San oíche amárach beidh Oíche Chultúir ar siúl in ionaid éagsúla fud fad na tíre. Seo rogha na n-imeachtaí, le Sinéad Ní Uallacháin.
Thatchers of the Acropolis – The Muskerry Sessions / Ionad Uiscebhealaí Éireann, Cé na Canálach Móire, BÁC, Dé hAoine 22 Meán Fómhair @ 19.30
Is ag an bhFéile Chraiceáilte ar Oileán Thoraí, ceithre bliana déag ó shin an uair dheireanach a sheinn Thatchers of the Acropolis ar stáitse.
Ach beidh deis agaibh iad a chloisteáil arís ag gig speisialta a cuireadh le chéile d’Oíche Chultúir 2017.
Beirt aithreacha, beirt mhac, agus beirt darb ainm Naoise a bheidh i mbun ceoil ag Ionad Uiscebhealaí Éireann, Cé na Canálach Móire i mBÁC.
Bí ag súil rithim agus ceol leictreonach, meascaithe le hamhráin sean-nóis!
Tuilleadh eolas anseo.
Mick Flannery / Scéal Eile Books, Inis, An Clár, Dé hAoine 22 Meán Fómhair @ 18.00
I Siopa Leabhar Scéal Eile Books in Inis i gContae an Chláir a bheidh sár-cheoltóir Chorcaí, Mick Flannery, i mbun ceoil ar an oíche speisialta chultúrtha seo.
Mar atá le hócáidí ar fad na hoíche, níl costas ar na ticéid ach is gá fós iad a chur in áirithe!
Déan teagmháil le scealeilebooks@gmail.com le cinntiú go n-éireoidh leat spás a fháil sa slua.
Gaillimh na nGael / Club Áras na nGael, Cathair na Gaillimhe, Dé hAoine 22 Meán Fómhair @ 21.00
Is i mbun na scéalaíochta a bheidh Sinéad Mercier agus Pádraic Ó Griallais dóibh siúd a bheidh i láthair tráthnóna Aoine i gClub Áras na nGael i gCathair na dTreabh.
Ní hamháin sin, ach beidh ceol ann ó George Grasso.
Mura féidir libh bheith ann ar an Aoine, bí ar an eolas go mbeidh sár-oíche eile ann ar an Satharn nuair a thiocfaidh dream a raibh baint acu leis an ngrúpa drámaíochta, Na Fánaithe, le chéile, 30 bliain ón gcéad lá a bunaíodh iad.
Beidh lucht an chlub thar n-ais arís i mbun oibre an mhaidin dár gcionn, ag prapáil do Lá Teaghlaigh, a bheidh ar siúl ó 12in.
Beidh cluichí, ceol agus drámaíocht ar bun i gcaitheamh an lae le Jessy Ní Cheallaigh agus Julie Anne Browne!
Ceiliúradh ar Ghaelscoil Inse Chór / Ospidéal Chill Mhaighneann, BÁC, Dé hAoine 22 Meán Fómhair @ 19:00
Tá comóradh ar bun faoi láthair ag lucht Ghaelscoil Inse Chór agus iad 40 bliain ar an mbóthar.
Tugtar cuireadh do phobal na scoile i gcéin agus i gcóngar ceiliúradh a dhéanamh ar stair, spiorad agus cultúr na scoile tráthnóna amárach in Ospidéal Chill Mhaighneann.
Beidh ceol beo le clos ar an láthair ó leithéidí The Young Folk, Peter Byrne, Fiach agus tuilleadh nach iad.
Beidh suipéar ar fáil dóibh siúd a bheidh i láthair chomh maith, agus aon airgead a bhaileofar ó dhíolachán na dticéad rachaidh sé chuig an scoil féin.
Fáilte roimh shíntiús chomh maith!
Gach eolas faoin ócáid agus ticéid le fáil ar an leathanach Facebook atá acu!
Doimnic, JJ & Frances / Áras Mhic Reachtain, Bóthar Aontroma, Béal Feirste, Dé hAoine 22 Meán Fómhair @ 19:00
Tá clú Áras Mhic Reachtain i dtuaisceart Bhéal Feirste ag leathnú leis i gcónaí agus tá imeacht ceoil den scoth beartaithe acu don oíche amárach.
Is fada nasc ag an amhránaí iomráiteach Conallach Doimnic Mac Giolla Bhríde le muintir na cathrach cois cuain agus beidh sé féin agus an ceoltóir Albanach Frances Morton ar ardán le chéile mar chuid den cheiliúradh cultúrtha seo.
Leo ar an oíche beidh pop-amhránaí Dhoire, JJ Ó Dochartaigh, lena mheascán sultmhar d’amhráin aistrithe agus a rianta féinchumtha.
Bígí ann más i mBéal Feirste a bheidh sibh!
Arcanadh / An Button Factory, Barra an Teampaill, BÁC, Dé hAoine 22 Meán Fómhair @ 20:00
Tá tamall ann ó sheinn baill an bhanna Arcanadh i mBaile Átha Cliath.
Ní gá fanacht i bhfad eile chun iad a fheiscint sa phríomhchathair áfach mar go mbeidh siad ann an Aoine bheag seo le mescán breá d’amhráin agus poirt.
Ní rófhada ó shin ó bhíodar i mbun ceoil sa Bhriotáin ag an bhFéile Interceltique de Lorient, ach deas iad a fheiscint ar thalamh na tíre seo, agus deis ann (nach dtagann timpeall chomh minic sin) iad a chloisteáil beo!
CU Burn / Amharclann Ghaoth Dobhair, Dé Sathairn 23 Meán Fómhair 2017 @ 20:00
Ar cheann de chuimhní m’óige tá íomhá i mo cheann dom féin agus mo mhuintir ag féachaint ar an gclár CU Burn a bhíodh ar TnaG, mar a thugtaí air, ag an am.
Bhíodh mo mhuintir lúbtha ag gáirí faoi.
Bhí cuid mhaith de na jócanna nár bhaineas ciall astu ag an am, ach le himeacht ama, a thuigeas.
Ba bhreá liom féachaint air arís ón tús anois…
Beidh cúpla clár ón tsraith le feiscint ar scáileán mór ag imeacht a bheidh ar bun in Amharclann Ghaoth Dobhair Dé Sathairn seo, agus cuid d’aisteoirí an chláir i láthair don ócáid thiomsaithe airgid ar mhaithe le Pobal Inis Eoghain, a buaileadh go dona le déanaí ag drochaimsir agus tuillte.