Tá aisteoirí a bhfuil “Gaeilge líofa” acu á lorg do róil éagsúla i sraith nua Ghaeilge a bheidh á taifeadadh i nDún na nGall amach sa bhliain. Ní gá go mbeadh na haisteoirí a chuirfidh isteach ar na róil lonnaithe i nDún na nGall ach deir an comhlacht roghnaithe aisteoirí Áine O’Sullivan casting go mbeadh sé “idéalach” dá mbeidís “lonnaithe i nDún na nGall agus sna ceantair atá timpeall air”.
Níl aon teorainn leis an gcineál duine atáthar a lorg don tsraith nua agus ba mhaith leis an gcomhlacht “cloisteáil ó aisteoirí de gach aois, inscne, cine, agus eitneacht” agus iad sa tóir ar na daoine cearta do na róil. Ní gá go mbeadh aon taithí aisteoireachta ag na daoine a chuirfidh isteach ar na róil agus íocfar na haisteoirí a roghnófar.
Ní mór d’aisteoirí a bhfuil spéis acu sna róil a n-ainm, grianghraf, CV aisteoireachta, eolas faoin ngníomhaire atá acu (má tá) agus nóta beag faoina gcumas teanga a chur ar aghaidh chuig Áine O’Sullivan – aine@aineosullivancasting.com.