1. TEACHT LE CHÉILE: Pop Up Gaeltacht / Saddle Bar, Lios Tuathail, Ciarraí, Dé hAoine 21 Iúil @ 19:00
Beidh Gaeil Chiarraí ag bailiú le chéile don dara Pop Up Gaeltacht sa Ríocht tráthnóna amárach.
Agus éirithe go seoigh ag an ócáid a eagraíodh i dtábhairne an scríbhneora John B. Keane an mhí seo caite, is i dtábhairne eile i Lios Tuathail, An Saddle Bar, a bheas an spraoi an uair seo.
Má tá fonn ort do chúpla focal, nó breis má tá sí agat, a úsáid, bí ann mar go mbeidh fáilte mhór roimh aon duine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge.
Preabaigí go minic agus preabaigí go hard a chairde Ciarraíocha!
2. CEOLCHOIRM: Rann-Nós Nua / Club Áras na nGael, 45 Sráid Dhoiminic, Gaillimh, Dé hAoine 21 Iúil @ 18:30
Is í Emer O’Flaherty agus a buíon cheolmhar, Paddy Mulcahy agus Angelo Heart, a thug leo an chéad áit sa chomórtas idirnáisiúnta d’amhráin nuachumtha ag an bhFéile Pan-Cheilteach níos luaite i mbliana, don amhrán ‘Taibhse’.
Tiocfaidh siad triúr arís le chéile amárach chun bailiúchán d’amhráin a chur i láthair na ndaoine i gClub Áras na nGael sa Ghaillimh mar chuid de ‘Galway Fringe’.
Is amhráin úra atá i gcuid de na hamhráin a bheidh acu agus is leaganacha comhaimseartha d’amhráin thraidisiúnta an chuid eile.
Is i stíl an tsnagcheoil agus cheol indie a bheidh na hamhráin cóirithe… go n-éirí leo!
3. FÉILE: Féile cheoil agus ealaíon SWELL / Ionaid éagsúla, Árann Mór, Co. Dhún na nGall, 21-23 Iúil
Mundy, Orchid Collective, The Emerald Armada, Máire Ní Bhraonáin as Clannad (thuas), IMLÉ agus Spats Colombo… sin díreach cuid de na bannaí a bheas le cloisteáil ag Féile Swell, in Árainn Mhór, Gaeltacht Dhún na nGall, an deireadh seachtaine seo!
Léigh tuilleadh faoi san alt seo.
4. OÍCHE FILÍOCHTA: Na Baird Nua-Aoiseacha / Amharclann Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall, Dé Sathairn 22 Iúil @ 20:00
Tiocfaidh cuid de na filí, ceoltóirí agus reacairí is nuálaí sa saol Gaelach le chéile i nGaoth Dobhair an tseachtain seo mar chuid d’Fhéile Ealaíne An Earagail.
Ceannródaithe i ndomhan na filíochta as an dá thaobh de Shruth na Maoile atá i gceist agus iad cruinnithe don imeacht spreagúil ‘Na Baird Nua-Aoiseacha’ Dé Sathairn.
Beidh IMLÉ agus Árchú i measc na mbannaí i mbun aicsin, dhá bhanna a bhíonn ag rapáil agus ag réabadh focal fud fad na tíre.
In éineacht leo beidh na hamhránaithe áille Kathleen McInnes (thuas), Síneag Nic an t-Saoir agus Pàdraig MacAoidh na hAlban.
Beidh comhoibriú Gaeilge-Gàidhlig le linn na ceolchoirme fosta mar go bhfuil aistriúchán déanta ag Eoghan Mac Giolla Bhríde ar dhánta Gáidhlig le linn na hoíche.
Tá €10/€12 ar an doras.
5. FÉILE: Féile Cheoil Fiddler’s Green / Ionaid éagsúla, Caisleán Ruairí, Co. an Dúin, 23-30 Iúil
Cloisfear ceol breá i Ros Treabhair, nó Caisleán Ruairí, i ndeisceart an Dúin ag tús na seachtaine seo chugainn nuair a chuirfear tús le féile Fiddler’s Green.
Beidh Ulaid, Breaking Trad (an fidléir Niall Murphy, thuas), Karan Casey, Martin Hayes agus Eddi Reader go léir ag glacadh páirte in imeachtaí na féile, atá ar an bhfód le breis agus 30 bliain.
I mbliana seolfaidh Na Leanaí – an chéad ghlúin eile de chlann cheolmhar Sands, a bhí lárnach i mbun na féile – an dara halbam acu Dé Céadaoin seo chugainn.
Branching Out is teideal dó agus táim ag súil go mór le cluas éisteachta a thabhairt do!
6. FÉILE: Scoil Samhraidh Mhic Reachtain / Áras Mhic Reachtain, 283-289 Bóthar Aontroma, Béal Feirste, 24 -28 Iúil
Cuirfear tús le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i dtuaisceart Bhéal Feirste an Luan beag seo agus mairfidh an spraoi go ceann cúig lá ina dhiaidh sin.
Tá an-cháil ar an bhféile seo as scoth na ranganna Gaeilge a reáchtáil do dhaoine fásta agus scoth an tsiamsa a chur ar fáil do chách.
Beidh amhránaithe agus ceoltóirí ó gach aon chearn den tír le feiceáil ar ardán Bharr a’ Tí in Áras Mhic Reachtain gach oíche den tseachtain!
I measc na mbuaicphointí sa gclár i mbliana, tá tionscnamh David Bowie ‘Réaltneach’ le IMRAM, ceolchoirm le IMLÉ, Dysania agus LAS (Catherine Ní Shuilleabháin ón bhanna sa phríomhphic), le hEnda Reilly agus Inni-K, agus le John Spillane agus Shane Hennessy.
Ó ranganna cruinnis, cainte agus gramadaí go ceardlanna amhránaíochta le Doiminic Mac Giolla Bhríde agus neart siamsaíochta eile, cuirfidh an cúrsa Gaeilge a reáchtálfar ó 10-4in gach lá cíocras foghlama ort!
Costas na seachtaine £40.00/£30.00, agus is fiú gach pingin de!