1) CAINT: ‘Ag Spreagadh Réabhlóide in Éirinn 1912-16’/Coláiste Feirste, Páirc Radharc na bhFeá, Béal Feirste BT12 7PY, Aoine an Chéasta, 25 Márta, 1-3in.
Cad a spreag na réabhlóide sna blianta roimh 1916 agus cén tionchar a d’imir an athbheochan cultúrtha, na Fíníní agus na sóisialaithe ar imeachtaí an Éirí amach?
Pléifear seo, i measc ábhar eile, ag imeacht speisialta i gColáiste Feirste inniu, ina mbeidh Aindrias Ó Cathasaigh, scríbhneoir, Fergal McCluskey, scríbhneoir agus Ciarán Ó Brolcháin, gníomhaí teanga, i mbun na cainte.
Beidh aistriúchán ar fáil don té atá a iarraidh agus ceol ó bhanna Choláiste Feirste, Dúchas, chomh maith.
Mar sin tabhair leat do chairde agus cuirigí tús spreagúil le deireadh seachtaine na Cásca.
Tuilleadh eolais anseo.
2)ACLAÍOCHT:‘Gluaiseacht na Cásca’/ACLAÍ, Ionad tráchtála, Donnybrook , Corcaigh, Dé Sathairn, 26 Márta, 10-12in.
Más maith leat cur chuige réabhlóideach i dtaobh na haclaíochta, bí páirteach sa cheardlann seo le hAinle Ó Cairealláin, ina mbeidh sé ag roinnt a chuid saineolais i dtaobh na gluaiseachta.
Ní amháin go bhfuil buntáiste le baint agat as an chineál bogadh thart seo, ach molann Ainle é thar aon mhodh eile má tá suim agat a bheith sláintiúil, aclaí agus lúfar ar feadh do shaoil.
Dé Sathairn a bheas ann, agus ciallaíonn sin go mbeidh an dream ag tabhairt aghaidh ar mhargadh na feirme fá choinne gelato agus bia den chéad scoth!
Costas: €15 Fáilte roimh chách. Tuilleadh eolais anseo.
3) IMEACHTAÍ TEAGHLAIGH: ‘Radharc ar an Réabhlóid’/Conradh na Gaeilge, Lárionad Gaeilge, Bhaile Átha Cliath, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, Luan Cásca, 28 Márta, ó 11rn.
Beidh cainteanna, dráma, damhsaí, taibhithe, turais agus achan sórt ceiliúrtha faoin spéir ar siúl san ardchathair Luan na Cásca, mar chuid de cheiliúradh RTÉ 1916. (Féach ar an chlár do na himeachtaí ar fad!)
Má tá an t-ádh oraibh a bheith i lár an aonaigh, bígí cinnte cuairt a thabhairt ar Shráid Fhearchair, áit a mbeidh ceardlanna clódóireachta An Claidheamh Soluis ar siúl ó 11rn.
Tabharfar deis don teaghlach go léir dul i dtaithí ar an sean chló Gaelach, faoi mar a rinne eagarthóir na hirise, Pádraig Mac Piarais, tráth.
Anuas ar sin, léireofar an bhaint a bhí ag an Chonradh san Éirí Amach i dtaispeántas staire idirghníomhach agus beidh turais threoraithe á reáchtáil ar bhuille na huaire, idir 11rn-5in.
Imeachtaí teaghlaigh iad seo, fóirsteanach d’óg agus aosta ar aon.
Tuilleadh eolais anseo.
4) DRÁMA RÉABHLÓIDEACH: ‘An Filleadh’ le Alan Titley/Amharclann na Mainistreach, 26 – 27 Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath, Luan Cásca ag a 4in.
Cuirfear scoláirí ó Ghaelcholáiste an Phiarsaigh An Filleadh ar stáitse den chéad uair, Luan Cásca.
Dráma nuascríofa ag Alan Titley atá ann, a coimisiúnaíodh mar chuid d’Fhéile na Físe ag Seachtain an Gaeilge.
Díríonn An Filleadh ar na blianta roimh Éirí Amach na Cásca trí shúile teaghlaigh.
Is imeacht saor in aise é seo ach is gá ticéad a chur in áirithe.
Tuilleadh eolais anseo.
5) CÓISÍR 1916: ‘Ceiliúradh an G-spota ar Éirí Amach 1916’/Generator Hostel i Margadh na Feirme, BÁC 7, Dé Máirt 29 Márta, óna 7in – ar aghaidh!
Tá cóisir Ghaelach a dhíth ag gach mórócáid agus tá lucht Misneach ag eagrú G-Spota speisialta i mBÁC Oíche Dé Máirt, mar chuid den ceiliúradh ar Éirí Amach 1916.
Roimh an chóisir, beidh caint agus cur i láthair le gníomhaithe teanga na Breatnaise, ón eagraíocht Cymdeithas, (Cumann na Breatnaise) ag a 7in, a dhíreoidh ar an chineáil feachtasaíocht a mbíonn ar siúil acu thall.
Ina dhiaidh sin, óna 9 i.n., beidh caint, craic agus ceol ó Mhaitiú Ó Casaide (The Bonny Men), Fionnán Mac Gabhann (Skippers Alley), Lauren Ní Chasaide agus Na Taoisigh! HUP!
Mar is dual leis an G-Spota, tá fáilte roimh cách.
Tuilleadh eolais anseo.
Bíodh scoth an deireadh seachtaine agaibh!