6 Imeacht Ghaelacha



1. OÍCHE FILÍOCHTA: Reic / Sandino’s Bar, Doire, Déardaoin 30 Márta @ 7.30-10.30in

Beidh an focal labhartha, filíocht agus rap á reic, mar chuid de REIC na míosa seo, a bheidh ar bun i gCathair Dhoire anocht.

Tá Ciara Ní É, an té a eagraíonn, ag bailiú filí agus aithriseoirí le chéile in dteach tábhairne Sandino’s don ócáid chultúrtha seo.

Beidh Ciara féin mar bhean an tí, agus beidh sí le clos ag aithris a cuid saothar féin chomh maith, mar aon le Dairena Ní Chinnéide, Jason Ashford, Oisín Mac agus Aoife Moore.

Beidh maidhc oscailte acu ag deireadh na hoíche agus fáilte ó chroí roimh an lucht féachana teacht chomh fada leis, lena gcuid cumadóireachta féin a chur i láthair na ndaoine!


2. CAINT:  ‘Fíricí ailtéarnacha faoin nGaeilge / Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Cathair na Gaillimhe, Dé hAoine 31 Márta @ 8.30-9.30in

Is mó míthuiscint atá cloiste againn ar fad faoinár dteanga mhilis féin, an Ghaeilge!

Déanfaidh lucht Chonradh na Gaeilge iarracht bréagnú a dhéanamh ar a leithéid de mhiotais ag an gcaint seo atá á heagrú acu mar chuid d’fheachtas náisiúnta.

Tá sraith cainteanna dar teideal ‘Alternative Facts about the Irish Language’ beartaithe acu timpeall na tíre agus is i gCathair na Gaillimhe a bheidh siad an Aoine seo.

Bí ag faire amach dóibh i mBéal Feirste i mí Aibreáin agus i nDoire ag tús na Bealtaine.

nuacht@cnag.ie le tuilleadh eolais a fháil.


3. FÉILE: Sean-Nós Cois Life 2017Ionaid éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath, 31 Márta – 2 Aibreán

Is ar Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha a bhronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life an deireadh seachtaine seo, as an oiread atá déanta atá aige chun saibhreas na hamhránaíochta dúchasaí a chur chun cinn thar na blianta.

Comhghairdeas leis agus go maire sé a nuacht!

I measc imeachtaí eile na féile seo, beidh ceardlanna amhránaíochta agus rince ar bun agus seisiúin phléisiúrtha cheoil i dtábhairní agus ionaid cheolmhara stairiúla na cathrach – Ionad na bPíobairí Uileann, Club na Múinteoirí agus Tigh Hughes atá ar Shráid na Seansaireachta.

Eolas iomlán ar seannos.ie


4. SEOLADH: Seoladh albam Chormac Begley / Timpeall na tíre: 31 Márta – 1 Bealtaine

Tá albam aonair taifeadta ag an gCiarraíoch ceolmhar as Corca Dhuibhne, Cormac Begley.

13 traic atá ag fear an chonsairtín ar an albam seo, agus é le cloisteáil ar naoi gconsairtín a shíneann seacht gcinn d’ochtacha!

Tá dhá rian ar fáil le híoslódáil ar a leathanach Bandcamp cheana féin agus beidh an t-albam ar fad, (leagan digiteach) ar fáil go hoifigiúil ar an gcéad lá Aibreáin – ní haon bhréag é sin, ainneoin gur lá na nAmadán an dáta seolta!

Beidh Cormac ar camchuairt timpeall na tíre ag cur a shaothair nua i láthair an phobail, féach liosta na ndátaí agus na n-ionad thíos.

Dála an scéil, tá grianghraf aoibhinn dubh agus bán de Chormac agus é ina leaidín óg ar chlúdach an dlúthdhiosca!

Snasta mar íomhá, díreach ar nós an cheoil – comhghairdeas ó chroí leis!

30 Márta: UCC, Corcaigh
1 Aibreán: Minogues, An Tulach, Co. an Chláir
9 Aibreán: An Teach Ceoil, An Rinn, Co. Phort Láirge
13 Aibreán: An Cobblestone, BÁC
15 Aibreán: Tigh Roy, An Gallbhaile, Co. Thiobraid Árann
29 Aibreán: Cluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo
1 Bealtaine: An Daingean, Co. Chiarraí


5. COMÓRTAS & CEOLCHOIRM: Siansa Ghael Linn / An Ceoláras Náisiúnta, BÁC 2, Dé Domhnaigh 2 Aibreán @ 7:30in

Beidh craobhchomórtas Shiansa Ghael Linn ar bun sa Cheoláras Náisiúnta an Domhnach beag seo.

Ocht ngrúpa thraidisiúnta atá san iomaíocht don dhuaischiste, luach €4,500.

Is faoi thriúr a bheidh an cinneadh ag deireadh na hoíche, sin iad Niamh Ní Charra, Jacinta McEvoy agus Declan Masterson.

Mura éiríonn leat a bheith ann, bí ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta mar go mbeidh an t-aicsean ar fad le clos beo ar 92-94FM!


6. CAINT: Ó Thrácht go Twitter / An Coláiste Ollscoile, BÁC4, Dé Máirt 4 Aibreán @ 6in

Is é an tOllamh Pádraig A. Breatnach a thabharfaidh an chaint dheireanach sa tsraith, ‘Ó Thrácht go Twitter’ Dé Máirt seo chugainn.

‘An chomhaiste i dtraidisiún an amhráin liteartha’, teideal na cainte a bheidh ar siúl sa Choláiste Ollscoile, (UCD), i mBaile Átha Cliath 4.

Tá fáilte roimh chách agus beidh sólaistí ar fáil chomh maith, in Áras Newman, óna 7in.

SCÉALTA EILE