5 Iontas na gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta

Díreach mar a bhíonn an tOireachtas ina bhuaicphointe i bhféilire na nGael, tá na Comórtais Náisiúnta Treabhadóireachta, atá ar siúl in Uíbh Fhailí faoi láthair, ar an ócáid is mó spraoi sa bhliain ag lucht feirmeoireachta.

Labhair an feirmeoir óg álainn Paula Melvin linn faoi na hiontais a mheallann na mílte gach bliain.


1) Na Comórtais Treabhadóireachta

Mar a mheallann comórtais Chorn Uí Riada agus Steip na sluaite ag an Oireachtas, tá na Comórtais Náisiúnta Treabhadóireachta ina dtarraingtí móra.

Caitear go han-dáiríre leo. Tá aoisghrúpaí áirithe i gceist leo agus tá réimse leathan comórtas ann sa treabhadóireacht féin, gan a bheith ag caint ar chomórtais bearradh caorach agus eile.

Bíonn slua mór daoine ann fosta, ar ndóigh, nach leagann cos riamh i ngaireacht scread asail do chomórtas ar bith.

Is féidir leat a bheith ag brath air go bhfuil siad ag an bheár, ag ól agus ag caint, díreach mar a bhíonn ag an Oireachtas.


2) Ceiliúradh ar shaol na tuaithe agus ar an uile ní a bhaineann leis

ploughing

Táthar ann a cheapann go bhfuil saol na tuaithe marbh.

Gabh chuig na Comórtais Náisiúnta Treabhadóireachta agus tuigfidh tú nach bhfuil bunús leis an mbarúil sin.

Deirtear go bhfuil na Comórtais ar an imeacht faoin spéir is mó san Eoraip.

Is cinnte go mothaíonn sé mar sin agus tú ann.

Ócáid trí lá atá ann.

Amárach an lá deiridh agus an lá is mó ó thaobh cuairteoirí de.

Mura mbíonn leat d’am a chaitheamh ag na comórtais, bíonn an oiread eile le feiceáil ann a bhaineann le faisean, bia agus cineálacha eile spraoi.

Bí cinnte go dtugann tú buataisí leat agus go n-íoslódálann tú an aip – beidh siad teastáil.


3) Feirmeoirí breátha

tractors

Má tá fear uait, bí ann. Gach seans go mbeidh airgead agus talamh níos fearr ag na feirmeoirí a bhfuil tarracóirí acu. Bí cinnte, mar sin, cuairt a thabhairt ar na seastáin tarracóirí.

An cheist is ceart a bheith ar bharr do theanga agat ná “Cén cineál tarracóra atá agat?”

“John Deere an tarracóir is fearr liomsa.”

Sin ráite, bí ag faire amach dóibh siúd a bhfuil an metal disease orthu.

Baineann an galar áirithe seo le daoine atá gafa le tarracóirí agus le gach rud a bhaineann leo.

Deirtear go dtiocfadh le daoine a bhfuil an galar seo orthu suas le ceathrú milliúin euro a chaitheamh gan stró ar bith ar threalamh tarracóra.


4) Éagsúlacht dochreidte ainmhithe

cow

Tá cuid mhór puball ann a bhfuil ainmhithe feirme de gach saghas iontu.

Ní bhfaighfidh tú, áit ar bith ná am ar bith eile sa tír, réimse chomh héagsúil de bheithígh, capaill, muca agus caoirigh agus a gheobhaidh tú ag na Comórtais Náisiúnta Treabhadóireachta.


5) Ard-atmaisféar

fest

Ó tharla go mbíonn feirmeoirí ag obair seacht lá na seachtaine chuile sheachtain sa bhliain, bíonn ard-atmaisféar ceiliúrtha le brath agus iad ar fad saor le linn laethanta na féile.

Buaileann daoine le chéile uair sa bhliain ag na Comórtais agus seans nach bhfeicfidh siad a chéile arís go ceann bliana eile.

Fiú don té atá aineolach, ba dheacair gan a bheith meallta ag an spraoi ar fad.

SCÉALTA EILE