Ambasadóirí SnaG fógartha

Is iad Miriam O’Callaghan, láithreoir RTÉ, an t-aisteoir aitheanta Art Parkinson (Game of Thrones) agus Mícheál Ó Ciaraidh ó TG4 a bheas ina n-ambasadóirí ar fhéile ‘Seachtain na Gaeilge 2017’.

I mbliana, den chéad uair, beidh mórfhéile na Gaeilge á reáchtáil i gcomhpháirt leis an chomhlacht gáis agus leictreachais, Energia, forbairt a chuirfidh ar chumas lucht eagraithe na féile níos mó imeachtaí a reáchtáil ná riamh roimhe.

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge, go bhfuil siad ríméadach go mbeidh na hambasadóirí ildánacha Miriam, Art agus Mícheál ag obair leo i mbliana chun an fhéile agus an teanga á chur chun cinn.

“Is iontach an rud é triúr chomh cumasach agus chomh cáiliúil leo a bheith mar ambasadóirí, rud a thabharfaidh próifíl níos airde don fhéile,” ar sé.

Le gach bliain, tá SnaG ag fás agus ag forbairt agus tá súil le breis agus milliún duine a bheith páirteach sna himeachtaí a bheas ar siúl ar fud na tíre agus in áiteanna thar lear a bhfuil pobail cainteoirí Gaeilge ann, ó 1 go 17 Márta.

Dúirt Miriam O’Callaghan, a bhí páirteach i sraith fhíseán faoi Ghradaim Cheoil NÓS ar na mallaibh, gur seans iontach atá san fhéile ag gach duine, í féin san áireamh, úsáid níos mó a bhaint as an teanga.

“Is deis iontach é Seachtain na Gaeilge le Energia chun níos mó Gaeilge a úsáid ó lá go lá, le mo chlann, mo chairde agus mo chomhghleacaithe,” ar sí.

“Beidh an Ghaeilge á ceiliúradh ag beagnach milliún duine i mí an Mhárta, mar sin bain triail aisti!’

Dúirt Julian de Spáinn, Bainisteoir sealadach Sheachtain na Gaeilge, go dtugann an chomhpháirtíocht le Energia deiseanna breise nach raibh ann le blianta beaga anuas.

“Cuideoidh maoiniú Energia le ciste tacaíochta na féile ach go háirithe, ciste a thugann maoiniú do ghrúpaí pobail fud fad an domhain.”

Tá imeachtaí na bliana seo á gclárú ar PEIG.ie cheana féin agus beidh na mílte imeacht pobail agus scoile ar siúl ar fud na hÉireann agus in áiteanna chomh fada i gcéin le Los Angeles agus an Astráil chun deis a thabhairt do chách, ó fhoghlaimeoirí go cainteoirí líofa, taitneamh agus spraoi a bhaint as an teanga.

Is í an Aoine bheag seo, 20 Eanáir 2017, an spriocdháta le himeachtaí a chlárú d’fhéile na bliana seo ar www.peig.ie.

SCÉALTA EILE