6 Imeacht Ghaelacha


Aisling? An Ród Romhainn / Amharclann Ghaoth Dobhair, Dé hAoine 8 Nollaig @ 20:00

Bhí fuadar anuraidh faoin léiriú ilmheáin Aisling?, nuair a thug cliar an taispeántais faoi chamchuairt timpeall na tíre.

Seó cultúir atá i gceist leis seo, inar déanadh scéal na Gaeltachta a fhiosrú go taibhsiúil le saothar nua-choimisiúnaithe ó ealaíontóirí éagsúla, ina measc Méabh Ní Bheaglaoich, Pól Ó Ceannabháin, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Máiréad Ní Mhaonaigh.

Ní ansin ach blaiseadh beag de na hoirfidigh a bhí bainteach leis.

Darach Mac Con Iomaire stiúrthóir agus coimeádaí an tsaothair seo, agus tabharfar léargas eisiach ar an bpróiseas forbartha a bhain leis an mór-thogra seo in Amharclann nua Ghaoth Dobhair ar an Aoine bheag seo.

Bí ann gan teip.


Ócáid do leanaí le Diarmuid de Faoite & Nuala Ní Chanainn / Leabharlann an Lexicon, Dún Laoghaire, Dé Sathairn 9 Nollaig @ 14:30

Beidh an t-aisteoir Diarmuid de Faoite agus an ceoltóir Nuala Ní Chanainn i láthair d’ócáid scéalaíochta in oiriúint do dhaoine óga ag an deireadh seachtaine atá á heagrú ag Grúpa Spraoi Tuismitheoirí agus Leanaí Ghlór na nGael, Deisceart Átha Cliath le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge – Foras na Gaeilge, Glór na nGael agus Féile IMRAM.

Beidh scéalta á n-insint, amhráin á gcanadh agus saothar Phádraic Uí Chonaire á chur i láthair an phobail ar shlí dhrámatúil cheolmhar.

Is dírithe ar leanaí ó 5 bliana d’aois ar aghaidh atá an t-imeacht seo.


Cóisir na Nollag / Ionad Ealaíon Duncairn, Béal Feirste, Dé Sathairn 9 Nollaig @ 20:30

Fan go gcloisfidh sibh liosta na gceoltóirí breátha a bheidh ag bailiú le chéile in Ionad Ealaíon Duncairn i mBéal Feirste Dé Sathairn seo chugainn!

Beidh cóisir mhór na Nollag ar bun ann le hAlan Doherty, Pauline Scanlon, Tola Custy, Donogh Hennessy agus anuas air sin ar fad, beidh an banna ceoil Ye Vagabonds ina gceoltóirí taca!

D’eisigh an banna seo a gcéad EP i gcaitheamh na bliana agus shamhlóinn go mbeidh rianta ón albam nua le clos le linn na coirme speisialta seo.


Pop-Up Gaeltacht / Coláiste na Tríonóide, BÁC, Dé Luain 11 Nollaig @ 19:30

Tá mí na Nollag buailte linn agus fós féin tá borradh as cuimse faoi Phop-Up Gaeltachtaí na tíre… agus an domhain!

Beidh mic agus iníonacha léinn Choláiste na Tríonóide ag teacht le chéile Dé Luain seo chugainn ar an gcampas, i dtábhairne an Pavilion.

Bí i measc lucht an choláiste, ní gá duit a bheith cláraithe mar scoláire le spraoi a bhaint as an gcaint agus as an gcomhluadar!


Ócáid sheolta Comhar agus LeabhairCOMHAR / Acadamh Ríoga na hÉireann, BÁC, Dé Luain 11 Nollaig @ 18:00

Tá ár dTaoiseach Leo de Varad feicthe againn i bpictiúir go leor i rith na seachtaine agus é i láthair ag ócáid na Preab-Ghaeltachta a bhí ar siúl Déardaoin seo caite.

Is é a bheidh i láthair ag ócáid eile Ghaelach an tseachtain seo chugainn, nuair a sheolfaidh sé an leabhar nua ó Mháire Whelton, Leathbhádóirí, agus móreagrán mhí na Nollag den iris ‘Comhar’.

Is in ionad álainn Acadamh Ríoga na hÉireann a bheidh an ócáid ar bun, agus más mian leat a bheith i láthair ní mór duit teachtaireacht a sheoladh chuig iriscomhar@gmail.com roimh dheireadh an lae amárach!


Seoladh ‘Riobard Mac Góráin, Ceannródái Ildánach’ / Taisce Cheol Dúchais Éireann, BÁC, Dé Máirt 12 Nollaig @ 18:00

Beidh seoladh an leabhair nua ó pheann an údair Máire Nic Fhinn ar bun an tseachtain seo chugainn.

Riobard Mac Góráin, Ceannródái Ildánach an teideal atá ar an saothar a fhiosraíonn an ról lárnach a bhí ag Mac Góráin in athbheochan na Gaeilge agus an cheoil dhúchais in Éirinn ó thús na 50í seo caite, go háirithe le linn a thréimhse mar ardfheidhmeannach ar Gael Linn.

Tá cuntais faoi leith sa saothar seo ó cheoltóirí, ó chairde agus ó chomhghleacaithe Mhic Góráin.

Cathal Goan a dhéanfaidh é a sheoladh, agus is iad Coiscéim na foilsitheoirí.

Bí i láthair ag an imeacht seo i dTaisce Cheol Dúchais Éireann ar Chearnóg Mhuirfean, áit a mbeidh ceol beo, fíon agus sólaistí ar fáil.

SCÉALTA EILE