8 n-imeacht Ghaelacha!


Siamsaíocht ag a Sé / Amharclann Chúirt an Phaoraigh, Déardaoin 14 Nollaig @ 18:00

Tráthnóna san Ardchathair baileoidh meascán de cheoltóirí le chéile don imeacht deireanach i mbliana sa tsraith ‘Siamsaíocht ag a Sé’.

Beidh an t-amhránaí agus fidléir Máirin Fahy, an giotáraí Chris Kelly agus fear an chonsairtín, Pádraig Rynne, ag soláthair an cheoil in Amharclann Chúirt an Phaoraigh, nach bhfuil i bhfad ó Shráid Grafton.

D’fhéadfá roinnt siopadóireachta don Nollaig a dhéanamh agus ansin cluas a thabhairt don gceol breá ag an ócáid seo de chuid Gael Linn!

Beidh fíon, beor, deochanna boga, tae agus caife ar fáil chomh maith – slí iontach le do scíth a ligint tar éis an lae.


Féile Star Wars / Corca Dhuibhne, 14-17 Nollaig

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcéad scannán eile i sraith Star Wars, tá beartaithe ag muintir Chorca Dhuibhne féile a eagrú!

Beidh cleas na háite i mbun imeachtaí d’Fhéile Star Wars le fáilte a chur roimh Eipeasóid VIII: The Last Jedi, atá le feiscint i bpictiúrlanna na tíre ón lá inniu ar aghaidh.

Go deimhin is i gceantar álainn na leithinise sin a rinneadh cuid mhaith de na radharcanna a thaifeadadh.

Beidh turais threoraithe ar na láithreacha sin ar bun as seo go dtí an Domhnach.

Taispeánfar an scannán i bpictiúrlann an Phoenix (don gcéad uair i mBaile an Daingin), tráthnóna, agus moltar do dhaoine gléasadh mar charachtair na sraithe, más áil leo é!

Beidh baill ó The Emerald Garrison i láthair, club feistis cosplay, agus iad cóirithe i gceart chuige.

Taispeánfaidh daltaí ó Scoil an Fheirtéaraigh a gcuid ealaíne bunaithe ar an scannán do lucht an chlub sin chomh maith.

Beidh ceol beo i dtábhairní áitiúla agus beidh taispeántas grianghrafadóireachta a bhaineann le seit an scannáin agus conas mar a thugadar faoi é a thógaint, ar siúl chomh maith.

Tá imeachtaí go leor eile ar chlár na féile agus is féidir súil a chaitheamh air anseo.


Cóisirí na Nollag / Madden’s, Béal Feirste, Déardaoin 14 Nollaig @ 21:00 + Club Chonradh na Gaeilge, BÁC, Dé hAoine 15 Nollaig @ 20:00

Timpeall an ama seo bliana ní bhíonn stop ar bith le cóisirí na Nollag!

Beidh an banna reggae Bréag ag cóisir i dtigh Madden’s anocht i mBéal Feirste!

Amárach ansin a bheidh lucht Chlub Chonradh na Gaeilge ag gabháil buíochais lena mbaill, a gcairde agus a gcustaiméirí a bhí dílis dóibh i rith na bliana.

Is ann a bheidh ceol beo, scroid agus cúpla gloine glühwein… mar aon le comhluadar breá, táim cinnte!


John Spillane & eile / Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Bhuirne, 15-18 Nollaig

Beidh an Speallaire, John Spillane ina chontae dúchais an Aoine seo, ag seinm ceoil in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh i mBaile Bhuirne.

Tá tréimhse caite ag John i mbun ceardlanna amhránaíochta i mbunscoileanna Mhúscraí le tamall anuas agus beidh cuid de na daltaí sin, a bhí faoina chúram, ar stáitse in éineacht leis le linn na coirme.

Beidh críoch an-bhreá á cur le himeachtaí na bliana san ionad i rith na seachtaine romhainn.

Beidh ceadal pianó le daltaí pianó Ailín Ní Fhlannagáin ar bun tráthnóna Dé Sathairn, agus ar an Domhnach baileoidh baill Prism Ensemble ar an ardán leis an seó ceoil ‘Musical Love Letters’, a dhíreoidh ar an gceol clasaiceach.

