8 n-imeacht Ghaelacha!

1) BLAISEADH DI: Beoireachtas / Club Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, BÁC, Dé hAoine 16 Nollaig @7.30-9.30in

“Píosa beag oideachais agus neart blaiseadh!

Sin cur chuige na hoíche ag an chéad Bheoireachtas riamh, a deir fear a’ tí Pádraic Ó Griallais ón chomhlacht poitín ‘Micil’.

Beidh bunaitheoir Micil ag roinnt a chuid saineolais faoina tháirge féin, agus beidh blaiseadh beorach ó ghrúdlann Éireannach ann mar aon le biotáille Ghinéive bhlasta as an Daingean.

Beidh aistritheoir éachtach Cluiche na Corónach, Game of Thrones as Gaeilge, Oisín Ó Muirthile i láthair ar an oíche fosta agus beidh ceol beo go maidin ann!

Tá €15 ar thicéad agus rachaidh an brabús ar fad chuig Na Gaeil Óga CLG.


2) CEOL & CRAIC: ‘Barr an Tí’ na Nollag/ Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste, Dé hAoine 16 Nollaig @9in

Beidh Boss Sound Manifesto (thuas), na racairí óga Dysania agus JJ ildánach Ó Dochartaigh ag teacht le chéile d’oíche mhór cheoil agus scléipe i dtuaisceart Bhéal Feirste amárach.

Oíche iontach a bhíonn ann ag imeachtaí Barr an Tí agus bí cinnte gurb amhlaidh an scéal amárach agus ceiliúradh luath á dhéanamh ar an Nollaig san ionad ar Bhóthar Aontroma.

£10 ar an doras agus tabhair leat do dheoch féin!

Ná déanaigí dearmad ach an oiread go bhfuil Kíla ag cur tús le camchuairt an gheimhridh sa Limelight i mBéal Feirste san amárach chomh maith… áit a mbíonn Kíla bíonn craic!


3) IMEACHT TEAGHLAIGH: An Beithilín Beo / Áras Chrónáin, Ionad Cultúrtha Chluain Dolcáin, Lána Uisce, BÁC 22, Dé Sathairn 17 & Dé Domhnaigh 18 Nollaig ó 2in-6in

Is é fear Chluain Dolcáin Peadar Ó Caomhánaigh a chuir ar an eolas muid faoin bheithilín beo agus faoi agallamh againn le déanaí.

Bíonn ainmhithe, aisteoirí agus babaí beag beo le feiceáil sa Bheithilín Beo in Áras Chrónáin, a bheas á léiriú ar bhuille na huaire ó 2-6in Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.

Is iad muintir Chrónáin agus muintir na háite a bheas i mbun mhainséir a thógáil sa tseanstíl.

Má tá tú sa phríomhchathair, tabhair aghaidh ar an tarraingt ar leith seo.


4) IMEACHT POBAIL: Fóram don Óige / Seánscoil Sailearna, Indreabhán, Conamara, Gaillimh, Dé hAoine 16 Nollaig

Tá Fóram don Óige á eagrú ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh i gcuideachta urlabhraí Shinn Féin do Ghnóthaí Óige, Donnchadh Ó Laoghaire TD, agus painéal de dhaoine óga ón cheantar Chois Fharraige.

Beidh deis ann plé a dhéanamh i nGaeilge ar na ceisteanna atá ag déanamh imní d’ógánaithe na Gaillimhe agus breathnú ar aon réiteach ar mhaith leo a fheiceáil orthu.

Fáilte roimh chách.


5) CEOLCHOIRM: Cór Fear na Déise / Óstán Lawlor, Dún Garbhán, Dé Sathairn 17 Nollaig @ 7.30in

Tiocfaidh fir bhreátha cheolmhara na nDéise le chéile do cheolchoirm na Nollag i nDún Garbhán, Dé Sathairn.

Tá clú agus cáil ar fhir Phort Láirge agus níl le déanamh agat dul chuig an cheolchoirm seo le fáil amach cén fáth!

€15/10 atá ar thicéad agus rachaidh an t-airgead go Cumann Fhiobróis Chisteach na hÉireann.


6) SEISIÚN TRAENÁLA: Aclaí na Nollag / Ionad Aclaí, Páirc Ghnó Crawford, Dé Sathairn 17 Nollaig @10-11.30rn

Is dual le dream Aclaí seisiún traenála carthanachta a reáchtáil an t-am seo bliana le hairgead agus bronntanais a shaothrú don SVP.

Ina bhfoirgneamh nua, i lár na cathrach, a bheas an seisiún ar siúl agus tá fáilte roimh chách.

Imeacht saor in aisce é seo ach iarrtar ar dhaoine bronntanas a thógáil leo le cur faoina chrann Nollag.

Beidh clúdaigh litreacha ann freisin más féidir airgead ar bith a thabhairt. Beidh an t-iomlán a bhronnadh ar an SVP an lá sin.


7) CEOL NOLLAG: Cór Loch Laoi agus Céilí / Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, 18 Nollaig @ 7in

Cuirfear clabhsúr ceolmhar le clár imeachtaí na Cultúrlainne do 2016 i nDánlann Dillon Oíche Dhomhnaigh.

Beidh amhráin le Cór Loch Laoi, faoi stiúir Dhoiminic Mhic Giolla Bhríde, agus seinnfidh díséad sreang ó Cheolfhoireann Uladh aintiúin an tséasúir.

Leanfar leis an scléip ar an urlár damhsa le céilí an oíche chéanna!


8) SEÓ NA NOLLAG: Hans Christian Andersen agus a chairde / Taibhdhearc na Gaillimhe, An tSráid Láir, Gaillimh, go dtí an 21 Nollaig

Tá ceoldráma nua faoi Hans Christian Andersen, scríbhneoir cáiliúil ón Danmhairg, ar stáitse na Taibhdheirce as seo go dtí Dé Céadaoin, 21 Nollaig.

Thug sé uaidh scéalta ar nós Ordógina, Culaith Nua don Rí, An Lacha Bheag Ghránna agus An Mhaighdean Mhara agus beidh lorg na scéalta úd le feiceáil sa cheoldráma Nollaigiúil seo!

Tá scaife mór aisteoirí, damhsóirí agus ceoltóirí óga sa dráma agus is é Dáithí O’Donnell, a bhí le feiceáil sa leagan is déanaí de ‘An Triail’ le Fíbín, atá sa phríomhpháirt mar Hans.

Cibé rud atá beartaithe agaibh don deireadh seachtaine, bainigí sult as a Nósádóirí!

SCÉALTA EILE