Ainm Cleite: féile nua i gCeantar na nOileán

Beidh Ceantar na nOileán i gConamara lán beochta an deireadh seachtaine seo agus an fhéile Ainm Cleite ar siúl ann den chéad uair.

Is mar aitheantas ar scríbhneoirí agus ar fhilí na háite a cuireadh an fhéile ar bun agus tá clár lán ceardlann, imeachtaí sóisialta agus siamsaíochta beartaithe don 15-17 Meán Fómhair.

Ar bhuaiceanna na féile tá an gradam saoil a bhronnfar oíche amárach i Sportlann Naomh Anna ar Thom a’ tSeoighe, fear áitiúil agus duine de na filí is bisiúla i gConamara.

Le linn an lae Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh tabharfaidh Ciarán Ó Fátharta, Mícheál Ó Flaithearta, Síle Denvir agus Máirtín Tom Sheáinín léachtaí ar scríbhneoirí éagsúla na dúiche agus seolfar an leabhar Cuntas le hAindreas Vogel.

Tá Áine Durkin i measc na scríbhneoirí a mbeidh a saothar faoi chaibidil agus lena chois sin tabharfaidh sí caint uaithi ar na scríbhneoirí ban ón gceantar.

“Táim ag súil go mór le mo chuid taithí phearsanta fhéin, mar scríbhneoir, a roinnt ag an bhféile,” arsa Áine.

“Tá mná na n-oileán fite fuaite ag an snáth ceangail atá ann ó thosaigh mná ag cumadh agus ag caomhnú na teanga agus an dúchais ó thús ama.”

Mar aon leis na léachtaí agus na ceardlanna, beidh imeachtaí do pháistí, siúlóidí agus taispeántas bád ann, chomh maith le seisiúin cheoil i dTí Phlunkett, Tí Mháirtín Tom, Tí Foley agus Tí Phádraic Mháirtín Beag.

Tá idir thicéid lae agus ticéid deireadh seachtaine ar díol d’Ainm Cleite – is féidir iad sin a cheannach agus an clár iomlán a fháil ach cuairt a thabhairt ar glornanoilean.ie.

SCÉALTA EILE