Is féidir áit a chur in áirithe anois don láthair champála Ghaeltachta a bheidh ag an Electric Picnic i mbliana. Fógraíodh an tseachtain seo caite go gcuirfear láthair ar leith ar fáil do chainteoirí Gaeilge ar mian leo campáil le chéile ag an bhféile cheoil agus ealaíne is mó in Éirinn.
Cé go raibh a leithéid de láthair ann ar bhonn neamhoifigiúil blianta eile, seo í an chéad uair a bheidh láthair oifigiúil Ghaeltachta ag an bhféile. Tá an láthair á heagrú d’fhéile na bliana seo i gcomhar le Bliain na Gaeilge, atá á ceiliúradh faoi láthair.
Tá 200 spás ar fáil sa láthair Ghaeltachta, a bheidh lonnaithe sa ngarraí ‘Oscar Wilde’ ar imeall na láithreacha campála. Tá na ticéid uilig do Electric Picnic 2018 díolta cheana féin ach is gá dóibh siúd a bhfuil ticéad acu clárú leis an láthair champála Ghaeltachta ar líne roimh an bhfeile lena n-áit ann a chinntiú.
Bíonn an Puball Gaeilge ag Electric Picnic chuile bhliain, agus beidh sé ann arís i mbliana agus scoth na gceoltóirí Gaelacha ar an ardán ann. Den chéad uair riamh i mbliana, beidh an dara hardán Gaeilge ann, agus ardán speisialta eagraithe ag Bliain na Gaeilge d’fhéile na bliana seo.
Beidh an Electric Picnic á reáchtáil don 15ú bliain sa Sráidbhaile i gContae Laoise ón 31 Lúnasa go dtí 2 Meán Fómhair agus leithéidí Kendrick Lamar, xMassive Attack agus N*E*R*D le bheith ar an bpríomhardán, i measc na gcéadta ceoltóirí eile.
Ar na hardáin Ghaeilge beidh leithéidí Scannal, a chuir na sluaite ag damhsa ag Féile na Gealaí an mhí seo caite, Seo Linn, a bheidh díreach fillte ó chamchuairt mhór i Meiriceá, Lauren Ní Chasaide, Liam O’Connor, Just Like Us, Dó Fá Dó agus go leor eile ina measc. Anuas ar an gceol, beidh an ócáid filíochta Reic a reáchtáil ann chomh maith le ceardlanna agus imeachtaí eile.
Dúirt Síomha Ní Ruairc, comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge go bhfuil “ríméad” uirthi a bheith ag obair le heagraithe Electric Picnic, Festival Republic, le “láithreacht na Gaeilge a neartú” ag an bhféile.
“Beidh an t-ardán suite i gceantar álainn le hatmaisféar draíochtúil, atá oiriúnach dár gcultúr speisialta a bheidh á chur in iúl againn trí cheol, damhsa, scéalaíocht agus filíocht ag Electric Picnic.
“Tá muid fíorbhuíoch as an deis seo atá againn an láithreacht sin a neartú ag an bhféile, ceann de na feilte is mó in Éirinn, mar chuid de Bhliain na Gaeilge, ní hamháin ar an ardán Gaeilge sa Chollchoill ach leis an láthair champála nuabhunaithe ‘An Ghaeltacht’ chomh maith,” a dúirt sí.
Mhaígh Síomha go gcruthóidh an láthair nua “spás do phobal na Gaeilge” ina gcothófar cairdeas trí Ghaeilge agus ina mbeidh an chraic le fáil “fiú nuair a bheidh an ceol agus na himeachtaí eile thart ag deireadh an lae”.
Thug urlabhraí ó Festival Republic féin le fios go bhfuil sé i gceist acu “go mbeidh an Ghaeilge níos feiceálaí” ag Electric Picnic i mbliana ná mar a bhí blianta eile.
“Is féile ealaíne agus chultúir í an Electric Picnic, agus táimid ag súil go mór le cutlúr agus teanga na Gaeilge a chur chun cinn, ní hamháin ó thaobh an cheoil agus na siamsaíochta de, ach trí fháilte mhór a chur roimh phobal na Gaeilge agus spás a chothú dóibh chomh maith, a dúirt Sorcha O’Reilly.