1. SEOLADH & CEOLCHOIRM: Singil úr le Diane Ní Chanainn / Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, Déardaoin 13 Aibreán @ 8in
Tá singil úr ag Diane Ní Chanainn agus seolfaidh sí é tráthnóna i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.
Leagan den amhrán ‘Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna’ atá ann, taifeadta agus cóirithe ag Dónal O’Connor.
Na ceoltóirí John McSherry, Paul Meehan agus Conor McCreanor atá á tionlacan agus is iad na ceoltóirí céanna sin a bheidh le clos ar a halbam úr, air a bhfuil sí i mbun oibre faoi láthair.
Amhráin thraidisiúnta chomhaimseartha atá beartaithe aici don taifead sin, agus mé féin go pearsanta ag súil go mór leis!
Taispeánfar an físeán ceoil atá curtha i dtoll a chéile ag Diane don amhrán anocht.
Beidh fíon agus canapés ar fáil agus seisiún neamhfhoirmiúil ceoil ag deireadh na hoíche.
2. CEOLCHOIRM: Liam Ó Maonlaí agus Rónán Ó Snodaigh / The Bowery, 196 Bóthar Ráth Maoinis Íochtar, BÁC, Déardaoin 13 Aibreán @ 9in
Beirt laochra ceoil na hardchathrach iad Rónán Ó Snodaigh agus Liam Ó Maonlaí!
Beidh deis ag a lucht leanúna an bheirt a fheiscint sa chathair inar tógadh iad, tráthnóna inniu.
Is é David Keenan a bheidh mar aoi-cheoltóir don ócáid.
3. CEOLCHOIRM: John Spillane agus scoth na gceoltóirí eile / An Chistin, (Tigh Sé), An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, Déardaoin – Domhnach
Is i dTigh Sé ar an gCeathrú Rua a bheidh an chraic is an spraoi an deireadh seachtaine seo!
Beidh Anna Maria Nic Dhonnacha agus Martin Joe Ó Flatharta i mbun ceoil ann ar an Satharn agus an Domhnach.
Ceol tíre is mó a bhíonn acu beirt…. yee-haw!
Anocht is é an Speallaire John Spillane, fear Chorcaí, agus a ghiotár a bheidh le cloisteáil ann. Áit a mbíonn John, bíonn ard-oíche!
4. FÉILE: Cruinniú na Cásca / 5 láthair éagsúla i mBÁC, Luan Cásca, 17 Aibreán, 11rn-6in
Ná déanaigí dearúd go bhfuil imeachtaí beartaithe timpeall na tíre ar fad, go háirithe san Ardchathair do Chruinniú na Cásca.
Féile lae is ea í agus titfidh na himeachtaí ar fad sa Phríomhchathair amach idir 11rn – 6in i gceithre shuíomh – Cé Theach an Chustaim, Faiche Stiabhna, Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Margadh na Feirme.
Tá na himeachtaí uile saor in aisce do chách!
Léigh níos mó faoi anseo.
5. TEACHT LE CHÉILE: Crash Test Caint / An Caifé, Ionad Ealaíon an Axis, Dé Céadaoin, 19 Aibreán @ 7in
Gealltar comhrá cairdiúil, cupán tae agus cúpla focal ag ócáid atá á reáchtáil in Ionad Ealaíon an Axis i mBaile Munna, Dé Céadaoin seo chugainn.
‘Crash Test Caint’ teideal na hócáide, atá á heagrú ag bean na háite, Aifric Ní Ruairc, atá ina healaíontóir cónaitheach san ionad.
Cruinniú nua míosúil atá i gceist leis an teacht le chéile seo, a dhéanfaidh ceiliúradh ar an teanga.
Is cuma cén caighdeán Gaeilge atá agat, tugtar cuireadh duit a bheith ann le do shiamsaíocht, foghlaim, ceol agus craic.
Beidh téamaí éagsúla acu gach aon mhí agus ‘An tIdirlíon’ an t-ábhar cainte a bheidh idir chamáin d’imeacht mhí Aibreáin le hAifric í féin i láthair agus Joey Kavanagh.
6. FÉILE: Féile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach / Ceatharlach, 18-23 Aibreán 2017
Cuirfear tús leis an bhFéile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach Dé Máirt seo chugainn, tráth a mbeidh na Ceiltigh ag glacadh seilbhe ar an mbaile!
Déantar cultúr, oidhreacht agus teangacha na gCeilteach a cheiliúradh le linn na seachtaine trí cheol, siamsa sráide, damhsa, ealaín agus eile.
Mór-imeacht na féile ná an Comórtas Amhránaíochta Idirnáisiúnta a bheidh ar bun Déardaoin 20 Aibreán.
Is amhráin ós na tíortha Ceilteacha a bheidh san iomaíocht, agus Emer Ní Fhlaitheartaigh (príomhphic) a chanfaidh ar son na tíre seo.
Is í Emer a bhuaigh an comórtas náisiúnta de chuid na féile, i mí Feabhra seo caite, lena hamhrán ‘Taibhse’.
Tabhair cluas dá hamhrán breá agus léigh faoi anseo.
Go n-éirí go geal léi!