Níl ach cúig lá fágtha agaibh ticéad a cheannacht d’Fhéile na Gealaí, a bheidh ar siúl den tríú bliain as a chéile i Ráth Chairn na Mí, sula n-ardófar praghas na dticéad arís. Ardaíodh an praghas ó “shraith 1”, €50, go “sraith 2”, €65 i ndiaidh Lá Fhéile Pádraig. Beidh deireadh le ticéid shraith 2 Lá Bealtaine agus beidh €80 ar thicéad campála ina dhiaidh sin.
Tá liosta le háireamh de cheoltóirí Gaelacha le bheith ag an bhféile cheoil Ghaeltachta an samhradh seo agus súil ag lucht a heagraithe na céadta Gael a mhealladh go machairí méithe na Mí. Ar na ceoltóirí a bheidh ann beidh Emma Ní Fhíoruisce, JJ Ó Dochartaigh, Dó Fá Dó, Scannal, Niteworks, Polca 4, An Crann Óg, Abhainn Bheara, Las, Smugairle Róin agus tuilleadh nach iad.
Tá dhá imeacht beartaithe ag an ngrúpa Liúnatics don fhéile, ‘Teic-Nós’, seit DJ agus cluichí tráthnóna Dé hAoine agus an ‘Ravechúrsa’, nó rave maidine i bpuball na féile maidin Dé Sathairn. Is iad Ailbhe Ní Riain ó Raidió na Life agus Cairbre Ó Cairealláin as Béal Feirste a bheidh i mbun na n-imeachtaí sin.
Beidh an grúpa filíochta REIC ag an bhféile arís i mbliana agus beidh trí stáisiún raidió, Raidió na Life ó Bhaile Átha Cliath, Raidió Fáilte ó Bhéal Feirste, agus Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ón láthair. Beidh Pod don Eolach, podchraoladh NÓS á thaifeadadh beo ag Féile na Gealaí freisin.
Beidh Oireachtas na Gaeilge ag reáchtáil imeacht ag an bhféile agus taispeántas le tabhairt ag iarbhuaiteoirí chomórtais an Oireachtais chomh maith le ceardlanna sa damhsa ar an sean-nós. Beidh imeachtaí ann do theaghlaigh freisin á n-eagrú ag Glór na nGael agus an fear grinn Giggles agus ‘Síog Scéalaíochta’ ar an láthair le siamsaíocht a chur ar fáil do pháistí.
Anuas ar an gceol, beidh imeachtaí siamsaíochta agus spraoi ann do dhaoine fásta freisin agus ‘cluichí páirce’ beartaithe ag lucht na féile. Beidh bungee run agus troid piliúr ann Dé Sathairn chomh maith le comórtas cúl sacair agus ceardlann ar an damhsa boilg.
Tá “forbairtí móra” déanta ag lucht a heagraithe ar láthair na féile ó bhí anuraidh agus arú anuraidh ann agus súil acu “cuma níos fearr” a chur ar an áit ná mar a bhí riamh. Beidh stáitse mór ann agus pubaill bhreise i mbliana, chomh maith le seastáin bhia agus Boogie Bus, bus mór a bhíonn ag díol deochanna teo agus ag casadh ceoil.
Beidh bannaí ceoil ag teacht ó Albain agus tá iarrachtaí ar bun ag Féile na Gealaí caidreamh idir-Ghaelach a shocrú agus muintir na hAlban a mhealladh go Gaeltacht na Mí. Tá lascainí ar fáil faoi láthair do mhuintir na hAlban atá ag iarraidh freastal ar Fhéile na Gealaí i mbliana.
Tá lascaine ann freisin do mhic léinn ollscoile ach cuirfear deireadh leis an lascaine sin i ndiaidh Lá Bealtaine. Ní mór do mhic léinn a bheith ina mball de Chumann Gaelach an choláiste le leas a bhaint as an lascaine sin.
Tá busanna eagraithe ó Bhaile Átha Cliath agus ó Bhéal Feirste le freastal ar an bhféile. Tá costas €20 ar thicéad bus ó Chlub Chonradh na Gaeilge go Ráth Chairn do bhaill an Chlub agus €25 ar thicéad do dhaoine nach baill iad. Beidh an bus ag fágáil ag 14.30 ar an 15 Meitheamh agus ag filleadh ar an ardchathair ag 15.00 ar an 17 Meitheamh. Beidh bus Bhéal Feirste ag fágáil tráthnóna Dé hAoine freisin agus costas £20 ar thicéad fillte ar an gceann sin.
Beidh comórtas á reáchtáil ag NÓS an tseachtain seo chugainn le dhá thicéad campála a fháil d’Fhéile na Gealaí.