6 Imeacht Ghaelacha



1.) FÉILE: ‘Gafa’/Áras Mhic Reachtain, Bóthar Aontroma, Béal Feirste 17 – 18 Feabhra.

Seo Linn agus Scannal a lasfaidh splanc leis an fhéile nua ‘Gafa’ i dtuaisceart Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo.

Cuirfear tús leis an scléip Dé hAoine agus leanfar le scoth na n-imeachtaí thar an deireadh seachtaine.

Tar éis an oiread ratha a bhí ar Liú Lúnasa, a reáchtáladh in iarthar Bhéal Feirste, tá pobal Gaeilge thuaisceart na cathrach i mbun gnímh agus féile chultúrtha spleodrach á cur sa tsiúl acu an deireadh seachtaine seo.

I measc buaicphointí sa chlár, tá Siúlóid Bheann Mhagadáin, ceardlann mhachnaimh, oíche scannáin agus caint, lá spraoi do pháistí agus níos mó!


2.) FÉILE: Tionól Amhránaíochta Bhéal Feirste/ An Droichead, Bóthar Ormeau, Béal Feirste, 17-18 Feabhra.

Sna sála ar Shean-nós na Fearsaide, tá ócáid eile amhránaíochta beartaithe do Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo.

Déanfar ceiliúradh ar stór mór amhrán Chúige Uladh ag an ócáid dhá lá seo. Beidh seisiúin amhránaíochta ar bun, cainteanna ar stair na n-amhrán agus ceolchoirm mhór oíche Shathairn mar chlabhsúr ar na himeachtaí.

Cathal O’ Neill, Doiminic Mac Giolla Bhríde agus Helen Diamond a bheidh i measc na gceoltóirí a bheidh ag soláthar an cheoil.


3. COMHDHÁIL DRÁMAÍOCHTA AGUS TEILIFÍSE : ‘Ó Chleamairí go Ceamaraí/ All Hallows DCU, BÁC 17-18 Feabhra.

Maidin Aoine a chuirfear tús le comhdháil drámaíochta agus teilifíse i nDroim Conrach na hArdchathrach.

‘Ó Chleamairí go Ceamaraí’ atáid ag tabhairt air.

Beidh réimse leathan ábhar idir chamáin acu siúd a bheidh páirteach agus i láthair.

I measc na n-ábhar beidh ‘Drámaíocht do Dhaoine Óga’, ‘Na hEalaíona Béil Traidisiúnta’ agus ‘An Fhilíocht ar an Scáileán’.

Todhchaí TG4 a bheidh faoi chaibidil ag Tristan Rosenstock agus a phainéal tráthnóna Aoine agus craolfar an clár, (Cormac ag a Cúig), beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ar an bpainéal, beidh Alan Esslemont (Ardstiúrthóir TG4), Seán Tadhg Ó Gairbhí (Tuairisc.ie), Niamh Ní Bhaoill (Sibéal Teo.) agus Seán Ó Cualáin (Sónta Teo.).

Cad atá i ndán do thodhchaí TG4 – an chéad 20 bliain eile? Is fiú go mór súil a chaitheamh ar na cainteanna ar fad eile, ach cuairt a thabhairt ar: comhdhail.blogspot.ie


4. TAISPEÁNTAS: ‘Ó Chill Chaoil go Carna’/ Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna, ó 17-21 Feabhra.

Seolfar taispeántas suimiúil grianghrafadóireachta an Aoine seo, agus is iontach an scéal a bhaineann leis. Is pictiúir d’iascairí Charna a tógadh siar sa bhliain 1959 a bheidh ar taispeáint.

Sna 50í, cheannaigh Gael Linn báid d’iascairí Charna, tráth a raibh deacrachtaí acu slí mhaireachtála a bhaint amach de bharr coimhlinte idir iad agus na trálaeir mhóra.

Bailíodh cuid de na báid ó Chontae an Dúin sa bhliain ’59, nuair a thug cúig iascaire agus a leathbhádóirí aghaidh ar Chill Chaoil. Bheartaigh triúr innealtóirí, Bill Quinn ina measc, go rachaidís leo ar an turas thar n-ais go Carna.

Rug Bill leis a cheamara agus tá na grianghraif a thóg sé mar chroílár an taispeántais seo. Stopadar i mBaile Átha Cliath ar a slí abhaile agus is ann a chasadar le bunaitheoir Ghael Linn Dónall Ó Móráin.

Bhí grianghrafadóir proifisiúnta ó Lensman i láthair don teacht le chéile seo, agus beidh na pictiúir a thóg sé siúd lárnach sa taispeántas chomh maith.

I gCarna, in ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a bheidh an saothar le feiscint agus déanfar an oscailt oifigiúil amárach ag 19:30 (Aoine).

Beidh Josie Sheáin Jeaic Mac Donnacha i láthair le píosa cainte a dhéanamh; ceol beo agus sólaistí chomh maith!


5. TIONÓL: ‘Tionól Niocláis TóibínRinn Ua gCuanach, Co. Phort Láirge 17 agus 18 Feabhra. 

Beidh togha agus rogha an cheoil le clos i Rinn Ua gCuanach an deireadh seachtaine seo, áit a mbeidh Tionól Niocláis Tóibín ar siúl.

Is é an tOllamh Pádraig Ó Macháin a thabharfaidh léacht an tionóil, ar Phádraig Ó Miléadha agus an Fiannaidhe Fáin.

Beidh idir cheoltóirí agus rinceoirí ag múineadh ranganna; seolfar dlúthdhioscaí le Saileog Ní Cheannabháin agus Mícheál Darby Ó Fátharta; agus beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh ag craoladh agus i mbun taifeadadh!

Níl ansin ach réamhbhlaiseadh beag bídeach de chuid d’imeachtaí an deireadh seachtaine, scata, scata eile…go n-éirí an t-ádh leo!


6.) CEOLCHOIRM AGUS DUAISBHRONNADH: Gradam Ceoil TG4/Áras Ceoldrámaí Chorcaí, Plás Emmet, Cathair Chorcaí, Dé Domhnaigh 19 Feabhra @8in.

Bhí na Grammys ar siúl an Domhnach seo caite agus ní ró-fhada ó shin ó bhíomar ag boppáil ag Gradaim Cheoil Nós sa Sugar Club ach an oiread.

I mbun steipe a bheas na Gaeil an Domhnach seo ag Gradam Ceoil TG4 i gCorcaigh.

Tá Gradamóirí na bliana seo roghnaithe cheana ag coiste neamhspleách agus is orthu a bhronnfar na duaiseanna ag ócáid agus coirm a chuirfear i láthair beo ó Áras Ceoldrámaí Chorcaí.

Gealltar oíche mhór cheoil agus chuideachta! Beidh an t-aicsean ar fad á chraoladh ar TG4.

Léigh a thuilleadh faoi anseo.

*Meabhrú: Beidh IMLÉ i mbun ceoil sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair inniu @ 6.30in.

Brostaígí agus bainigí súp as an deireadh seachtaine!

SCÉALTA EILE