6+ Imeacht Ghaelacha


GaelGÁIRÍ / An Taibhdhearc, Gaillimh, Déardaoin 26 Deireadh Fómhair @ 19:00

Is mar chuid d’Fhéile Ghrinn Vodafone a bheidh fuirseoirí breátha ag insint scéalta agus jócanna greannmhara ar ardán na Taibhdheirce tráthnóna.

Is é Al Porter príomh-aoi na hoíche, le tacaíocht bhreá ó Julie Jay, Martin Angolo, Ger Stauton agus Áine Gallagher.

Is trí mheán na Gaeilge a bheidh an t-imeacht seo ar fad, éacht iontach atá le moladh, mar aon leis an méid go dtí seo atá bainte amach ag meitheal GhaelGÁIRÍ.

Gurb fada buan iad.

ticéid fós ar fáil d’ócáid na hoíche anocht – ná habair nár cuireadh ar an eolas sibh!


Pop Up Gaeltachtaí / Déardaoin 26 + Aoine 27 Deireadh Fómhair, ionaid éagsúla timpeall na tíre

Beidh comhluadar na nGael ar fáil i gcontaetha agus in ionaid éagsúla timpeall na tíre mar chuid de nós na bPreabGhaeltachta sna laethanta romhainn!

Is i dtábhairne an Gingerman a bheidh Pop Up Gaeltacht Dheireadh Fómhair Bhaile Átha Cliath ar bun tráthnóna.

Tábhairne iontach, atá ar an taobh ó dheas den gcathair, a mbíodh lucht Fhoras na Gaeilge agus Raidió na Life ana-thógtha leis tráth agus atá fós shamhlóinn, ainneoin athlonnú na n-eagraíochtaí go Sráid Amiens.

Tráthnóna chomh maith a bheidh lucht labhartha na Gaeilge ag bailiú in Inis Díomáin i gContae an Chláir, in Pot Duggans.

Beidh teacht le chéile míosúil Chorcaí ar bun i dtábhairne an Oval ar an Aoine chomh maith, agus beidh Pop Up An Dúin Theas ar siúl i gCaisleán Ruairí, sa Cloughmór Inn an oíche chéanna.

Mar sméar mhullaigh ar na himeachtaí sin ar fad, is i Nua-Eabhrac, i bhfad ó bhaile, a bheidh macasamhail de theacht le chéile ar siúl anocht, i Tavern William Barnacle, treise le lucht a eagraithe!

Níl deireadh go deo le dea-scéalta an nóis seo, spreagadh iontach – ba bhoichte mo shaol sóisialta dá n-uireasa!


Tóg an Mic / Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Baile Átha Cliath, Dé hAoine 27 Deireadh Fómhair @ 19:00

Is í Dairena Ní Chinnéide scríbhneoir cónaitheach Gaeilge Ollscoil Chathair Átha Cliath don mbliain acadúil 2017-2018. Go n-éirí a tréimhse léi!

Is í a bheidh páirteach in ócáid fhileata a bheidh ar bun sa chathair an Aoine bheag seo.

‘Tóg an Mic’ atá baistithe ar an imeacht agus sin go díreach a mholtar dóibh siúd a bheidh i láthair, mar go mbeidh deis ag an lucht féachana greim a bhreith air agus a gcuid filíochta féin a roinnt i rith na hoíche, tar éis do Dairena a cuid saothar a chur i láthair an tslua.

Eoin P. Ó Murchú a bheidh mar fhear an tí agus beidh tú in ann do chuid beorach/fíona/fuisce srl. a thabhairt leat mar go mbeidh polasaí BYOB i bhfeidhm.


Meanmanra / Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Dé Sathairn 28 Deireadh Fómhair, 10:00 – 17.30

Don tríú bliain as a chéile beidh an chomhdháil fealsúnachta Meanmanra ar siúl san Ardchathair.

Ócáid ar leith í seo a thugann réimse leathan cainteoirí agus saineolaithe le chéile chun plé a dhéanamh, agus ceisteanna a ardú, faoi iliomad ábhar, ar fad trí mheán na Gaeilge.

I mbliana is ar Champas Phádraig, DCU, a bheas Meanmanra ar siúl idir 10rn agus 5.30in.

Cuirfidh an tOllamh Ciarán Mac Murchaidh tús le cúrsaí an lae agus ansin beidh cainteanna ar gach rud ón tsíocanailís agus Fiantas an Bhlascaoid Mhóir go dtí an geilleagar agus Eoin Scot Ériughein.

Tabharfaidh an Dr. Liam Mac Amhlaigh caint ar an Athair Colmán Ó hUallacháin agus an Foclóir Fealsaimh, labhróidh Cormac Chambers ar fhealsúnacht pholaitiúil na Rúise agus beidh léacht san Iodáilis go fiú ón Dr. Floarea Virban ar an fhealsúnaí Ludwig Wittgenstein.

Is i Seomra D205, Campas Phádraig, DCU, a bheidh na cainteanna ar fad.


Brunch le Gaeilge BÁC / Monto Camden, Sráid Camden Uachtarach, Dé Domhnaigh 29 Deireadh Fómhair @ 13:00

An maith leat bheith ag ithe?

An maith leat bheith ag labhairt na Gaeilge?

Más rud é gur freagra dearfach atá tugtha agat ar an dá cheist sin, táim siúráilte go mbeidh suim agat in ócáid a bheidh ar siúl ar an Domhnach i mBaile Átha Cliath.

Beidh Brunch na Samhna á ithe ag dream sa bhialann Monto Camden atá ar Shráid Camden Uachtarach sa chathair.

Más mian leat bheith i láthair, déan teagmháil leis an ngrúpa a bhíonn i mbun eagraithe air, sin iad Brunch le Gaeilge BÁC ach ríomphost a sheoladh chucu ag brunchgaeilge@gmail.com nó teagmháil a dhéanamh leo ar Facebook.


An tOireachtas / Cill Airne, Ciarraí, spléachadh ar imeachtaí na Céadaoine, 1 Samhain

Tá súil agam go gcífidh mé sibh ar fad i gCill Airne, táim ar bís le tabhairt faoin Ríocht agus faoi fhéile mhór na nGael, An tOireachtas!

Bí ar an eolas go mbeidh go leor ar bun ar an gCéadaoin, an chéad lá d’imeachtaí na féile.

I measc na n-imeachtaí beidh an seoladh oifigiúil (a dhéanfaidh Aire Stáit na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Joe McHugh); bronnfar Duaiseanna Liteartha an Oireachtais, Gradam Uí Shúilleabháin agus na Gradaim Chumarsáide; agus seolfaidh Dara Ó Cinnéide leabhar nua Sheán Tadhg Uí Ghairbhí faoi TG4, Súil Eile.

Anuas air sin ar fad, craolfar Nuacht TG4 beo ón láthair agus cuirfear tús leis na comórtais, le comórtas na nAmhrán Nuachumtha do Dhaoine Óga.

Níl ansin ach imeachtaí na Céadaoine – beidh scata eile ar siúl i rith na seachtaine agus beidh sibh in ann léamh fúthu ar an leathanach seo an tseachtain seo chugainn.

Dála an scéil, ná déan dearmad ar eagrán na seachtaine seo de Beo ar Éigean – ina gcuirim féin, Áine agus Siún síos ar ár gcuimhní, smaointe agus mianta do na laethanta seo romhainn ag an Oireachtas!

SCÉALTA EILE