Gradaim Black and Irish
Bhí na chéad Ghradaim Black & Irish ar siúil Dé Sathairn seo in Óstán Hilton ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Díoladh iomlán na dticéad don ócáid, agus bronnadh deich ngradam i gcatagóirí éagsúla: Tionchairí, Gníomhaithe, Fiontraithe, Pearsantacht, Ardán, Podchraoladh, Ealaíontóirí Fionnachtain, Mná sa cheol, Fir sa cheol, agus Réalta an Phobail.
Seo a leanas na buaiteoirí:
Amhránaí mná na Bliana: Tolü Makay
Amhránaí fir na Bliana: Offica
Réalta an Phobail: Blezzing Dada
Ardán na Bliana: Created in Éire
Podchraoladh na Bliana: Where’s Your Head At
Pearsa na Bliana: Victoria Adeyinka
Fiontraí na Bliana: Freeborn Noble
Tionchaire na Bliana: BillyKiss
Nuíosach na Bliana: Sello
Pamela Uba
D’imigh ionadaí Éireann do Miss World, Pamela Uba, go Puerto Rico an mhí seo caite le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn. Rugadh Uba san Afraic Theas do thuismitheoirí Nigéarach agus ba í an chéad ionadaí dubh Miss World in Éirinn riamh. Bhog sí go hÉirinn nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois agus chaith sí deich mbliana sa Soláthar Díreach. Deir sí go raibh sé an tréimhse a chaith sí sna hionaid sin an-deacair ar a meabhairshláinte agus ar mheabhairshláinte a muintire.
King Richard
Tá scannán nua King Richard amuigh sna pictiúrlanna faoi láthair, scannán atá bunaithe ar scéal inspioráideach óige na ndeirfiúracha leadóige, Venus agus Serena Williams. Feictear an scéal trí shúile a n-athair, Richard Williams, a tháinig aníos leis an smaoineamh dá n-iníonacha leadóg a fhoghlaim ionas go mbeidís in ann bogadh amach ón gceantar bocht, Compton, L.A., áit inár fhás siad aníos. Taispeántar sa scannán na dúshláin agus ciníochas a d’fhulaing na Williams agus iad ag traenáil. Bhí ócáid speisialta den scannán sa Lighthouse i mBaile Átha Cliath cúpla seachtain ó shin le Black and Irish.
Léachtóir DCU
Tháinig roinnt eolais chun solais le déanaí go raibh blag ag léachtóir ríomhaireachta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ina dúradh rud maslach agus ciníoch faoi bhás an fhir dhuibh George Floyd – “another useless criminal who dug his own grave.” Bhí go leor freagraí ar an scannal seo ar líne agus bhí agóid ag idir dhaltaí agus ghníomhaithe frithchiníocha ar siúil an Aoine seo caite in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcoinne an méid a bhí ráite ag an léachtóir.