6 Imeacht Nollaigiúla

1) OÍCHE MHÓR: Deochanna Nollag na nGael / Beár an Iarnróid, Iúr Cinn Trá, Déardaoin 22 Nollaig, ó 8in

Le tamall de bhlianta anuas tá pobal Gaeilge cheantar Iúr Cinn Trá ag teacht le chéile um Nollaig chun críoch chroíúil a chur le himeachtaí na bliana.

Faoi choinne 2016 is i mBeár an Iarnróid – pub a bhfuil clú an cheoil agus na Gaeilge air – a bheas na Gaeil ag bailiú anocht ó 8in.

Deis iontach atá ann do bhunadh an cheantair, agus dóibh siúd arb as Ard Mhacha Theas agus An Dún Theas iad ach atá lonnaithe in áiteanna eile sa tír le linn na bliana, craic Nollaigiúil bheith acu sa bhaile ina dteanga féin.

Bígí ag súil le neart craice, ceoil agus piontaí go leor!


2) MARGADH EALAÍNE: Bailiúchán 2016 le Caoimhín Mac Giolla Catháin / An Chultúrlann, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, Dé Sathairn 24 Nollaig, 11rn-5in

Beidh grianghraif leis an Fheirsteach ildánach Caoimhín Mac Giolla Catháin ar díol ag margadh ealaíne sa Chultúrlann an Satharn beag seo.

Priontaí d’ardchaighdeán i bhfrámaí a tógadh ina chathair dhúchais agus in áiteanna eile iad seo, a bheadh foirfe mar bhronntanas Nollag.

Mar a bheifeá ag súil ó phríomhamhránaí Bréag, tá neart pictiúr a bhaineann le ceol ann chomh maith.

Is fiú an chuairt!


3) FÉILE: Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair / Ionaid éagsúla i nGaoth Dobhair, Dún na nGall, 27 Nollaig – 2 Eanáir

Lynched (príomhphictiúr), Frankie Gavin, Ye Vagabonds (thuas), Laoise Kelly, The Irish Concertina Ensemble, Pólca 4, Ceoltóirí na Crannóige… sin díreach roinnt de na haíonna iontacha a bheas ag casadh ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair i mbliana.

Beidh ceardlanna ar siúl ar maidin i réimse uirlisí, san amhránaíocht agus sa damhsa, agus leanfar le cainteanna, seisiúin cheoil agus ceolchoirmeacha gach lá den fhéile.

Mealltar scoth na gceoltóirí traidisiúnta agus sárchuideachta chuig an fhéile bhliantúil iontach seo in iarthuairsceart Thír Chonaill!

Ticéid do na himeachtaí uile ar fáil ón Chrannóg.


4) CEOLCHOIRM: The Whileaways, Gig na Nollag / Campbells Tavern, Áth Cinn na Gaillimh, Dé Céadaoin 28 Nollaig @8in

Agus gach uile thicéad díolta acu dá gceolchoirm Nollag, tá dáta eile fógartha ag The Whileaways Dé Céadaoin seo chugainn.

Triúr amhránaithe atá sa ghrúpa seo; Noriana Kennedy (thuas ar dheis), Nicola Joyce agus Nollie McDonnell.

Is as cúlraí traidisiúnta a tháinig Noriana (Nábac/Solas) agus Nicola (Gráda) i réim agus a rian sin le cloisteáil ar a gcuid ceoil.

Faigh réidh, a deir siad ar a leathanach Facebook, do scoth na hoíche cheoil a chuirfidh le gliondar an Nollag!

Leanfar le seisiúin cheoil i ndiaidh na ceolchoirme. HUP!


5) CEOLCHOIRM: A Stór Mo Chroí / Séipéal Naomh Dáithí, Eaglais na hÉireann, An Nás, Cill Dara, Déardaoin 29 Nollaig, 8in

Tiocfaidh meitheal ceoltóirí le chéile thar am Nollag do cheolchoirm speisialta ‘A Stór Mo Chroí’ i séipéal álainn Naomh Dáithí i Nás na Ríogh.

I mbliana beidh Karan Casey, Éilís Kennedy, Pauline Scanlon, Muireann Nic Amhlaoibh, John Spillane, Donagh Hennessy, Dónal O’Connor agus John McSherry páirteach sa cheolchoirm a dhéanann ceiliúradh ar cheol agus amhráin a bhaineann le grá agus cailliúint.

Cead isteach: €25


6) CEOLCHOIRM: Ré, Gig na Nollag / Ardeaglais Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 30 Nollaig @8

Bhí siad ar camchuairt i gCúige Mumhan ar na mallaibh ach anois beidh ceoltóirí Ré agus aíonna speisialta ag tabhairt aghaidh ar an ardchathair do cheolchoirm na Nollag.

Is iad Liam Ó Maonlaí (amhránaí agus ceoltóir ildánach), Cormac Ó Beaglaoich (consairtín), Eithne Ní Chatháin (fidil agus guth), Maitiú Ó Caiside (píb uilleann) agus Peter O’Toole (olldord) atá sa ghrúpa Ré.

Bíonn draíocht le brath aon uair a dtagann an cúigear le chéile agus iomrá mór ar a gcuid ceolchoirmeacha beo dá bharr sin!

Agus an Nollaig seo beidh siad i gceann de na hionaid is maorga sa tír.


MEABHRÚ: Tá camchuairt an gheimhridh ag Kíla faoi lán seoil agus iad ag seinm sa Button Factory i mBÁC anocht, Déardaoin 22 Nollaig, sula dtugann siad aghaidh ar Monroes na Gaillimhe. Tuilleadh dátaí anseo.

Bainigí sult as na himeachtaí iontacha atá ar siúl ar fud na tíre!

 

SCÉALTA EILE