5 imeacht Ghaelacha…

siamsa-rnag


1. LÉIRIÚ ILGHNÉITHEACH: ‘Teanga an Ghrá – 1000 Years of Irish Love’ / Ionad Ealaoín an Cresent, Bóthar na hOllscoile, Béal Feirste, anocht Dé hAoine 27 agus Dé Sathairn 28 Samhain, 8in

Teanga an Ghrá

Tá na Feirstigh millte leis an rogha siamsa an deireadh seachtaine seo.

Anuas ar imeachtaí Fhleadh Feirste (thíos), tá an compántas drámaíochta Guthanna Binne Síoraí – a bhain cáil amach as ucht scoth na léirithe dírithe ar shaothar Séamus Heaney – ar ais le seó amharclainne úrnua, a dhéanann ceiliúradh ar mhíle bliain den ghrá Gaelach.

Le cliar de cheoltóirí, filí agus amhránaithe móra an tsean-nóis, ina measc Síle Denvir, Aodán Ó Ceallaigh, Cathal Quinn agus Éamonn Galldubh, bígí ag súil le seó spleodrach mothálach a thabharfaidh léamh comhaimseartha físiúil ar an ghrá sa traidisiún amhránaíocht Gaeilge.

Costas: £10/£8 – faigh ticéad anseo.


2. FÉILE: ‘Fleadh Feirste’ / An Chultúrlann, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, inniu – Dé Domhnaigh 29 Samhain

ris_2

Tá féile na Ceathrún Gaeltachta faoi lán seoil agus scoth na n-imeachtaí beartaithe thar an deireadh seachtaine.

I measc na mbuaicphointí a chuirfidh splanc le cóisir cois cuain na bliana tá Seo Linn, a bheas ar stáitse anocht tar éis dóibh soilse na Nollag a lasadh ag 5in, Tadhg Mac Dhonnagáin, a sheolfaidh ‘Mise Raifteartaigh – An Fíodóir Focal’ agus a chuirfidh ceolchoirm thráthnóna i láthair Dé Sathairn agus réaltaí Chonamara Rís, a bheas ag rácáil leo ag an G-Spota in éineacht le príomhfhear Bréag, Caoimhín Mac Giolla Catháin, san oíche amárach ó 9in.

Léigh tuilleadh faoin Fhleadh anseo!


3. EALAÍN & CEOL: ‘Taispeántas le J.B Vallely’ / Gailearaí Ealaíne Sol, Sráid Dásain, BÁC, faoi láthair – 12 Nollaig

Valelly

Tá an fear ildánach Ard Mhacha Brian Vallely, ar dhuine de bhunaitheoirí Na Píobairí Uilleann é, beagnach 75 bliain d’aois agus é tar éis a shaothar is déanaí a sheoladh an tseachtain seo i ndánlann Sol sa phríomhchathair.

Chuaigh Brian leis an phéinteáil in 1950 agus tá a shaol caite ó shin ag plé le hábhair a bhaineann le hArd Mhacha, leis an cheol traidisiúnta agus le gnéithe éagsúla den saol Gaelach.

Go mairfidh tú an céad, a Bhriain!


4. CEOL, CRAIC & EILE: ‘An Cabaret Craiceáilte’ / Tigh Hiúdaí Bhig, An Bun Beag, Dún na nGall, Dé Sathairn, 28 Samhain, ó 9in

afresh

Beidh oíche go maidin ag lucht an Chabaret Oíche Shathairn agus fáilte mhór Chonallach á cur roimh Afresh, a bheas ag tabhairt a n-aghaidhe ar Thigh Hiúidí den chéad uair.

Bígí ag súil le rithimí blasta na Siombáibe, meascán mearaí de reigé, func agus ceol croíúil a chuirfidh an corp ag bogadaí.

Díreach ar ais ó chamchuairt timpeall na Gearmáine, beidh banphrionsa na n-amhrán Gráinne Holland as Béal Feirste ar ardán agus í i gcuideachta bhaill Réalta Deirdre Galway agus Conor Lamb.

I measc na mbuaicphointí eile, tá Dúchas, grúpa úrnua as Gaeltacht Chairn Tóchair, Co. Dhoire, an damhsóir sean-nóis Emma O’Sullivan, an t-amhránaí sean-nóis Brian Danny Minnie ó Domhnaill as Anagaire, buaiteoir Chorn na mBan na bliana seo Diane Ní Chanainn agus Claire Nic Ruairí a thug léi Corn Mháire Mhic Donnchadha, Rí Thóraí Patsy Dan Mac Ruairí agus an Feirsteach ildánach – amhránaí agus file – Seán ‘John Boy’ Ó Muireagáin!

Tuilleadh eolais anseo.


5. OÍCHE CHLUB: ‘11oth Street’ / Blue Note, Sráid Liam Thoir, Gaillimh, Dé Sathairn 27 Samhain, ó 10in

17

Tá cóisir mhór beartaithe in iarthar na tíre i dteannta Chian Uí Chíobháin, láithreoir An Taobh Tuathail ar RnaG agus Cyril Brisco, chun ceiliúradh a dhéanamh ar 17 bliain ó cuireadh tús leis an oíche chlub rathúil ‘110th Street’.

Díséad Iodálach/Gaillimheach Augustus & John a bheas in éineacht na beirte agus iad ag seoladh a LP nua Above Water Hull le seit beo.

Grá don cheol, don saol club agus don chairdeas a cóthaíodh ar an bhealach is cúis le hinmharthanacht 110th Street!

Mar réamhtheachtaí ar an chóisir, tá seinnliosta iontach curtha le chéile acu a ghríosódh an duine ba shocra agus ba suaimhní chun damhsa!

SCÉALTA EILE