Duine d’Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2015, tá Clíona Ní Chiosáin aitheanta mar láithreoir raidió ar 2FM agus as an ról a bhí aici mar Aifric ar TG4. Faoi láthair, tá sí ag cur léamh den dráma ‘An Triail’ i láthair le linn SnaG i measc go leor imeachtaí eile. Labhraíonn sí le NÓS faoina crann mangó, faoin rud is fearr a bhaineann lena ról nua mar Ambasadóir SnaG agus faoina bheith ag titim i ngrá.
1. Cárb as duit?
Is as Leamhcán mé i mBaile Átha Cliath.
2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?
Tá sé gar don chathair, gar don tuath agus tá crann mangó againn.
3. As na tíortha ar fad ar thug tú cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Is í an tír is fearr liom ná SAM, go háirithe Nua-Eabhrac. Bhí mé ann agus mé óg agus níor thug mé aird cheart air ach chuaigh mé ar ais an bhliain seo caite le dráma a rinne mé agus bhí sé go hálainn bheith ag siúl thart ann, fiú gan aon rud ar leith a dhéanamh.
4. Cé hí/hé an t-aisteoir is fearr leat?
Déarfainn gurb í Carey Mulligan an t-aisteoir is fearr liom, tá sí cosúil le Audrey Hepburn nua-aimseartha.
5. Cad é an rud is fearr i do vardrús?
Mo bhróga craiceann liopaird le Miss KG ag Kurt Geiger. Caithim iad pé seans a fhaighim.
6. Seit teilifíse nó stáitse?
Is breá liom an péire – ní fhéadfainn ceann amháin a roghnú, is créatúirí an-éagsúla iad!
7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i d’aisteoir?
Ba bhreá liom a bheith i mo mhúinteoir bunscoile agus tá mé ag smaoineamh faoi dul agus máistreacht a dhéanamh. Is breá liom bheith ag obair ar raidió chomh maith só bheinn lán sásta é sin a dhéanamh!
8. An bhfuil aon aiféala agat?
Níl aiféala agam ach tá ceachtanna foghlamtha agam. Níl aon bhuntáiste le bheith ag coinneáil le smaointe diúltacha.
9. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Mé féin agus mo chuid col ceathracha ag cur seónna ceoil ar siúl do na haintíní ar fad, le ceol na Sugababes go háirithe.
10. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Glacaim gur mar chairde a bheadh muid ag casadh lena chéile só ba bhreá liom dul le haghaidh tapas agus ansin amach go beár deas manglam.
11. Beoir nó Fíon?
Fíon gan dabht, agus fíon dearg ach go háirithe!
12. Cad é an scannán is fearr leat?
Breakfast at Tiffany’s! Is breá liom an stíl agus is maith liom cé chomh caillte is atá Holly Golightly ar an taobh istigh ach chomh galánta is atá sí ar an taobh amuigh!
13. Cad é an rud is fearr faoina bheith i do Ghael?
An rud is fearr faoina bheith i mo Ghael ná gurb í sin an rud a dhéanann éagsúil mé agus tá mé bródúil as a bheith speisialta ar an mbealach sin.
14. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?
Ní dóigh liom go bhfuil mé cosúil le pearsa stairiúil ar bith ach dá mba phearsa litríochta mé, ba mhaith liom a bheith cosúil le Scarlett O’Hara.
15. Cad an rud is fearr faoina bheith i d’Ambasadóir ar Sheachtain na Gaeilge?
An deis a thugann sé dom dul thart ar an tír agus eolas a fháil ar an dea-obair atá á déanamh i bpobail éagsúla!
16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Cheannóinn ceapaire ó Subway agus ba chuma liom faoin sóinseáil.
17. Cad í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
Ba mhaith liom dul chuig an Iodáil. Bhí mé ann nuair a bhí mé an-óg ach ba mhaith liom dul ar ais agus gach rud thart orm a ithe!
18. As na drámaí atá déanta agat go dtí seo, cé acu an ceann is mó a thaitin leat? Cén fáth?
Níl ach dhá dhráma déanta agam agus ní féidir liom an rogha sin a dhéanamh – is rudaí iontach pearsanta iad.
19. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Bím trodach ach is ag pleidhcíocht a bhím an chuid is mó den am.
20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Ag titim i ngrá. Áiféiseach do roinnt daoine ach sin í an fhírinne!