CEOL: Féile na Tána, Co. Lú / 6 – 8 Feabhra
Cuirfear tús le féile nua cheoil, i gCairlinn, Contae Lú an deireadh seachtaine seo.
Féile na Tána atáid ag tabhairt air agus baint láidir ar ndóigh ag scéal na Tána leis an taobh sin tíre agus leithinis Chuaille.
Beidh maithe agus móruaisle an cheoil thraidisiúnta ar ardán agus i mbun ranganna le linn an deireadh seachtaine.
Ina measc siúd beidh an bheirt atá i mbun na féile, an lánúin phósta John McIntyre agus Zoë Conway (thuas).
Is iad a chuirfidh tús le himeachtaí na Tána le ceolchoirm in Ionad Foy, ó 8in anocht. Beidh an grúpa Caiseach, (ceoltóirí óga ó Bhaile Átha Cliath), ina dteannta. Saorchead isteach!
Orthu siúd a bheidh ag roinnt a gcuid saineolais thar dhá lá, beidh: Peadar Ó Ceannabháin, Noel Hill, Michelle & Louise Mulcahy, Mary Bergin agus Gerry O’ Connor – ní ansin ach blaiseadh beag dóibh siúd a bheidh páirteach.
Beidh Séamus Begley agus Donogh Hennessy, (beirt a bheidh ag glacadh le ról an mhúinteora chomh maith dála an scéil), ar stáitse ar an Satharn, agus Pádraigín Ní Uallacháin leo ar an oíche.
Tá gach eolas faoi na ceardlanna agus ceolchoirmeacha ar fad, agus faoin dtráth na gceist boird i nGaeilge atá eagraithe chomh maith, le fáil ar feilenatana.com
CEOL: Camchuairt Aoife Scott; Port Laoise, Cill Chainnigh, Baile Átha Cliath / 6-13 Feabhra
Tá ana-mheas agam ar an amhránaí Aoife Scott. Bhuaileas léi don gcéad uair in 2013 nuair a tháinig sí chomh fada le RTÉ Raidió na Gaeltachta le hagallamh a dhéanamh do chlár lena mbínn ag plé leis ag an am, Thall ‘s Abhus.
Táim á leanúint ó shin ar Facebook, Twitter agus dár ndóigh ag coimeád súil ghéar, nó cluas ghéar fiú, ar a cuid ceoil!
Is minic í in éineacht le Enda Reilly ar stáitse agus chaith sí seal leis an ngrúpa The Outside Track chomh maith.
Beidh sí le feiscint i gcontaetha difriúla Chúige Laighean an tseachtain seo in éineacht lena deartháir Eoghan, (giotár), Michelle O’ Brien, (fidil), agus Conor Lyons, (Bouzouki).
Is i bPort Laoise a bheidh siad anocht; Cill Chainnigh ar an Domhnach; Bewleys, Sráid Ghrafton, Dé Luain seo chugainn, (ticéid ar fad díolta dó seo!); agus sa Pavillion i nDún Laoghaire, seachtain ó inniu, Dé Aoine an 13ú Feabhra.
CEOL: Tiarnán Ó Duinnchinn agus Laoise Kelly; Ionad Shéamuis Ennis, An Aill, agus An Lab sa Daingean / 6+8 Feabhra
Is mó ceolchoirm thaitneamhach a reáchtáladh thíos sa Daingean, in ionad An Lab, ar Shráid Eoin, anuraidh.
Beifear ag leanúint leis an traidisiún sin i mbliana. Suíomh álainn atá ann do dhrámaí, ceolchoirmeacha agus seoltaí.
Is ann a bheidh an cruitire Laoise Kelly (thuas) agus fear na bpíob Tiarnán Ó Duinnchinn an Domhnach beag seo.
Tá deireadh seachtaine gnóthach rompu beirt amach! Beidh siad san Aill i mBaile Átha Cliath in ionad Shéamuis Ennis, anocht; agus beidh Tiarnán le feiscint le hiar-bhuaiteoirí eile an bhoinn, Bonn Óir Sheáin Uí Riada, in Óstán Pháirc Bhaile an Róisitgh ar an Satharn (féach thíos).
CEOL: Bronnadh Bhonn Óir Sheáin Uí Riada; Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, Corcaigh / Anocht, 7in
Ceolchoirm le iar-bhuaiteoirí an bhoinn, Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh / Dé Sathairn, 8in
Le roinnt blianta anuas, tá forbairt agus rath ana-mhór tagaithe ar an gcomórtas ceoil a eagraíonn Peadar Ó Riada, ar a chlár raidió, Cuireadh chun Ceoil.
Ba í Aoife Ní Bhriain a bhuaigh an chéad bhliain é, nuair a roghnaíodh an fhidil mar uirlis cheoil an chomórtais.
Is ag filleadh ar an uirlis sin atáid arís i mbliana, agus is anocht a reáchtálfar an chraobh do Bhonn iomráiteach Óir Sheáin Uí Riada, agus duaischiste de €2000.
Nach deas an duais a bheidh ann do dhuine den gcúigear déag a thabharfaidh faoin stáitse?
I measc na n-iomaitheoirí, tá deartháir agus deirfiúr as Bostún Mheiriceá, mar aon le ceathrar eile as an tír sin.
Beidh siad san iomaíocht le fidléirí as Ciarraí, Ard Mhacha, BÁC, Liatroim, Tiobraid Árann agus Port Láirge.
Is í Sarah O’Gorman as Port Láirge, 16, an t-iomaitheoir is óige.
Is faoi na moltóirí – Connie O’Connell, Ciarán Ó Maonaigh agus Seán Keane – a bheidh an cinneadh ag deireadh na hoíche. Go n-éirí leo!
Mura n-éiríonn libh a bheith i láthair, is féidir éisteacht leis an gcomórtas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar chlár Pheadair, óna 7in tráthnóna.
Tá ceolchoirm speisialta eagraithe don gcéad uair i mbliana don Satharn.
Páirteach beidh iar-bhuaiteoirí an bhoinn le ceithre bliana anuas – Aoife Ní Bhriain, Tim McHugh, Tiarnán Ó Duinnchinn, Oisín Morrison (beirt thuas) agus Cormac Begley. An t-ionad céanna, óna hocht a chlog.
Tá na buaicphointí siamsa seo á gcur i láthair in éineacht leis an gclár Cormaic ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craoltar an mhír shiamsaíochta ar an gclár gach Aoine.