Deirtear nach dtagann an Nollaig ach uair sa bhliain, ach tá go leor áiteanna timpeall na hÉireann ina bhfuil rian den fhéile mhór gheimhridh le brath ó thús deireadh na bliana – na bailte agus na háiteanna sin a bhfuil gné éigin Nollaigiúil sa logainm.
Cé nach bhfuil an oiread sin acu ann ar mhórbhunachar na logainmneacha atá ag Logainm.ie, tá roinnt logainmneacha Nollaigiúla bailithe ag Meitheal an tsuímh, an grúpa sin daoine atá a bhíonn ag bailiú na mionlogainmneacha atá ar gharraithe, bóithríní agus cúinní bóthair ar fud na tíre.
Níl ach sampla amháin ag Logainm.ie den fhocal ‘Nollaig’ féin i logainm – an baile fearainn ‘Buaile na Nollag’ in oirdheisceart chontae na Gaillimhe. Aisteach go leor, tá ‘Buaile na Nollag’ in aon pharóiste le ‘Buaile na Cásca’.
Tá téama na Nollag, nó ar a laghad an gheimhridh, le feiceáil sa liosta logainmneacha seo a chuir Logainm.ie ar fáil do NÓS.
Doire na Mainséar – Co Dhún na nGall

Tá an baile fearainn seo ar bhruach na Locha Fada i Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall. Áit a gcoinnítí gabhair atá i gceist leis an mír ‘Mainséar’ sa chomhthéacs seo, agus ní áit a dtugtar slánaitheoirí an chine dhaonna ar an saol.
Buaile na Nollag – Co na Gaillimhe

Mar a luadh thuas, níl ach sampla amháin den fhocal ‘Nollaig’ féin ar bhunachar Logainm.ie ach tá go leor samplaí de thráthanna eile bliana agus d’fhéilte ar an mbunachar céanna. Luaitear an Cháisc, féile eile Chríostaíochta, ann trí huaire, agus is iomaí logainm ina dtagraítear do na seanfhéile Ceilteacha ar nós Tamhnaigh Bhealtaine agus Doire Shamhna.
Christmas Tree Corner – Co na Mí

Seo ainm páirce i gcontae na Mí, ainm a bailíodh don togra ‘Ainmneacha Páirce na Mí’. Deirtear gur cruthaíodh na páirceanna timpeall an cheantair seo agus bóthar á thógáil aimsir an Ghorta Mhóir.
Bóthar na dTurcaithe – Co Phort Láirge

Tá Bóthar seo na dTurcaithe i mbaile na Trá Móire ar chósta Phort Láirge. Ar ndóigh tá daoine ann arbh fhearr leo dul go hInis na nGé i dtuaisceart Mhaigh Eo le haghaidh dhinnéar na Nollag, agus daoine eile a sheachnódh an éineoil ar fad i nGlasraigh chontae an Dúin.
Paróiste San Niocláis – Co Luimnigh

Tá fianaise áirithe ann go raibh paróiste a ainmníodh as Nioclás Mhíora i Luimneach na céadta blianta ó shin. Thit séipéal Niocláis naofa, a bhíodh taobh le Caisleán Eoin i lár na cathrach, as a chéile am éigin sa 17ú hAois. Níl fágtha anois den seanpharóiste sin ach ainm na sráide ar a mbíodh an séipéal – Sráid San Niocláis. Cruthaíodh an paróiste nua seo a ainmníodh as éarlamh na mairnéalach in 1991.