5 leid bheaga do lucht freastail Fhéile na Gealaí

Tá níos lú ná 48 uair an chloig le caitheamh sula gcruinneoidh na sluaite Gael i Ráth Chairn na Mí le haghaidh Fhéile na Gealaí, an fhéile cheoil Ghaeltachta atá ag dul ó neart go neart ó chéadbhunaíodh í trí bliana ó shin. 

Le cúpla seachtain anuas tá eolas faoin bhféile mhór á sceitheadh ag lucht a heagraithe agus pobal na Gaeilge ar bís le deireadh seachtaine gréine a chaitheamh i gcomhluadar a chéile i nGaeltacht ghlas na Mí.

Tá muintir Ráth Chairn nach mór réitithe le fáilte a chur romhainn — beidh roinnt mhaith d’fhoireann NÓS i láthair chomh maith lenár cuid mhaith dár léitheoirí — agus beidh an chuid is eagraithe dínn pacáilte cheana don turas Dé hAoine, ach tá liosta beag curtha le chéile ag NÓS agus Féile na Gealaí leis na rudaí beaga tábhachtacha a mheabhrú daoibh.

1. Mála mór cannaí — tá cosc ar ghloine agus ar ghloiní ar an bpáirc champála, ná tabhair leat gloiní ná buidéil ghloine. Más maith leat an comhshaol/ózón a mhilleadh beidh cupáin phlaisteacha aonuaire ar fáil ar an láthair, ach bí sabhnd agus tabhair leat do dheoch i gcanna. 

2. Ceamara/fón — tá comórtas grianghrafadóireachta á reáchtáil ag Féile na Gealaí i gcomhar le NÓS i mbliana. Gheobhaidh buaiteoir an chomórtais péire ticéad d’fhéile na bliana seo chugainn chomh maith le puball ar luach €100. Tabhair leat an ceamara nó an fón ach as ucht Dé ort, tabhairt aire dó chomh maith!

3. Tuáille agus éadaí snámha (ceatha?) — murab ionann agus féilte ceoil nach bhfuil chomh maith céanna léi, beidh ceatha ar fáil ar an láthair do lucht freastail na féile, mar sin tabhair leat tuáille, Head and Shoulders agus an gallúnach is fearr leat (earraí Rí na Mara as an Spidéal, b’fhéidir?) le thú féin a níochán i ndiaidh oíche “aclaíochta” sa bpuball. Nod don eolach, is ceathanna oscailte iad seo agus b’fhearr le lucht eagraithe na féile dá gclúdódh tú do cholainn álainn mhatánach iontu — tabhairt leat togs!

4. Uirlisí ceoil — más ceoltóir thú tabhairt leat an uirlis cheoil is ansa leat, beidh seisiún ceoil ann Dé Sathairn sa gclub i mbaile Ráth Chairn féin dóibh siúd nach spéis leo freastal ar imeachtaí na féile ar an bpáirc féin agus beidh míle fáilte roimh cheoltóirí ann. Ach arís eile — tabhair aire do d’uirlis cheoil féin!

 

5. Uachtar gréine agus cóta báistí — féach, diabhal a fhios ag pleidhcí Mhet Éireann cén chaoi a mbeidh an aimsir i Ráth Chairn an deireadh seachtaine seo agus níl muide mórán níos fearr. Cé go bhfuil muid ag guí do na déithe Gaelacha le trí mhí anuas go mbeidh an aimsir againn d’Fhéile na Gealaí, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh díle Dé Sathairn agus brothall Dé Domhnaigh, bí cliste agus ná dearmad an dá rud i measc na gcannaí agus an ghealra. 

SCÉALTA EILE