6 Imeacht Ghaelacha


1. SEOLADH: Dlúthdhiosca Ériu, ‘Réalta Reatha’ / Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Déardaoin 7 Meán Fómhair @ 20:00

Ádh mór leis an mbanna Ériu a bheidh ag seoladh a ndlúthdhiosca, Réalta Reatha, anocht sa Chultúrlann i mBéal Feirste.

Is amhráin Bhéarla agus Ghaeilge a bhíonn ag an triúr seo, Caoimhe Ní Chathail, Aodán Mac Shéafraidh agus Frank Cassidy, mar aon le foinn cheolmhara.

Seinnfear cuid acusan ag an seoladh tráthnóna agus beidh fíon ar fáil chomh maith, chun sláinte an bhanna seo a ól!

Fáilte roimh chách.


2. CEOLCHOIRM: IMLÉ / Probus, Sráid na bhFíníní, BÁC, Déardaoin 7 Meán Fómhair @ 19:00

Beidh baill IMLÉ le feiscint i mbun ceoil tráthnóna inniu chomh maith.

Is sa bhialann Probus ar Shráid na bhFíníní i mBaile Átha Cliath a bheidh siad don gcoirm seo a bheidh in oiriúint do spás na háite.

Bhí mé san áit seo cheana, agus creid uaim é, tá an bia blasta – mholfainn na platters feola!

Beidh clab go cluas oraibh má théann sibh ann!


3. GIG: Pádraig Jack / Club Áras na nGael, Gaillimh, Dé hAoine 8 Meán Fómhair @ 21:00

Is é Pádraig Jack a bheidh i mbun an cheoil i gClub Áras na nGael an Aoine bheag seo.

Bhí fear Inis Mór ag mealladh na ndaoine chuig an bPuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach an deireadh seachtaine seo caite, agus táim siúráilte gur mar sin a bheidh istoíche amárach chomh maith!

Is iad Pa Reidy agus Keith John ceoltóirí taca na hócáide agus na hoíche.

Tá clár spéisiúil imeachtaí leagtha amach ag muintir an chlub as seo go ceann tamaill.

Beidh ceoltóirí, leithéidí Spats Colombo, Cian Finn agus an dioscmharcach Will Softly ag tabhairt faoin ardán agus beidh ceiliúradh faoi leith don Oíche Chultúir ar bun acu chomh maith.

Gan trácht ar cheiliúradh speisialta ar shaothar an ghrúpa amharclainne, Na Fánaithe, ag deireadh na míosa seo.

Treise leo as an obair mhór atá ar bun acu!

Léifear tuilleadh faoi na himeachtaí sin ar fad, ar an leathanach seo, sna seachtainí romhainn, gan dabht.


4. CÚRSA: Dúisigh do Dhúchas / An Blascaod Mór, Ciarraí, 8-11 Meán Fómhair

Ta teacht le chéile suimiúil beartaithe don deireadh seachtaine ar an mBlascaod Mór, amach ó chósta Chiarraí… next parish, America.

Beidh deis ag rannpháirtithe iad féin a thumadh go hiomlán i nithe a bhaineann lenár gcultúr agus leis an spioradáltacht trí fhreastal ar cheardlanna a bheidh ar siúl trí mheán na Gaeilge.

Beidh deiseanna ann foghlaim faoin amhránaíocht, lúthchleasaíocht agus tóraíocht chomh maith – conas teacht ar bhia folláin agus é a ullmhú, mar shampla.

Beidh go leor saineolais eile á roinnt ag an lucht freastail agus eagraithe.

Is é an t-iar-iománaí do Loch Garman, an tráchtaire spóirt agus an cainteoir spreagúil, Diarmuid Lyng, atá ar dhuine d’áisitheoirí na hócáide seo, mar aon leis an taibhealaíontóir, scríbhneoir agus gníomhaí Siobhán de Paor, agus bean a thuigeann go maith tábhachtach an nádúir óna taithí féin a bheith i mbun sealgaireachta, sin í an luibheolaí Cearbhuil Ní Fhionnghusa.

Tá ticéid fós le fáil don deireadh seachtaine ag an leathanach Eventbrite seo.


5. CEOLCHOIRM: Muintir Mulcahy / Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Bhuirne, Dé Sathairn 9 Meán Fómhair @ 20:30

Tá sceideal breá imeachtaí do thréimhse an fhómhair leagtha amach ag an dream atá i bhfeighil ar Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh.

Sna míonna romhainn, beidh ceoltóirí ár linne ag triail ar Bhaile Bhuirne!

Beidh an Speallaire é féin, John Spillane, ag tabhairt cuairte ar an ionad; muintir Uí Chathasaigh chomh maith, na deirfiúracha Nollaig, Máire agus Mairéad; agus beidh bean a bhfuil cur amach maith aici ar an taobh sin tíre, Nell Ní Chróinín, ag ceol ann leis an mbanna Danú.

Is iad Muintir Mulcahy a bheidh le feiscint ann an deireadh seachtaine seo.

Mick agus a bheirt iníonacha Michelle agus Louise.

Tá stíl álainn ag an gclann ceolmhar seo, b’fiú iad a chlos má bhíonn sibh i ngar don gceantar Dé Sathairn.


6. CAMCHUAIRT: Rushad Eggleston agus Cormac Begley / Go náisiúnta, 10-23 Meán Fómhair

An bhfuil ceol na beirte Rushad Eggleston agus Cormac Begley cloiste agat?

Mura bhfuil caith súil ar an bhfíseán seo thuas, go ngeobhaidh tú blaiseadh.

Má thaitníonn leat, bí ar an eolas go mbeidh siad ar camchuairt timpeall na tíre ón Domhnach seo chugainn ar aghaidh.

Is i dtábhairní a bhfuil cáil an cheoil orthu, The Cobblestone i mBÁC agus Matt Molloy’s i gCathair na Mart, a bheidh siad, san ord sin, Dé Domhnaigh agus Dé Luain seo chugainn.

As sin go Gaillimh, Luimneach, An Clár, Uíbh Fháilí, Cill Channaigh, Ciarraí agus Corcaigh leo!

Sonraí ar fad na cuairte, thíosluaite:

Dé Domhnaigh 10 Meán FómhairThe Cobblestone Baile Átha Cliath
Dé Luain 11Matt Molloy’s, Cathair na Mart, Maigh Eo
Dé Máirt 12Tunes in the Church, Gaillimh
Dé Céadaoin 13Dolan’s, Luimneach
Déardaoin 14Rowan Tree Cafe Bar, Inis, Co. an Chláir
Dé hAoine 15 Tullamore Club Sessions, Co. Uíbh Fháilí
Dé Sathairn 16John Cleere’s Bar & Theatre, Cill Channaigh
Déardaoin 21Nellie Fred’s, An Daingean, Co. Chiarraí
Dé hAoine 22Connolly’s of Leap, Iarthar Chorcaí
Dé Sathairn 23UCC, Cathair Chorcaí

SCÉALTA EILE