6 Imeacht Ghaelacha

1) MARGADH: Aonach Ceardaíochta na Nollag le Blackstaff Arts / Stiúideo ArtCetera, Sráid Rosemary, Béal Feirste, Dé Sathairn 10 Nollaig @11rn – 5in

Má tá tú ag cuardach bronntanas lámhdhéanta as an ngnáth beir leat do sparán chuig margadh seo na Nollag atá á reáchtáil ag Gaeil agus díograiseoirí ealaíne áitiúla i mBéal Feirste.

Ar díol, beidh seodra le Lón Dubh (thuas), éadaí, earraí ceirmeacha, coinnle, olaí suathaireachta, cácaí milse agus go leor leor eile.


2) CAMCHUAIRT CHEOIL: Cormac Ó Beaglaoich agus Caoimhín Ó Raghallaigh / Ionad Ealaíon an Riverbank, Droichead Nua, Cill Dara an 9 Nollaig, agus in Ionad Ealaíon Loch Garman an 10 Nollaig

12 consairtín agus 4 fhidil a bheas sa bhúit ag an bheirt cheoltóirí aitheanta seo agus iad ar camchuairt ar fud na tíre.

Cuirfear tús leis an chéad cheolchoirm i gCill Dara san oíche amárach agus beidh ceolchoirm ar siúl acu in áit éagsúil gach oíche go dtí an 18 Nollaig, nuair a thiocfaidh siad le chéile don oíche dheireanach sa Róisín Dubh i gCathair na dTreabh.

Sároíche cheoil atá geallta i dteannta Chaoimhín Uí Raghallaigh, duine d’fhidléirí The Gloaming, agus Chormac ‘Na gConsairtíní’ Uí Bheaglaoich.


3) Scoil Chartaí / Cumann Chluain Ard, 27-43 Sráid na Sceiche, Béal Feirste, Dé Céadaoin 14 Nollaig @ 9in

Beidh olloíche chártaí ar siúl Dé Céadaoin seo chugainn i gCumann Chluain Ard agus an scoil nua chártaí ag teacht chun deiridh roimh bhriseadh na Nollag.

‘Cúig Fichead’ an t-ainm atá ar an chluiche a imrítear agus tá fáilte roimh chách chuig an tábla imeartha, is cuma más glanthosaitheoir, foghlaimeoir nó saineolaí thú!

Oíche shultmhar le Gaeil bhreátha í seo agus tá tuilleadh eolais faoin chluiche le fáil anseo.


4) IMRAM: Tae i dteannta an Aba / Ionad Skainos, 241 Bóthar Bhaile Nua na hArda, Béal Feirste, Dé hAoine 9 Nollaig 2016 ag 7.30in

Beidh IMRAM ag léiriú a seó il-mheáin nua a dhéanann ceiliúradh ar an Haiku i mBéal Feirste san oíche amárach.

Beirt cheardaithe Haiku atá páirteach sa taibhiú speisialta seo: John McDonald as Albain agus an scríbhneoir agus file aitheanta Gabriel Rosenstock, a chuir cnuasach álainn Haiku amach i nGaeilge na hÉireann agus Béarla na hAlban, Tae Wi The Abbot / Tae i dteannta an Aba.

I dteannta na haijin (filí haiku), beidh an giotáraí Enda Reilly agus Margaret Lonergan, ealaíontóir agus dearthóir a lasann splanc fhísiúil faoi sheónna IMRAM.

Tá saorchead isteach chuig an dá sheó agus ní gá ticéad a chur in áirithe.

Áit a mbíonn IMRAM, bíonn ardoíche ann!


5) LÉIRIÚ: Aisling? / Áislann Ghaoth Dobhair, Dún na nGall, 10 agus 11 Nollaig @ 8in

Tá an-chaint faoin léiriú amharclannaíochta nua seo ‘Aisling?’, faoi stiúir Dharach Mhic Con Iomaire.

Déantar scéal casta réigiúin Ghaeltachta na hÉireann ó 1916 i leith a chíoradh. Beidh ‘Aisling?’ á léiriú i spásanna taibhithe nach bhfuil traidisiúnta, ar nós urlár monarchana.

Tá Máiréad Ní Mhaonaigh, Pól Ó Ceannabháin, Méabh Ní Bheaglaoich, Johnny Óg Connolly, Breandán de Gallaí agus lear mór réaltaí eile ó Ghaeltachtaí ar fud na tíre tagtha le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhís cheannairí 1916.

Faigh ticéad anseo!


6) TEACHT LE CHÉILE: Meitheal Oibre an Chlub / Club an Chonartha, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, Dé Domhnaigh 11 Nollaig @ 9rn

Tá daoine breátha díograiseacha á dtabhairt le chéile maidin Dé Domhnaigh le hathchóiriú a dhéanamh ar Chlub an Chonartha i mBÁC in am do cheiliúradh na Nollag.

Tiocfaidh an grúpa le chéile ag 9rn maidin Dé Domhnaigh agus, idir ghlanadh, phéinteáil agus mhaisiú na háite, beidh neart le déanamh chun lá maith oibre a chur isteach.

Beidh trealamh, miotóga agus ábhar glantacháin go leor ann do chách!

Tabhair cara leat, nó cairde, mae is mó daoine is fearr!

Ar scáth a chéile a chuirfear cuma álainn ar an Chlub!

SCÉALTA EILE