Afra-Éire: Clár teilifíse ag Loah agus scéalta eile ón bpobal Afra-Éireannach

Duine de dhath – Duine Dubh

Tá téarma nua againn anois do ‘person of colour’ as Gaeilge – ‘duine de dhath’. Bhí ‘duine daite/duine de chine daite’ nó ‘duine neamhgheal’ ann roimhe seo, ach chuir Tearma.ie an téarma nua leis an mbunachar an mhí seo caite. Anuas air sin, tá an rogha ann ‘duine dubh’ a úsáid do ‘Black person’ seachas chomh maith le ‘duine gorm’.

Bhí go leor plé agus díospóireachta ar an téarmaíocht nua ‘duine de dhath’ ach ba léir dom ó na meáin shóisialta gur ghlac agus cuireadh fáilte roimh an téarma nua seo den chuid is mó.

The Heart of Saturday Night – RTÉ

Tá an t-amhránaí cumasach, Loah, ar dhuine de láithreoirí an chláir nua, The Heart of Saturday Nightar RTÉ One. Clár ina dtaispeántar amhránaithe iontacha ó cheann ceann na tíre. Bhí an t-amhránaí, Tolu Makay, le feiceáil ar chlár na seachtaine seo.

Tuairisciú Coireanna Fuatha ar Líne

Tá uirlis nua ar líne ar Garda.ie le tuairisciú a dhéanamh ar Choireanna Fuatha. Aon chion coiriúil, a bhraitheann an t-íospartach nó aon duine eile a bheith spreagtha ag naimhdeas nó claontacht, bunaithe ar aois, míchumas, cine, dath, náisiúntacht, eitneachas, reiligiún, claonadh gnéasach nó inscne, is féidir tuairisciú a dhéanamh air ar líne anseo.

Ceolchoirm Celaviedmai

Beidh an t-amhránaí rapcheoil cumasach, Celaviedmai, ar an stáitse arís den chéad uair le dhá bhliain ag an bhféile Sounds of the Summer ar an 7 Lúnasa ag 20.00 sa Sound House i mBaile Átha Cliath. Tá líon teoranta ticéad ann ann – faigh do cheannsa go luath!

SCÉALTA EILE