1) SEÓ GRINN: ‘Jane’s Next Step’/Áras na nGael, 45 Sráid Dhoiminic, Gaillimh, Dé hAoine 11 Márta ag a 8.30in.
Agus hata ‘Jane’ uirthi – beidh Áine Gallagher ar ardán Áras na nGael amárach arís lena seó nua ‘Jane’s Next Step’.
Tá clú agus cáil ar Áine i saol na Gaeilge, fuirseoir óg as BÁC a tháinig i réim ar ardán GaelGÁIRÍ agus a thuill an teideal iomráiteach ‘An 5ú fuirseoir Gaeilge is Greannmhaire in Éirinn’.
Má chuireann giúmar tirim agus fuarchúiseach ag gáire thú beidh tú sna tríthe!
Seo dá theangach é seo fóirsteanach do dhaoine ar bheagán Gaeilge.
€5.00 ar an doras má luaitear ‘NÓS’ nó Gaeil na Gaillimhe.
Léigh a thuilleadh anseo.
2) FÉILE: ‘Féile Chlub Áras na nGael’/45 Sráid Dhoimnic, Gaillimh, Dé Sathairn, 12 Márta óna 11rn ar aghaidh.
A Ghaillimhí, tugaigí aghaidh ar cheannáras siamsaíochta, Áras na nGael, Dé Sathairn, d’fhéile mhór Sheachtain na Gaeilge i nGaillimh.
Idir na ballaí lasmuigh agus aghaidheanna páiste, beidh péinteáil ar siúl óna 11rn ar maidin.
Tabharfaidh réaltaí ealaíonta Ros na Rún lámh cuidithe leis an mhúrmhaisiú sa tráthnóna agus beidh taibhiú ó Youth Ballet West, Cuisle Ceol ar siúl le linn an lae chomh maith le seisiún breá bríomhar sa bhéar.
Craolfar beo an cluiche rugbaí Éire v Iodáil sa chlub ón 1in, agus tráchtaireacht bheo i nGaeilge ag gabháil leis.
Ó 10.30in beidh DJanna ó thimpeall na tíre ag casadh ar feadh na hoíche!
Cá háit eile a mbeifeá ar lá breá Sathairn le linn SnaG? Tuilleadh eolais anseo.
3)LÉAMH DO PHÁISTÍ: ‘Scéalaíocht do Pháistí’ le Love Leabhar Gaeilge/siopaí leabhar i nGaillimh, Corcaigh agus Baile Átha Cliath, Dé Sathairn, 12 Márta ag a 11in.-12.n
Mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge, tá maidin scéalaíochta á reáchtáil do pháistí idir 2-7 bliain d’aois an Satharn beag seo.
Triúr ban as TG4 a chuirfidh scoth na leabhar do pháistí i láthair, i siopaí leabhar i nGaillimh, Corcaigh agus BÁC.
Beidh Gráinne Bleasdale i Hodges Figgis, Baile Átha Cliath; Emma Ní Chonaill i Waterstones, Corcaigh, agus Caitlín Nic Aoidh i Charlie Byrne’s na Gaillimhe.
Tá an ócáid saor in aisce do pháistí agus do thuismitheoir.
Cuirfear tús leis an scéalaíocht ag 11rn agus mairfidh sé uair an chloig. Tuilleadh eolais anseo.
4) SCÉALAÍOCHT: ‘Oíche Scéalaíochta IMRAM’/Club Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Dé Sathairn, 12 Márta ag a 8.00in.
Beidh ceiliúradh a dhéanamh litríocht bhéil na Gaeilge i gClub an Chonartha Dé Sathairn i dteannta scéalaithe as gach cearn den tír.
Cathal Póirtéir MC na hoíche; Eithne Ní Ghallchóir, Máirín Mhic Lochlainn agus Tomás Ó Luaing a bheas i mbun scéalaíochta agus beidh amhráin agus ceol ó Antain Ó Fearacháin agus an píobaire Éanna Drury.
Deis iontach triúr scéalaithe a chluinstin ó cheantair éagsúla timpeall na tíre!
Saorchead isteach. Tuilleadh eolais anseo.
5)FÉILE: ‘Lá mór na Gaeilge’/Tí Chulainn, Bóthar an Phortaigh, An Mullach Bán, Ard Mhaca.
Tá fearadh na fáilte roimh gach aon duine páirt a ghlacadh in imeachtaí Lá Mór na Gaeilge, atá á reáchtáil ag Gaeil Ard Mhaca.
Beidh meascán breá d’imeachtaí ar siúl d’óg agus aosta, mar atá ceardlann Óga Yoga, léamh do pháistí leis an údar Máire Zepf, léachta faoi Éirí Amach na Cásca le Fearghal Mac Bhloscaidh, taispeántas de chlár faisnéise nua Sheey Skeffington le Dearcán Media, agus ceolchoirm le réalta Bhéal Feirste, Gráinne Holland!
Is gá clárú do na ceardlanna ióga.
Tuilleadh eolais anseo.
6) OÍCHE FILÍOCHTA: ‘Éirí Amach na Cásca 1916 i bhfilíocht na Gaeilge’/McGrattan’s, 76 Lána Mhic Liam, Sráid Bhagóid, Dé Luain 14 Márta, 7.30in.
Tabharfar beocht úr do dhánta a scríobhadh in ómós na ndaoine a d’éirigh amach Dé Luain ag oíche filíochta agus cheoil IMRAM.
Is fada ó fuair pobal na Gaeilge deis aon chuid den fhilíocht a bhain le hÉirí Amach na Cásca 1916, le léiriú ceoil a thugann spiorad na haoise chun cuimhne.
Léifidh an spéirbhean Sinéad Ní Uallacháin agus an scríbhneoir iomráiteach Alan Titley dánta ó mhórán filí, ina measc Criostóir Ó Floinn, Liam S Gogán agus Diarmuid Ó Súilleabháin.
Cathal Póirtéir a bheas mar MC agus beidh fear an chonsairtín Noel Hill ag seinm chomh maith.
Saorchead isteach. Tuilleadh eolais anseo.
Ar ndóigh Seachtain na Gaeilge atá ann a chairde agus tá go leor imeachtaí iontacha atá ar siúl go ceann seachtaine! Coinnígí ar an eolas faoi imeachtaí i do cheantar féin anseo.