6+ Imeacht Ghaelacha

Oíche Airneáil / Teach Mhicí, Na Doirí Beaga, Dún na nGall, Déardaoin 9 Samhain @ 21:00

I dTeach Mhicí sna Doirí Beaga a bheidh an gabhar á róstadh tráthnóna agus ruaig á cur acu siúd a bheidh i láthair ar na gormacha iar-Oireachtais!

Oíche airneáil atá geallta ag mic léinn de chuid Ollscoil Uladh, atá i mbun na hócáide seo, dála an scéil.

Iarrtar ar dhaoine uirlis cheoil a bhreith leo, nó bheith ullamh le hamhrán a chanadh nó scéal a insint.

Tá fáilte ó chroí roimh chách!


Camchuairt Moxie / Dolan’s, Luimneach, Déardaoin 9 Samhain; Róisín Dubh, Gaillimh, Aoine 10 Samhain

Tá an banna breá ceoil MOXIE ar camchuairt i láthair na huaire, agus iad ag taisteal na tíre.

Is i Luimneach a bheidh siad tráthnóna, in ionad a bhfuil cáil an cheoil air, sin Dolan’s na cathrach.

Beidh an ceoltóir Síomha ag tabhairt tacaíochta dóibh agus iad ag seinnt sa Róisín Dubh i gcathair na Gaillimhe ar an Aoine.

Is ag deireadh na míosa ar fad a bheidh siad i nDroichead Átha agus i Sligeach, fód dúchais cuid de na baill.

Tuilleadh sonraí faoi na coirmeacha ar fad ach cuairt a thabhairt ar an leathanach seo!


An Fhéile Bheag Filíochta / Baile an Fheirtéaraigh, Ciarraí, 10-12 Samhain

Arís i mbliana tá clár breá leathan leagtha amach don bhFéile Bheag Filíochta ar an mBuailtín, a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine beag seo.

Is é seo an 11ú bliain don ócáid atá ag dul ó neart go neart, bliain i ndiaidh bliana.

Is ar shaothar a athar a bheidh Gearóid Ó Lúing ag díriú i Léacht na Féile dar teideal ‘Seán Ó Lúing agus a chuid filíochta’.

Beidh an grúpa ildánach IMLÉ ag seinnt i dTigh Bhric, le meascán de cheol nua agus cuid de na rianta atá le fáil ar vinil an bhanna, a seoladh go hoifigiúil ag an Oireachtas Dé hAoine seo caite.

Beidh an ceoltóir Ríona Sally Hartman in éineacht le Cian agus Pádraig ón mbanna ar an Satharn… mór an trua nach mbeidh mé in ann bheith ann!

Anuas air sin ar fad, seolfar leabhair agus pléifidh Séamus Barra Ó Súilleabháin agus Aifric Mac Aodha ceisteanna faoin fhilíocht bhéil agus faoin fhilíocht phinn leis an Dr. Tríona Ní Shíocháin ar phainéal díospóireachta.

Éagsúlacht bhreá, má bhíonn tú ar an leithinis, bí ar an eolas faoi.


Cabaret Queeráilte / Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn 11 Samhain @ 20:00

Mura bhfuil cur amach agaibh ar an gCabaret Queeráilte, caith súil air seo le blaiseadh a fháil de gach atá romhaibh amach an Satharn beag seo!

Tá oíche lán spraoi geallta don gcéad ócáid den tsórt a bheidh ar siúl mar chuid d’imeachtaí na Féile OUTBURST Queer Arts Festival i mBéal Feirste.

Is cabaret go díreach a bheidh ann, le go leor siamsaíochta i bhfoirmeacha éagsúla – drámaíocht, ceol agus greann, ar fad trí mheán na Gaeilge.

Deirtear liom go mbeidh cúpla banríon draig i láthair chomh maith, Madonna Kebab agus Cuntess Markebitch mar dhá shampla!

Beidh rince boilg ar bun, agus cloisfear filíocht agus aithriseoireacht chomh maith.

Is sa Chultúrlann a bheidh an t-aicsean ar fad.


Oíche Fhilíochta / Third Space, Margadh na Feirme, BÁC, Dé Domhnaigh 12 Samhain @19:00

Is i mbun aithrise ar a gcuid filíochta a bheidh triúr d’fhilí na Gaeilge tráthnóna Domhnaigh.

Is iad Mícheál Ó Ruairc, Réaltán Ní Leannáin agus Scott de Buitléir a bheidh i láthair sa Third Space i Margadh na Feirme.

Ní hamháin sin, ach beidh ceol agus amhránaíocht le clos chomh maith céanna, agus blaisíní bia ar fáil!

Tabharfar an t-airgead ar fad a bhaileofar do charthanachtaí áitiúla, sin iad Tearmann na Siúrach Stan agus Ionad Lae Ord na gCaipisíneach.


Crash Test Caint #8 / An Axis, Baile Munna, Dé Céadaoin 15 Samhain @ 19.00

Tugtar cuireadh duit bheith i láthair don ochtú hócáid atá eagraithe sa tsraith Crash Test Caint!

Uair sa mhí, bailíonn daoine le chéile i mBaile Munna chun bheith ag labhairt na Gaeilge – roghnaítear téama agus pléitear é, agus tuilleadh!

Is cuma cén sórt Gaeilge atá agat, ná bí buartha faoi do chaighdeán.

Bí ann agus labhair amach… ceist ar bith agat, déan teagmháil leo ag crashtestcaint@gmail.com


Ag féachaint chun cinn…

Thatchers of the Acropolis / Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Déardaoin 16 Samhain @ 21:00

Beidh an banna Thatchers of the Acropolis ag seinnt i mBéal Feirste seachtain ó inniu, an 16ú Samhain.

Beirt aithreacha, beirt mhac, is beirt darb ainm Naoise a rachaidh ar stáitse na Cultúrlainne chun ómós a thabhairt d’amhráin ‘nuasheanda’ Mhúscraí, agus chun scaoileadh lena func-racht leictreonaice trí phíosaí úrchumtha a chur i láthair.

Tuilleadh faoi seo ar an tseachtain seo chugainn!

SCÉALTA EILE