Black and Irish: For The Culture Festival
Fógraíodh ar leathanach Instagram Black & Irish go mbeidh an chéad fhéile cheoil acu ar an 28 Bealtaine 2022, ag Teach na bhFoithrí i gcontae na Mí. Beidh trí áit ar fail do cheol rap, hip-hap agus R&B. Chomh maith leis sin, beidh filíocht ó bhéal, filíocht, Amapiano, pop, ceol damhsa, drill ar na hardáin agus gnólachtaí Dubh-Éireannacha, faisean, coiméide, podchraoltaí beo agus bia Afra-Cairibeach ann freisin.
Is féidir @fortheculturefestival a leanúint ar Instagram le tuilleadh eolais a fháil.
Negro Impacto
Eiseoidh an banna Negro Impacto EP nua, faoin ainm céanna, Dé Luain an 4 Deireadh Fómhair. Beirt as Dún Dealgán darb ainm Chi Chi agus StrangeLove atá in Negro Impacto agus deir siad go bhfuil siad “ar bís go bhfuil an t-am tagtha dóibh agus nach shroichfeadh siad an pointe seo gan chabhair ó na daoine is cruthaithí agus dílse a bhfuil baint acu leo”. An chéad singil atá acu ón EP ná ‘Lockdown Syndrome’.
Is féidir an EP a réamhshábháil ar Spotify anois.
Hector: Éire Nua

Cuireadh tús le sraith nua teilifíse ina dtabharfaidh Hector faoi thuras ina chuaifeach ar fud na hÉireann ag casadh leis na daoine éagsúla iontacha atá tagtha ó thíortha thar lear le cur fúthu anseo in Éirinn. Sa chéad eagrán de Éire Nua tosaíonn Hector a thuras ag bruacha na hAbhann Duibhe ina bhaile féin, an Uaimh, áit a mbuaileann sé le láithreoir raidió Nigéarach, Yemi Adenuga, atá anois ina comhairleoir áitiúil do co na Mí. Craoltar Hector: Éire Nua ag 21:30 ar TG4 ar an Déardaoin.
‘Nanny, Ma and Me’
Leabhar nua leis an aisteoir Jade Jordan agus a máthair agus a seanmháthair., beathaisnéis trí ghlúine.
Chuaigh seanmháthair Jade, Kathleen, as Éirinn go Sasana ag deireadh na 1950idí chun traenáil a dhéanamh mar altra. Le linn di a bheith ann, thit sí i ngrá agus phós sí fear as Iamáice. Bhí beirt mhac agus iníon, Dominique, acu agus bhí ina gcónaí in Walthamstow, baile lán éagsúlacht agus cultúir in London. Ach nuair a shocraigh Kathleen filleadh abhaile go Baile Átha Cliath, fuair sí amach gur raibh dath craicinn a leanaí difriúil óna chéile – agus go mbeadh a saol nua in Éirinn an-difriúil leis an saol in London.
Anseo, sa bheathaisnéis ilghlúine macánta croíúil seo a bhfuil go leor grinn ann insíonn Kathleen, Dominique agus a hiníon Jade a scéal.
Ó thaobh díograis Kathleen, a leanaí a thógáil le grá i lár Bhaile Átha Cliath, go Dominique ag streachailt leis an bhfás aníos mar dhéagóir óg dubh, go heispéiris Jade féin mar bhean dhubh in Éirinn san aonú haois is fiche. Scéal faoi chine is ea Nanny, Ma and Me, cuntas ar thír lán le neamhréiteach atá ina croílár scéal faoi chumhacht an phobail, an ghrá agus triúr ban a chuir a teaghlaigh chun cinn.