1. OÍCHE FILÍOCHTA: REIC na Bealtaine / Brú an Generator, Margadh na Feirme, Déardaoin 11 Bealtaine @ 19:30
Tar agus REIC do phíosa!
Comhairle mhaith ó lucht eagraithe na hoíche seo a thugann ardán d’fhilí, ceoltóirí, lucht rap, scéalaithe agus tuilleadh nach iad uair sa mhí i mBaile Átha Cliath agus níos faide i gcéin.
Tá comórtas ar bun acu an mhí seo agus duais bhreá ar fáil: Pas Oifidigh don deireadh seachtaine agus deis do chuid reacaireachta a chur i láthair ag an bhféile cheoil agus ealaíne Body & Soul.
Le bheith san áireamh don gcomórtas, níl ort ach blúire filíochta a chur i láthair na ndaoine anocht!
Mura féidir leat bheith ag an ócáid glacfar le físeán díot i mbun aithrise, a thaispeánfar ag an ócáid.
Go n-éirí libh! REIC-fol-dí-ó, REIC-fol-dí-i-e-dil-i-dí…
2. SEOLADH: Trimthriall Nua, leabhar úr filíochta le Mícheál Ó hUanacháin / An Caifé Liteartha, An Daingean, Déardaoin 11 Bealtaine @ 20:00
Tá leabhar nua filíochta ó pheann Mhíchíl Uí Uanacháin foilsithe ag Coiscéim.
Timthriall Nua atá air agus is cnuasach de thuairim is 40 dán atá ann.
Labhair sé le déanaí ar an gclár An Saol Ó Dheas, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, faoi ábhar na ndánta agus léigh sé cúpla ceann acu chomh maith.
Is féidir éisteacht leis an agallamh anseo chun blaiseadh dá shaothar a fháil.
An drámadóir Aodh Ó Domhnaill a sheolfaidh an leabhar tráthnóna sa Caifé Liteartha sa Daingean.
3. IMEACHT MISNEACH: ‘Cuairt ar éiceaphobal Chloch Shiurdáin‘ / Tiobraid Árann, Dé Sathairn 13 Bealtaine @ 10:00
Tá an grúpa Misneach ag eagrú cuairte ar éiceaphobal Chloch Shiurdáin i dTiobraid Árann an deireadh seachtaine seo.
Déanfar cur síos ar fhadhb an athraithe aeráide le linn an turais, agus conas maireachtaint ar shlí inbhuanaithe.
Beidh cur síos chomh maith ar chórais teasa saor ó astuithe carbóin, agus conas tithe inmharthana ar ardchaighdeán a thógaint.
Gealltar dála an scéil ceol, craic agus comhluadar, foghlaim agus spraoi.
4. CEOL & DAMHSA: Ceilí House sa Spidéal / An Droighneán Donn, An Spidéal, Dé Sathairn, 13 Bealtaine @ 18:45
Níl deireadh go deo le himeachtaí lucht eagraithe na Traidphicnice, agus is rímhinic mé ag trácht orthu ar leathanach na n-imeachtaí anseo.
An Satharn beag seo, beidh Kieran Hanrahan ón gclár mór ceoil Ceilí House, a chraolann ar RTÉ Raidió 1, ag tabhairt cuairte ar an Droighneán Donn ar an Spidéal.
Más mian leat a bheith sa lucht féachana don gceol agus don aicsean ar fad, bí ann óna 18:45!
Chomh maith leis sin beidh ceardlann fidle le Liam O’Connor ar bun Dé Domhnaigh.
Is thuas staighre Tigh Giblin a bheidh sé sin ar siúl ó mheán lae, agus roinnfear an grúpa ina dhá chuid – rannpháirtithe ar mheán-leibhéal agus ar ardleibhéal.
Beidh deis ag na daltaí seit a chasadh in éineacht le Liam ag Traidphicnic na bliana seo a bheidh ar bun i mí Iúil.
5. CEOLHOIRM: Rossa agus Rónán Ó Snodaigh / The New Theatre, Barra an Teampaill, BÁC, Dé Sathairn, 13 Bealtaine @ 20:00
Beidh na deartháireacha Uí Shnodaigh, Rossa agus Rónán, ag teacht le chéile ag Féile James Connolly, atá ar bun sa phríomhchathair an deireadh seachtaine seo.
Seo an tríú bliain don bhféile seo a bheidh ar siúl agus na himeachtaí ar fad atá beartaithe le bheith i gcroílár na cathrach.
*Ní hé seo an t-aon choirm an deireadh seachtaine seo do bhaill Kíla. Beidh an banna ar fad i mBun Cranncha ar an Aoine in éineacht leis an Inishowen Gospel Choir. (Inishowen Gateway Hotel / Óstán Gateway Inis Eoghain, Dé hAoine @ 19:30).
Go mbeirfidh siad bua!
6. CEOLCHOIRM: Ann Harrington agus na Rattle Shakes / Tábhairne Peter’s, Dún Seachlainn, Dé Sathairn 13 Bealtaine @ 20:30
Beidh Ann Harrington agus na Rattle Shakes ag seinnt i dtigh tábhairne Peter’s i nDún Seachlainn oíche Shathairn ar mhaithe le Gaelscoil na háite.
€10 costas na dticéad agus is chuig Gaelscoil na Ríthe a rachaidh an t-airgead.
Ba mhór acu do thacaíocht ar an oíche!
7. FÉILE: Fête de L’Europe / Place de l’Hôtel-de-Ville, 75004 Páras na Fraince, Dé Sathairn, 13 Bealtaine ó 10:30 go 17:30
Beidh Gaeil bhreátha i bPáras agus timpeall na hEorpa ag cruinniú le chéile Dé Sathairn d’Fhéile na hEorpa.
Beidh ceolchoirm, craic agus iliomad imeachtaí eile ar siúl chun ceiliúradh ar chultúir shaibhre na Mór-Roinne.
Beidh ionadaí de chuid na Gaeltachta sur Seine, an Association Irlandaise agus Paris Gaels ann, agus Gaeilge bhinn ina mbéal acu.
Gach rath ar na himeachtaí uile… bíodh deireadh seachtaine iontach agaibh ar fad!