Is é an t-ainm Gaeilge ‘Liam’ an t-ainm is coitianta in 23 stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá, de réir eolais atá curtha ar fáil ag an suíomh idirlín Nameberry. Cruinníonn lucht Nameberry eolas faoi na hainmneacha a thugtar ar pháistí ar fud an domhain agus foilsíonn staitisticí chuile mhí.
Scaip an comhlacht léarscáil ar na meáin shóisialta ag an deireadh seachtaine ar a léirítear na hainmneacha ba choitianta sna stáit éagsúla in 2020. Tá ‘Liam’ ar bharr an liosta in 23 stát ar fud na tíre, ó Hawaii go New York. Tá an leagan Béarla den ainm ar bharr an liosta in dá stát – Alabama agus West Virginia – agus in Washington DC. Ar na hainmneacha eile atá coitianta i Meiriceá tá Oliver (17 stát); Noah (5 stát); agus James, Henry agus Lucas atá ar bharr an liosta i dtrí stát eile.
Ní raibh ainm Gaeilge do chailíní ar bharr an liosta do stát ar bith, de réir fhigiúirí Namberry, ach bhí leaganacha éagsúla de Chiara agus Méabh le feiceáil go hard ar na liostaí do roinnt stát.
Tá ‘Maeve’ sa dara háit ar an liosta do na hainmneacha do chailíní is mó cuardach ar shuíomh Nameberry féin i mbliana – a bhuí, seans, leis an tsraith Netflix Sex Education agus an príomhcharachtar Maeve Wiley. Tá ‘Kiera’ sa gcéad áit ar liosta na n-ainmneacha ‘uathúla’ do chailíní – is é sin le rá an 1001ú ainm ar mhórliosta na n-ainmneacha coitianta.
Tá an t-ainm ‘Finn’ (nó ‘Fionn’) sa séú háit ar liosta na mbuachaillí sa rannóg chéanna.
Ar chairt eile a d’fhoilsigh Nameberry le deireanas, tugtar léargas ar na hainmneacha atá ‘neodrach ó thaobh inscne de’ i Meiriceá. Is é sin le rá, ainmneacha a thugtar go coitianta ar bhuachaillí agus ar chailíní araon. Bhí an t-ainm Gaelach ‘Rory’, ar leagan é den ainm Gaeilge ‘Ruairí’, ar bharr an liosta sin in Rhode Island. Ainneoin nach iondúil a thugtar Rory ná Ruairí ar chailíní sa tír seo, is í an Rory is cáiliúla i Meiriceá faoin am seo ná Lorelai ‘Rory’ Gilmore, duine de phríomhcharachtair na sraithe teilifíse The Gilmore Girls a bhí ar an scáileán beag ó 2000 go 2007 agus atá fós i mbéal an phobail.
Bhí ainmneacha eile Gaelacha ar liosta na n-ainmneacha atá neodrach ó thaobh inscne de don tír uilig freisin: ‘Riley’ (Raghallach), ‘Ryan’ (Rian), ‘Quinn’ (Conn), agus ‘Finley’ (Fionnlaoch).