1) CEOLCHOIRM: IMLÉ/ The Wiley Fox, 28 Cé Éidin, BÁC, Déardaoin 9 Feabhra @ 20:00
Mar chuid d’imeachtaí Éigse na Tríonóide, beidh an banna ceoil IMLÉ ag tabhairt faoin stáitse san Ardchathair anocht (Déardaoin)!
Tiocfaidh Seachtain na hÉigse chun críche leis an gceolchoirm seo i dtábhairne The Wiley Fox atá ar Ché Éidin.
Beidh an banna Moogee, a bhfuil baill an bhanna ag freastal ar Choláiste na Tríonóide, le clos rompu mar bhanna tacaíochta.
Seachtain ó inniu, ar Shráid Fhearchair, beidh IMLÉ le feiscint arís i mbun ceoil, sa Siopa Leabhar.
Tabharfaidh siad faoin mbóthar i mí an Mhárta chomh maith, ag stopadh i nGaillimh, in Áras na nGael; i dtábhairne Doyles i mBÁC do na Ruby Sessions; agus sa Chultúrlann i mBéal Feirste cúpla lá ina dhiaidh sin arís.
Go n-éirí leo – táim ag súil go mór le hiad a fheiscint i Ráth Chairn d’Fhéile na Gealaí i mí an Mheithimh.
2) TEACHT LE CHÉILE: Gaeilge le Chéile/Tigh Mhadáin, Smithfield, Béal Feirste, anocht, Déardaoin @ 20:00
Bígí ar an eolas go mbíonn teacht le chéile gach dara Déardaoin i dTigh Mhadáin, Béal Feirste do Ghaeil na cathrach.
Is oíche shóisialta atá i gceist, ceol agus ól, agus is cuma faoi chaighdeán do chuid Gaeilge – chomh fada is go ndéantar iarracht! Fáilte mhór romhaibh bhur n-uirlisí ceoil a bhreith libh.
3) CEOLCHOIRM: ‘BAN BAM aka ‘Inni-K, Ríona Sally Hartman agus SELK’/Whelans, BÁC, Dé hAoine 10 Feabhra 2017 @ 8p.m.
Nach deas an teideal BAN BAM do cheolchoirm le triúr ban mhisniúla? Is iad na mná a bheidh i mbun ceoil i Whelans amárach ná Inni-K, Ríona Sally Hartman and SELK.
Cloisfear iad duine ar dhuine agus ansin ag an deireadh tiocfaidh siad triúr le chéile do sheit deireanach na hoíche.
Beidh trí bhanna éagsúla ina dteannta agus saothar nua-chumtha atá geallta uathu ar fad. Cumhacht na mBAN BAM abú!
4) FÉILE: Imbolc/Ionad Cultúrtha Mhúscraí, Baile Bhuirne, Corcaigh, 10 agus 11 Feabhra.
Ted Talks na Gaeilge a chuala comrádaí de mo chuid ag tabhairt ar an bhféile Imbolc. Comhdháil inspioráideach na Gaeilge a thabharfadh daoine eile air. Pé cur síos a dhéanfar air, is fiú cinnte a bheith ar an eolas faoi!
Le linn an imeachta bhliantúil seo, bíonn cainteoirí a bhfuil obair agus taighde ceannródaíoch ar bun acu i réimse leathan earnálacha ag labhairt faoina gcuid saothar.
I gcaitheamh an lae ar an Satharn beidh an cócaire gairmiúil Máirtín Mac Con Iomaire, Sorcha Nic Mhathúna atá ina Bainisteoir Cumarsáide le hOxfam na hÉireann, an t-iriseoir Ruadhán Mac Cormaic agus an ceoltóir Caoimhín Ó Raghallaigh i mbun cainte.
Tar éis lóin tabharfaidh triúr eile faoin ardán, sin iad Ruth Nic Aibhne atá ag obair i gcumarsáid na heolaíochta, an léachtóir Ciarán Mac an Bhaird agus an déantóir scannán Dónal Ó Céilleachair.
Taispeánfar saothar Dhónail, Ó Dhúthaigh Mhúscraí, tar éis a chuid cainte. Seo clár faisnéise a fhiosraíonn an ceangal atá ag saothar ealaíontóirí Mhúscraí le tírdhreach an cheantair, agus a dhéanann iniúchadh ar phróiseas na healaíne.
Beidh ceolchoirm le duine des na cainteoirí, Caoimhín Ó Raghallaigh, ar siúl san Ionad Cultúrtha (suíomh na n-imeachtaí ar fad) oíche Aoine chomh maith, le tús a chur i gceart leis an bhféile!
5) TURAS: ‘Do na Vailintíní Singile‘/ ag teacht le chéile Óstán an Chalafoirt (The Harbour Hotel), Dé Sathairn 11 Feabhra ag a 11.30rn.
Agus Lá Fhéile Vailintín ag teannadh linn, tá turas iontach dírithe ar dhaoine singile á reáchtáil i nGaillimh, a tharraingíonn ar an chuid is fearr de bhia, deoch agus áilleacht na cathrach.
Comhfhiontar atá sa turas idir Galway Food Tours, a bhfuil a ainm in airde acu as scoth na dturas bia, agus Connemara Pub Tours. Má tá sibh singil agus ar lorg eispéireas ar leith ar dheireadh seachtaine Lá Fhéile Vailintín, siar go Gaillimh libh!
6) CEOLCHOIRM: ‘Oíche ceol ar lá an ghrá’/Lab an Daingin, Dé Máirt, 14 Feabhra, Lá Fhéile Vailintín @ 20:00
Ó dheas i Lab an Daingin, beidh amhráin bhreátha faoi ghrá le clos ar Lá ‘le Vailintín! Ná bí imníoch, ní haon amhráin faoi chrá croí iad, a chuirfeadh gíoscán fiacla nó gol oraibh!
Ach amhráin ghrá éadroma spraíúla. Gealltar nach mbeidh aon ochón le clos agus aíonna na hoíche ar stáitse.
A leithéid d’aíonna chomh maith – Éilís Ní Chinnéide (a bhfuil albam álainn nua díreach eisithe aici – ‘Westward’ agus comhghairdeas léi!), Iarfhlaith Ó Murchú, Tricia Moriarty, Muireann Nic Amhlaoibh, Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh, Gerry O’Beirne, agus Simon Ó Faoláin. Rachaidh an t-airgead ar fad a bhaileofar chuig Cuan Counselling, seirbhís chomhairleoireachta do dhaoine óga atá ag cur fúthu in Iarthar Chiarraí.
Bíodh deireadh seachtaine den scoth agaibh go léir!