Cuirfear tús le camchuairt náisiúnta an mhórléirithe Gaeltachta Aisling? in amharclann an Olympia i mBaile Átha Cliath tráthnóna amárach. Cuireadh Aisling? ar stáitse in 2016 mar chuid de mhórchomóradh 1916. Tá an léiriú á thabhairt ar camchuairt arís i mbliana mar chuid de Bhliain na Gaeilge.
Is é an drámadóir aitheanta Darach Mac Con Iomaire a léirigh agus a stiúir an seó mór Gaeltachta ina thugtar an pobal ar “thuras machnamhach ealaíne” chun scéal na Gaeltachta le céad bliain anuas a chíoradh “go taibhsiúil le ceol, filíocht, damhsa agus na fís-ealaíona”.
Cliar láidir Ghaeltachta a bheidh ar an ardán san Olympia tráthnóna amárach, agus ionadaithe ann ó cheantair mhóra Ghaeltachta na tíre.
Ó Ghaeltacht Thír Chonaill beidh an t-amhránaí agus fidléir aitheanta Mairéad Ní Mhaonaigh, a bhain cáil amach leis an mbanna ceoil Altan; an scríbhneoir agus taibheoir Eoghan Mac Giolla Bhríde, atá i gceannas ar an gcomhlacht Éabhlóid; agus an fidléir Ciarán Ó Maonaigh.
Ó cheantair Ghaeltachta na Mumhan beidh; Méabh Ní Bheaglaoich, ceoltóir agus amhránaí; agus Caoimhín Ó Fearghail, píobaire agus fliúiteadóir Déiseach.
Cúigear a bheidh ar an ardán as Gaeltacht na Gaillimhe, idir Chonamara agus Oileáin Árann: Seán Ó Flaithearta, Johnny Óg Connolly, Róisín Seoighe, Eoin Mac Donncha, agus Eoin Geoghegan.
Saothair nuachumtha á léiriú a mór-ealaíontóirí comhaimseartha na Gaeltachta é Aisling? agus súil ag lucht a stiúrtha go spreagfaidh sé agus agus músclóidh sé “spiorad pobail” sa lucht féachana trí a bheith mar “nasc cruthaitheach chuig an ionracas ealaíonta a thug inspioráid do cheannairí 1916” — dream ar a dtugtar ‘Glúin na hAislinge’ air go minic.
Ní gnáth cheolchoirm ná dráma stáitse é Aisling? agus tugtar cuireadh ann don phobal nascadh “lena ndúchas, lena n-oidhreacht agus lena bhfuil in ndán [don phobal]”.
Dhá bhliain ó shin, thug lucht Aisling? camchuairt ar fud na Gaeltachta agus an seó á léiriú acu i dTír Chonaill, i gConamara, i gCorca Dhuibhne agus i gCorcaigh. Anois, tabharfaidh camchuairt na bliana seo ó Bhaile Átha Cliath, Port Láirge, Béal Feirste, Doire, agus Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí.
Tá ticéid ar fáil do Aisling? anseo.