mhíosúil seo atá ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód!

Is i ngar do Shráid Grafton a bheidh sé ar siúl inniu, in Amharclann Chúirt an Phaoraigh, ionad na n-imeachtaí seo le tamall anuas anois.

Is iad Maureen Browne agus Brendan Browne, PJ McDonald agus Peter Vickers atá páirteach sa ghrúpa seo arb as an Ghaillimh agus Tír Eoghain dóibh.

Slí phléisiúrtha chun an tráthnóna a chaitheamh!


An Seisiún Saibhris / Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Déardaoin 18 Eanáir @ 20:00

Tá tús á chur go luath le hócáid rialta sa Chultúrlann i mBéal Feirste, ócáid a bheidh ar bun gach aon Déardaoin ar a bhfuil siad ag tabhairt ‘An Seisiún Saibhris’.

Pléifear le linn an imeachta gnéithe éagsúla de shaibhreas, de sheanchas agus de scéalaíocht na Gaeilge.

Tá fáilte roimh chách le bheith i mbun cabaireachta agus moltar go mbeadh a leithéid oiriúnach go maith d’fhoghlaimeoirí.


Enda Reilly & JJ Ó Dochartaigh / Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste, Dé hAoine 19 Eanáir @ 20:30

An bhfuil sibh fós ag smaoineamh ar Ghradaim NÓS?

An bhfuil sibh fós ag cuimhneamh ar na sár-cheoltóirí a bhí ar ghearrliosta na hoíche?

Má tá, agus fonn oraibh cúpla duine acu a fheiscint go rí-luath, seo libh go hÁras Mhic Reachtain i dtuaisceart Bhéal Feirste, áit a mbeidh Enda Reilly agus JJ Ó Dochartaigh beirt le feiscint an Aoine bheag seo.

Is i Seomra na hÉigse ar an mbunurlár san Áras a bheidh siad i mbun an cheoil.

Má tá aon cheist agat faoin oíche, faoi thicéid nó aon ní eile, déan teagmháil le Dáithí Mac Uait, Oifigeach Forbartha Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain, ag daithi@mhicreachtain.com


Seoladh ‘Féach Gach Treo’ le Mícheál Ó hUanacháin / An Siopa Leabhar, 6 Sráid Fhearchair, BÁC, Dé Sathairn 20 Eanáir @ 16.30

Tá cnuasach nua gearrscéalta curtha le chéile ag an scríbhneoir Mícheál Ó hUanacháin.

Féach Gach Treo atá air agus é foilsithe ag Coiscéim.

Beidh imeacht ceiliúrtha ar bun sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair Dé Sathairn nuair a chuirfidh an Dr. Gearóid Denvir an saothar nua seo i láthair an phobail.

Ní hamháin sin, ach déanfar ceiliúradh chomh maith ar shaothar filíochta an údair chéanna dar teideal Timthriall Nua, a seoladh anuraidh sa Caifé Liteartha i gCorca Dhuibhne.


Glac na Pointí: Bain Amach Barr do Chumais / Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn 20 Eanáir @ 13.00

Tá lá traenála á eagrú ag Na Gaeil Óga ag an deireadh seachtaine a thabharfaidh cúnamh do bhaill fhásta an chumainn feabhas a chur ar a gcuid tuisceana agus scileanna nuair a thagann sé go CLG agus cúrsaí spóirt i gcoitinne.

Cuirfear comhairle ar an lucht freastail i dtaca le gortaithe a sheachaint; conas díriú ar an aclaíocht; agus cur síos ar an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht sa saol, i measc neart eile!

Is iad Aonghus Ó hEochaidh agus Mícheál Ó Leidhin a chuirfidh imeachtaí an lae i láthair agus beidh réimse leathan cainteoirí chun iad siúd a bheidh i láthair a spreagadh: Dónal O’Grady, iarbhainisteoir agus imreoir Chorcaí; Dr. Ella McCabe, síceolaí spóirt cliniciúil; an saineolaí ar chúrsaí bídh, Kate McDaid; an t-iarimreoir agus cóitseálaí Darragh Ó Briain agus cóitseálaí fhoireann mionúr iomána Bhaile Átha Cliath, Aodán de Paor.

Ticéidí le fáil anseo agus rachaidh aon airgead a bhaileofar chuig Chiste Forbartha Na Gaeil Óga – cúis mhaith!


* Beidh blaiseadh breá agam daoibh d’imeachtaí Tradfest Bharra an Teampaill ar an leathanach seo an tseachtain seo chugainn. Ná caill é!

SCÉALTA EILE