Mar sméar mhullaigh air sin ar fad, beidh ceolchoirm mhór na Nollag ar siúl ar an Luan!

Rogha bhreá ó thaobh na siamsaíochta de ó mhuintir an ionaid, mar is iondúil!


Pop Up Gaeltachtaí / Tábhairne Tanker’s, Lios Tuathail Dé hAoine 15 Nollaig @ 20:00 + Tábhairne Callanan’s Corcaigh, Dé Sathairn 16 Nollaig @ 20:00 + Bialann Molloy’s, Tamhlacht, Déardaoin 21 Nollaig @ 20:00

Tá a thuilleadh Gaeltachtaí ag preabadh aníos an tseachtain seo timpeall na tíre ar fad.

Tá faobhar faoi mhuintir Lios Tuathail agus iad ag tabhairt faoi PhreabGhaeltachtaí a eagrú.

Beidh Pop Up na Nollag ar siúl acu i dtábhairne Tanker’s ar an mbaile Dé hAoine beag seo.

Soir trasna na tíre i gCorcaigh ar an Satharn a bheidh Gaeil Chorcaí ag teacht le chéile d’ócáid i Callanan’s, atá ar Ché Sheoirse.

Anuas air sin ar fad, seachtain ó inniu, ar Ghrianstad an Gheimhridh, a bheidh lucht labhartha na Gaeilge i mBialann Molloy’s, ag imeacht atá á eagrú ag Gaelphobal Thamhlachta.


Léamh le Alex Hijmans / Siopa Chló Iar Chonnacht, An Spidéal, Dé Sathairn 16 Nollaig @ 17:00

Tá siopa leabhar nua oscailte ag Cló Iar Chonnacht sa Spidéal, ní rófhada ón gCeardlann ar an mbaile.

Beidh an scríbhneoir Alex Hijmans i láthair ann ar an Satharn agus é ag léamh sleachta óna leabhar nua, dar teideal Idir Dhá Shaol.

Tar éis do blaiseadh a thabhairt don bpobal dá shaothar, beidh deis ag an lucht freastail ceisteanna a chur ar an údar faoina leabhar nua chomh maith.


Gatehouse / Ionad Ealaíon an Dock, Cora Droma Rúisc, Dé Céadaoin 20 Nollaig @ 20:30

Is i gContae Liatroma a bheidh an banna ceoil Gatehouse Dé Céadaoin seo chugainn in Ionad Ealaíon an Dock i gCora Droma Rúisc.

Ceol breá ó John Wynne, Rachel Garvey agus John agus Jacinta McEvoy atá geallta, rianta óna n-albam Tús Nua gan dabht chomh maith!


Oíche Tóg an Mic, le REIC & Imram / Brú an Generator, Margadh na Feirme, BÁC, Dé Luain 18 Nollaig @ 19:30

Is i Margadh na Feirme a bheidh ócáid tóg an mic ar siúl Dé Luain seo chugainn.

Tá tamall ann ó bhí Ciara Ní É, bunaitheoir na hoícheanta filíochta agus aithriseoireachta seo dar teideal REIC, ar thalamh na tíre, mar gur thug sí faoi bhliain mhúinteoireachta i Philadelphia SAM cúpla mí ó shin.

Fillfidh sí do shaoire na Nollag agus an ócáid seo eagraithe aici i gcomhar le hIMRAM.

Beidh scoth na n-aíonna ina teannta ar ardán ag soláthar na siamsaíochta, ina measc an t-údar Alex Hijmans; an file Dairena Ní Chinnéide, a léifidh a cuid dánta le tionlacan ó Steve Cooney; agus Maitiú Ó Coimín, a d’aistrigh an leabhar Duan na Nollag go Gaeilge le déanaí agus a bheidh ag léamh sleachta as ar an oíche.

Gealltar go mbeidh braon uisce beatha ar fáil d’oirfidigh a thabharfaidh faoin ardán!

Más mian leat páirt a ghlacadh agus do shaothar a reic, cuir scéala chuici ar rphost (reic.eire@gmail.com) nó téir díreach chuici ar an oíche féin!

SCÉALTA EILE