6 Imeacht Ghaelacha


1. TEACHT LE CHÉILE: Pop up Gaeltacht / MVP, Sráid Clanbrassil Uacht. BÁC, Déardaoin 25 Bealtaine @ 20:00

Is gearr go mbeimid ag preabadh i bhfochair a chéile ag Pop Up Gaeltacht na míosa seo san Ardchathair.

Is i dtábhairne MVP a bheidh an ócáid seo ar bun tráthnóna.

Bhí deis agam freastal ar ócáid na míosa imithe tharainn, agus cinnte is iontach an coincheap atá ann.

Gur fada buan iad lucht a eagraithe agus iad siúd a fhreastalaíonn air!

Bí i gcomhluadar na nGael ó 8in.


2. CEOLCHOIRM: Spats Colombo / Club Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Dé hAoine 26 Bealtaine @ 21:00

Tá sé ráite agam cheana agus déarfaidh mé arís é, is iontach an banna iad Spats Colombo.

Ón uair gur chonaic mé iad i mbun ceoil ar chlár Rónáin Mhic Aodha Bhuí ag an Oireachtas, bhíos tógtha leo.

Má tá tú féin tógtha leo, bí ar an eolas go mbeidh siad in Áras na nGael an Aoine bheag seo.

Má bhíonn tú i gCathair na dTreabh, bí leo!


3. CAINT: ‘Bláthú Scríbhneoireacht Amhrán Na Gaeilge / Éigse Éireann, Dé hAoine 26 Bealtaine @ 7in

Áit a mbíonn amhránaithe Gaeilge bíonn ardoíche a chairde!

An iarraidh seo is caint faoin amhránaíocht nua-aimseartha atá i gceist agus í á reáchtáil mar chuid d’Fhéile Litríochta Bhaile Átha Cliath, san ardchathair amárach, Dé hAoine.

An craoltóir ealaíon agus Eagarthóir Liteartha na hirise Comhar, Tristan Rosentock, a bheas i mbun cainte leis an rapaire Pádraig ‘MC Muipéad’ Ó Conghaile  agus leis an fhile agus ceoltóir Marcus Mac Conghail (thuas) faoi chumadóireacht amhrán i nGaeilge.

Ábhar a rachadh i bhfeidhm ar léitheoirí NÓS, táim cinnte de!


4. GIGEANNA: Josie Nugent, Brian Stafford, Máire Nuinseann agus Seán O’Donnell / Amharclann Theach Chúirt an Phaoraigh, BÁC, Déardaoin 25 Bealtaine @ 18:00; Gatehouse / Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn 27 Bealtaine @ 20:00

Ní bheidh aon easpa ceoil oraibh sna laethanta seo romhainn.

Ceol ó oirthear an Chláir a bheidh in Amharclann Chúirt an Phaoraigh tráthnóna, leis an bhfidléir Josie Nugent, i dteannta a fir chéile, Brian Stafford ar an bpíb uilleann agus a deirfiúr Máire Nuinseann ar an bhfliúit.

Beidh Seán O’Donnell á dtionlacan chomh maith ar an ngiotár.

Is mar chuid den tsraith ‘Siamsaíocht ag a 6’ atá an choirm seo á heagrú ag muintir Ghael Linn.

Is i mBéal Feirste a bheidh baill an bhanna Gatehouse ag cruinniú le chéile Dé Sathairn.

Sa Chultúrlann a bheidh siad sin ó 8in.

Táim cinnte go mbeidh cuid den gceol agus na hamhráin atá acu ar albam reatha an ghrúpa, Tús Nua, le clos.

Hup!


5. CEOLCHOIRM: Ceol ón gCroí / Amharclann Glór, Inis, Co. an Chláir, Dé Domhnaigh 28 Bealtaine @ 20:00

Tá Fleadh Nua 2017 ar bun in Inis, Co. an Chláir, faoi láthair – caith súil ar imeachtaí ar fad na féile anseo.

Thugas suntas d’ócáid amháin atá ar an gclár a bheidh ar bun an deireadh seachtaine seo: ‘Ceol ón gCroí / Music from the Heart’ atá baistithe ar an gcoirm, a thabharfaidh ceoltóirí oilte le chéile, sin iad Matt Cranitch, Jackie Daly, Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal O’ Connor agus Gerry O’Beirne.

Nach breá na ceoltóirí iad, déarfainn go mbeidh an-oíche ann. Cuimhnigh chomh maith nach bhfuil ach cúpla mí ann go mbeidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar bun sa bhaile céanna.

Beidh neart eolais faoi sin againn daoibh ar leathanaigh NÓS amach anseo!


6. TRÁTH NA gCEIST: ‘Harry Potter’ / Club Chonradh na Gaeilge, BÁC, Dé Céadaoin 31 Bealtaine @ 19:30

Seo imeacht iontach do lucht leannta eachtraí Harry Potter agus a chuid cairde.

An bhfuil na leabhair léite agaibh? An bhfuil na scannáin feicithe agaibh? An bhfuil gach blúire eolais faoi shaol agus faoi shaothar J.K Rowling ar barr do theanga agat?

Más ea, léirigh an méid sin do lucht eagraithe Thráth na gCeist Boird speisialta in ómós do Harry Potter a bheidh ar siúl Dé Céadaoin seo chugainn san Ardchathair.

Ná bíodh imní ort teacht leat féin, cuirfear ar fhoireann thú!


*Ná déanaigí dearmad faoi Fhéile Bhád Thraidisiúnta an Chladaigh atá ar siúl i nGaillimh freisin!

SCÉALTA EILE