Albam láidir a fhanfaidh leat i bhfad i ndiaidh a sheinnte

Nuair a labhair Nós le Seamus Fogarty siar in 2017 chuir sé ceol Lankum i gcosúlacht le blaincéad de dhéantús Foxford Woollen Mills den chaighdeán is airde (cé, dár leis, nach ligeann sé riamh duit éirí róchompordach). 

Níl dul amú ar Fogarty — tá dúchas, fíneáltacht agus amhábhar den chaighdeán is airde i gceist le huige cheoil Lankum. I gcomparáid leis, tá mórán de cheol ár linne ar nós bratóige lomra a ceannaíodh in Lidl — rud saor spéiriúil déanta as ábhar sintéiseach nach bhfuil aon mhaith ann chun duine a choimeád te nuair atá teipthe ar an gcóras téimh lárnaigh i lár an gheimhridh. 

Mar dhuine a tógadh le ceirníní Planxty a thuismitheoirí, táimse faoi gheasa ag nós Lankum gnéithe de cheol post-rock leithéidí Mogwai agus Dirty Three a shní isteach in amhráin thraidisiúnta den saghas céanna a mbíodh a gcanadh ag Andy Irvine agus Christy Moore le Planxty.  

Saothar é The Livelong Day a thugann omós ar leith do luach an ndordáin chun cur le fuinneamh agus atmaisféar amhráin, bíodh dos na bpíob nó an glór Mellotron féin i gceist.  Albam é, freisin, a thaifead ceoltóirí a thuigeann gur fearr go minic nóta amháin san áit cheart ná cúig cinn seinnte gan chúis. Is ciúin iad na linnte lána, ambaiste, agus ar albam a chaitheann súil ghéar ar leochaileacht na staide daonna is minic an nóta amháin úd fada, lúbtha, cumhach.

Truamhéala tógtha agus méadaithe sraith ar shraith atá le clos ar an léamh fada, draíochtúil de leagan Pat Usher Chontae Lú den amhrán ‘The Wild Rover’ a chuireann tús le The Livelong Day.  Ní éiríonn chomh maith le leagan Lankum den amhrán traidisiúnta Albanach-Meiriceánach Katie Cruel, áfach. Domsa, téann Radie Peat thar fóir le cur chuige srónach canta go ró-mhall, lagmhisniúil. Is fearr liom go mór insint Lankum ar ‘The Dark Eyed Gypsy’, lena dlúth-harmóiní gutha aoibhne.

Bainfidh an bealach a shleamhnaítear ón amhrán úd isteach i leagan meidhréiseach uirlise de ‘The Pride Of Petravore’ an anáil díot. Píosa glic, craiceáilte é den saghas lena mbeifeá ag samhlú ó Tom Waits dá mbeadh sé tar éis inspioráid a aimsiú in ‘Wild Cats Of Kilkenny’ The Pogues siar in aimsir ‘Rain Dogs’.

[NASC: https://www.youtube.com/watch?v=5rukIHD7rNY]

[NASC: https://www.youtube.com/watch?v=JxKx-BBWX8Q]

Tá an dá amhrán féin-chumtha ó Lankum anseo le moladh, freisin. Radharc domhain, dáiríre ar fhéinmharú na n-óg é ‘The Young People’, a bhfuil curfá aige a fhanfaidh leat agus fiú is an nóta deiridh seinnte – “When the young people dance, they do not dance forever / It is written in sand with the softest of feathers”. 

Ag oscailt leis an línte “Sharp is the wind, cold is the rain, harsh is the livelong day upon the wide-open plain / By Donnelly’s Hollow, under soft gorse and furze there lies the young wren-o, by the saints she was cursed” roghnaíonn ‘Hunting The Wren’  an dreoilín mar mheafar dos na dídeanaithe ban, nó The Curragh Wrens, a bhailigh ar imeall an gharastúin Bhriotanaigh ar an Churrach in aimsir an Ghorta, agus a dhein striapacha dóibh féin ar mhaithe le “barrack-room favours, pennies and bread” a choimeádfadh ina mbeatha iad.

Stuif láidir, agus críoch maith le halbam croíúil a mbainfear sólás as, ar nós bhlaincéad Fogarty agus mo chóip sheanchaite de ‘The Woman I loved So Well’ Planxty, go ceann na mblianta fada.

SCÉALTA EILE