Denise Chaila
Is í ‘061’ an singil is déanaí ón amhránaí rapcheoil iomráiteach, Denise Chaila. Ba é Stephen Hall ó Narolane a chuir an físeán ceoil le chéile agus MuRli a léirigh an rian. Rinneadh an scannánú in uaimh cháiliúil na hAille Buí i gContae an Chláir agus i mbaile dúchais an amhránaí, Luimneach. Anuas air sin, chuir Denise agallamh ar an Uachtarán Mícheál D Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin don iris Hot Press an mhí seo. Labhair an bheirt faoin saol, an pholaitíocht agus cumhacht na bhfocal.
Singil nua ‘HEAL’ le Celaviedmai
Taispeántar taobh níos boige agus níos leochailí den amhránaí rapcheoil Celaviedmai san fhíseán dá singil nua ‘HEAL’ (stiúr. Bekah Molony). Tá aithne mhaith ar Celaviedmai mar gheall ar a liricí crua agus a cuid fuinnimh agus í ar an stáitse. Diúltaíonn sí san amhrán nua don bhrú a bhíonn ar mhna iad féin a chur in iúl i gcónaí mar dhaoine cumhachtacha gan eagla.
Uruemu Adejinmi – an chéad bhean dhubh a toghadh ina meara in Éirinn
Is í an comhairleoir de chuid Fhianna Fáil Uruemu Adejinmi an chéad bhean dhubh a toghadh ina méara in Éirinn. Toghadh Adejinmi ina cathaoirleach ar Chomhairle Contae an Longfoir an tseachtain seo caite. Tháinig Uruemu Adejinmi go Longfort ón Nigéir in 2003 agus chuaigh sí le Fianna Fáil in 2016. Toghadh ina comhairleoir contae í in 2020.
Seachtain an Bhróid Dhuibh
D’oibrigh Black & Irish agus Rooted United LGBTIQ+ as lámha a chéile leis an gcéad ‘Seachtain an Bhróid Dhuibh’ a lainseáil. Roinneadh scéalta daoine dubha agus cinemheasctha in Éirinn ar na leathanaigh Instagram i rith na seachtaine agus insíodh scéalta daoine dubha stairiúla agus inspioráideacha ó gach cearn den domhan.