6 Imeacht Ghaelacha!


Art i Nua-Eabhrac / Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste, Dé Céadaoin 18 Deireadh Fómhair @ 7in

Anocht i dtuaisceart Bhéal Feirste labhróidh Art Hughes ar a dhialann taisitil agus ar thaispeántas sceitseanna atá á chur le chéile aige ón bhliain a chaith sé i Nua-Eabharc mar Scoláire Fulbright 2009-2010.

Ba mar Ollamh Cuarta agus mar Scolaire Sinsreach Fulbright a chaith Art bliain sa cheannchathair i dTeach Glucksman Ollscoil Nua-Eabhrac ach chaith sé súil laethúil ar an ealaín agus ar a dhialann.

Is Léitheoir sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh an Dr Art Hughes faoi láthair agus is iomaí leabhar agus alt i gcló aige ar theanga agus litríocht na gcultúr Ceilteach.

Beidh craic agus cuideachta mhaith aige seo!


Siamsaíocht ag a 6 / Amharclann Chúirt an Phaoraigh, BÁC, Déardaoin 19 Deireadh Fómhair @ 6in

Cuirfear tús amárach le séasúr nua den tsraith Siamsaíocht ag a Sé, a eagraíonn Gael Linn.

Is in Amharclann Chúirt an Phaoraigh, in aice le Sráid Grafton, a bheidh na hócáidí rialta ceolmhara seo arís ar bun.

Tá ceoltóirí breátha fachta don gcéad choirm seo, le Manus McGuire, Emily Flack agus Éamonn de Barra i mbun na siamsaíochta.

Is maith an rud é go bhfuil an ócáid rialta phléisiúrtha seo ag filleadh, ádh mór leo!

*Tá an ócáid seo anois díolta amach… cuir do thicéad in áirithe go luath an chéad uair eile!


Pop up Gaeltacht / Lios Tuathail, Co. Chiarraí, Dé hAoine 20 Deireadh Fómhair @ 8in

Fógraíodh an tseachtain seo caite go mbeidh Pop Up Gaeltacht na míosa seo ar siúl i dtábhairne The Gingerman sa phríomhchathair, ar an Déardaoin deireanach den mhí, mar is iondúil.

Mura bhfuil tú in ann fanacht chomh fada sin, seo leat go Lios Tuathail i gCiarraí, mar gur ann a bheidh na Gaeil tráthnóna Dé hAoine!

Tigh Tábhairne Brosnan’s atá roghnaithe mar ionad dó seo, an 5ú hócáid dá leithéid sa bhaile sin – treise leo!


Éigse Chluainín 2017 / Cluainín Uí Ruairc, Co. Liatroma, 20-22 Deireadh Fómhair

Tá éagsúlacht bhreá leagtha amach don Éigse a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo i gCluainín Uí Ruairc.

Beidh Cabaret ar siúl ar an Aoine, le Rossa Ó Snodaigh mar fhear an tí.

I measc na n-aíonna a bheidh ag soláthar na siamsaíochta beidh an fuirseoir Aideen McQueen, an t-amhránaí Tara Mooney agus an banna ceoil Na Latchikos (thuas) faoi stiúir Aindrias de Staic!

Beidh cainteanna éagsúla ar siúl ar an Satharn sa leabharlann áitiúil, ar théamaí éagsúla, ina measc An Dara Cogadh Domhanda.

Seolfar leabhair chomh maith, agus mar chlabhsúr ar imeachtaí an lae, léireoidh Splódar, compántas drámaíochta áitiúil, dráma dá gcuid.

Is é Seosamh Ó Muirí a bheidh i bhfeighil ar shiúlóid stairiúil an Domhnaigh, chuig caisleán na háite.

Tá súil agam go mbeidh an aimsir leo, agus Ophelia bailithe léi….


Siúlóid + An Stail Gaelach, Na Gaeil Óga / Tigh an Chnoic @ 1.30in + Club Chonradh na Gaeilge @ 7in, Dé Sathairn 21 Deireadh Fómhair

Cé a roghnófar mar Stail Gaelach Na Gaeil Óga i mbliana?!

Gheobhaimid amach Dé Sathairn beag seo nuair a bheidh staileanna breátha san iomaíocht i gClub an Chonartha don teideal iomráiteach sin!

Is í Bláthnaid Ní Chofaigh a bheidh i mbun na gcrua-cheisteanna ina ról mar bhean an tí agus is mór an chraic a bheidh ann, shamhlóinn!

Tá siúlóid eagraithe ag an gcumann céanna i gcaitheamh an lae chomh maith.

Baileoidh cairde an chumainn – imreoirí, bainisteoirí, tuismitheoirí agus lucht leanúna – ag Tigh an Chnoic i Sléibhte Bhaile Átha Cliath le tabhairt faoi shiúlóid san aer úr.

Tá fáilte roimh chách, peataí san áireamh!


Conor Caldwell & Danny Diamond / Ceardlann @10rn + Ceolchoirm @7.30in, Cultúrlann Uí Chanáin, Doire, Dé Domhnaigh 22 Deireadh Fómhair

Tá ócáid cheolmhar beartaithe do Chultúrlann Uí Chanáin i nDoire an deireadh seachtaine seo.

Go luath ar an Domhnach beidh na ceoltóirí aitheanta traidisiúnta Conor Caldwell agus Danny Diamond i mbun ceardlainne fidle dóibh siúd atá ar mheán nó ar ard leibhéal ó thaobh an cheoil de.

An tráthnóna sin beidh an bheirt i mbun coirme agus le linn na hoíche taispeánfar an scannán The Long Road to Glenties a insíonn an scéal faoin bhfidléir ó Dhún na nGall, John Doherty, agus faoin uair ar bhuail sé leis an gceoltóir Pete Seeger sa bhliain 1964.

Nach deas an éagsúlacht!

SCÉALTA EILE