1) CEOLCHOIRM: Glór Mhaigh Eo / Halla na Cathrach, Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn, 30 Eanáir 2016 ag 12.45in
Beidh na ceoltóirí ildánacha as Caisleán an Bharraigh, a bhuaigh mórghradam ceoil traidisiúnta na n-óg ‘Siansa’ anuraidh, ag seinm i Halla na Cathrach, BÁC, ag am lóin Dé Sathairn mar chuid den Trad Fest i mBarra an Teampaill.
Meascán de scoth na hamhránaíochta agus an cheoil a bheas sa taibhiú cruthaitheach seo, atá mar chuid de shraith cheolchoirmeacha lae thar an deireadh seachtaine dírithe ar theaghlaigh.
Saorchead isteach. Tuilleadh eolais anseo.
2) OÍCHE DHAMSHA & SPRAOI: Oíche Boogie / Tigh Giblin, An Spidéal, Conamara, Dé Sathairn 30 Eanáir ag 9.30in
Beidh na Gaeil san iarthar ag búgaíáil i dteannta DJ Will Softly i dTigh Giblin oíche Shathairn, tráth a mbeidh an chéad oíche tiomsaithe airgid ar mhaithe le Traidphicnic 2016 ar siúl.
An dara hiarracht chun ‘Oíche Boogie IV’ a reáchtáil, i ndiaidh gur gá í a chur ar ceal roimh an Nollaig agus stoirm Desmond ag réabadh fríd an tír.
Ar chlár na hoíche, tá amhráin mhóra na n80í, culaith bhréige agus craic Ghaelach go maidin!
€10 ar an doras agus rachaidh an t-airgead i dtreo ‘Traidphicnic 2016’.
Tuilleadh eolais anseo.
Seo blaisín den fhéile anuraidh:
3) AN CABARET CRAICEÁILTE: Cóisir Craiceáilte – Slán le hEanáir / Tí Hiúdaí Bhig, Gaoth Dobhair, Dé Sathairn 30 Eanáir, 9.30in ar aghaidh.
Beidh na Conallaigh craiceáilte ag bailiú le chéile Dé Sathairn do cheiliúradh ceoil dheireadh na míosa.
Cinnteoidh The Boss Sound Manifesto, Clann Mhic Ruairí, Atlas agus an giotáraí ildánach Shane Hennessy – a sheinneann achan sórt stíle ó phunc, trad agus ní bheadh a fhios agat cad eile – go mbeidh na cosa ag bogadaí ar an urlár damhsa go dtí na huaireanta beaga.
Saroíche i gcónaí agus cuirtear fáilte mhór roimh chách!
Bígí leo!
4) ÉIGSE: Éigse na Tríonóide 2016 / Seomra Gaeilge & Cathair Bhaile Átha Cliath, Dé Luain 1 Feabhra – Dé hAoine 5 Feabhra, ag tosú ag a 10rn. Dé Luain.
Buail isteach do phancóga i Seomra na Gaeilge ag a 10rn Dé Luain, Lá Fhéile Bríde, in Ollscoil na Tríonóide, áit a gcuirfear tús le seachtain lán imeachtaí spreagúla Gaelacha.
Seachtain spraíúil spleodrach a bhíonn i gceist leis an Éigse gach bliain, agus i mbliana tá imeachtaí ó mhaidin go hoíche ar siúl a fhreastalóidh ar gach cineál spéise.
I measc na mbuaicphointí atá ann i mbliana ná tá Turais Ailtireachta agus Ealaíne; Éigse Thuar Ceatha le Micheál Ó Conghaile agus David Norris; Éigse Liteartha ag déanamh comórtha ar 1916; Fugitive na Gaeilge agus Oíche Mhór DJ le Trinity FM!
Tá fáilte roimh gach mac léinn. Clár imeachtaí agus tuilleadh eolais anseo.
5) COMHDHÁIL: Comhdháil na gCeoltóirí / Ostán Bhaile an Róistigh, Dúglas, Corcaigh, Dé Sathairn, 5 Feabhra óna 12-5in. *Súil chun tosaigh ar an tseachtain seo chugainn le go mbeadh sibh ullmhaithe a cheoltóirí!
Don chéad uair tá ‘Comhdháil na gCeoltóirí’ á reáchtáil i nGaeilge mar chuid d’imeachtaí ‘Bonn Óir Sheáin Uí Riada’, ina mbeidh réimse cainteoirí ó thionscal an cheoil páirteach ann.
Beidh ionadaithe ó IMRO, An Chomhairle Ealaíon, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Gael Linn i measc na gcainteoirí ar an lá, agus iad ag cur comhairle ar cheoltóirí traidisiúnta maidir le cúrsaí maoinithe, poiblíochta, árachais, cóipchirt, margaíochta agus foilsitheoireachta, i measc rudaí eile.
€5 an cead isteach, agus más spéis leat a bheith i láthair, cuir scéal chuig claru@cuireadhchunceoil.ie idir an dá linn.