6 Imeacht Ghaelacha


1. LÉAMH FILÍOCHTA: Fíochán Filí / Taibhdhearc na Gaillimhe, An tSráid Láir, Gaillimh, Déardaoin 22 Meitheamh @ 7in

Tá camchuairt filíochta ar bun ag muintir An Lab, ionad ealaíon Gaeilge an Daingin i gCorca Dhuibhne.

Is clár malartaithe de shórt atá i gceist leis na turais seo, a thugann filí Chorca Dhuibhne le chéile le filí na gcathracha a mbíonn siad ag tabhairt cuairte orthu.

Ceiliúradh ar thraidisiún seanbhunaithe Gaeltachta na filíochta agus ar fhás thraidisiún nuálach cathrach na Gaeilge atá i gceist.

Is i gCathair na dTreabh a bheidh siad anocht, áit a léifidh Simon Ó Faoláin, Dairena Ní Chinnéide (thuas) agus Louis de Paor a gcuid saothar do lucht féachana na Taibhdheirce.

Léigí tuilleadh faoi anseo.


2. CEOLCHOIRM: JJ Ó Dochartaigh agus Aidan Corrigan / Club Áras na nGael, Gaillimh, Dé hAoine 23 Meitheamh @ 9in

An bhfuil gormacha iar-Fhéile na Gealaí oraibh?

Má tá, ná bí buartha mar go mbeidh deis agaibh JJ Ó Dochartaigh agus cuid de rannpháirtithe na féile a fheiscint arís, ar láithreacha éagsúla, sna laethanta romhainn.

Beidh fear Dhoire, an t-amhránaí JJ Ó Dochartaigh, i mbun ceoil oíche Aoine i gClub Áras na nGael, Gaillimh.

Is é Aidan Corrigan a bheidh ag tabhairt tacaíochta dó.

Tá neart amhrán iontacha ar nós ‘Ná habair é, déan é’ cumtha ag JJ faoin nGaeilge agus iad ina spreagadh mór do lucht na Gaeilge.


3. FÉILE: Reic ag Body and Soul Féile Body & Soul, Contae na hIarmhí, Dé Sathairn 24 Meitheamh

Is mór an spreagadh a thug oirfidigh REIC na Gealaí dom féin agus don lucht féachana Dé Sathairn seo caite.

Beidh siad i mbun reaca arís an Satharn seo nuair a thabharfaidh Ciara Ní É agus a cliar aghaidh ar an bhFéile Body and Soul i gContae na hIarmhí.

Ina teannta beidh Séamus Barra Ó Súilleabháin, Eva O’Connor, Fearghal Ó Raifeartaigh agus Eoin P. Ó Murchú.


4. OÍCHE CHEOIL: Diane Ní Chanainn / An Club, Oileán Thoraí, Dé Sathairn 24 Meitheamh @ 9in

Beidh Oíche Fhéile Eoin ann Dé Sathairn seo ag teacht, agus más ar Oileán Thoraí a bheidh tú á cheiliúradh bí ar an eolas go mbeidh Diane Ní Chanainn ar an láthair!

Chan sí go binn ar stáitse i Ráth Chairn ag an deireadh seachtaine agus déanfaidh sí amhlaidh sa Chlub chomh maith!

Cuirfear tús leis an gceol ag a 9in agus leanfaidh sé go maidin!


5. CEOLCHOIRM: Seo Linn / Sráid an Bhiocáire, BÁC, Dé hAoine 23 Meitheamh @ 8in

Seo libh go Sráid an Bhiocáire le banna ár linne Seo Linn a fheiscint beo!

Is iad a bheidh i mbun na n-amhrán an Aoine seo dá lucht leanúna dílis.

Tá fáilte mhór curtha rompu siúd atá faoi 18 mbliana freastal ar an gcoirm, ach duine fásta bheith ina dteannta.

Ní hamháin go mbeidh Stiofán, Keith, Dáithí agus Kevin ag soláthar na gcnag, ach beidh ceoltóirí taca ar stáitse rompu.

Sin iad Liam Óg, Colm Gavin agus Tupelo!


6. OÍCHE GRINN: GaelGÁIRÍ / Róisín Dubh, Gaillimh, Dé Sathairn 24 Meitheamh @ 8.30in

Bí i measc na nGael greannmhara ag GaelGÁIRÍ na Gaillimhe an Satharn seo.

Julie Jay a bheidh ina bhean an tí don ócáid atá á reáchtáil sa Róisín Dubh.

Ba í Julie a bhuaigh Comórtas Fuirseoireachta na Féile Forbidden Fruit a bhí ar siúl ag tús na míosa, treise léi!

Is iad na fuirseoirí eile a bheidh ar stáitse ina teannta ná Áine Gallagher, Martin Angolo (príomhphic), Aideen McQueen (thuas), Danny Ryan agus Brian Gallagher.

Praghas thar a bheith réasúnta ar na ticéid, i mo thuairim féin, díreach €5, agus ní haon jóc é sin.

SCÉALTA EILE