Ócáid don dteaghlach // Leabharlann an Lexicon, Dún Laoghaire, Dé Sathairn 1 Feabhra @ 12:30
Tá súil agam féin freastal ar ócáid teaghlaigh i Leabharlann an Lexicon amárach, ar Lá Fhéile Bríde. Déanfar ceiliúradh ar scéalta, miotaseolaíocht agus ealaín leabhar atá foilsithe le tamall anuas ag Futa Fata. Beidh idir ealaíontóirí agus mhaisitheoirí i láthair amárach agus cloisfear sleachta as na leabhair seo a leanas:
An Féileacán agus an Rí le Máire Zepf & Shona Shirley Macdonald; Scúnc agus Smúirín le Muireann Ní Chíobháin & Paddy Donnelly; agus Ar Strae le Patricia Forde & John White.
Beidh fear an chomhlachta foilsitheoireachta Tadhg Mac Dhonnagáin i láthair chomh maith agus seans go mbeidh cúpla amhrán aige dúinn!
Scoil Gheimhridh Merriman 2020 // Gaillimh 01-02 Feabhra 2020
Tá tús curtha le Scoil Gheimhridh Merriman 2020 agus tráthúil go maith is ag díriú ar an nGaillimh atá an lucht eagraithe i mbliana agus í roghnaithe mar chathair chultúrtha na hEorpa!
‘Gaillimh Abú! Saoithiúlacht agus Cultúr na nGael’ an teideal atá tugtha ar an tsraith d’imeachtaí, a bheidh ar siúl in Óstán Chuan na Gaillimhe i mBóthar na Trá. Is faoi chathaoirleacht Mháire Ní Neachtain a bheidh siompóisiam an tSathairn, a bhfuil Gortsaothrú baiste air. Ina teannta i mbun cainte beidh Freda Nic Giolla Chatháin ó Ghaillimh 2020; an t-ealaíontóir Ceara Conway agus fear an chomhlachta drámaíochta Fíbín, Darach Ó Tuairisg.
Tá turas eagraithe chuig an Spidéal chomh maith áit a mbeidh an lucht freastail in ann láthair Ros na Rún, Séipéal Chill Éinde, agus Ceardlann an Spidéil a fheiscint.
Beidh ceol le clos ó Johnny Óg Connolly, Bríd Treasa Ní Ghaoithín agus Pádraig Ó Dubhghaill istoíche Dé Sathairn agus iad ag díriú ar shaothar Mháirtín Uí Dhireáin agus Joe Steve Uí Neachtain, Beannacht Dé leo beirt.
Ar an nDomhnach déanfar ceiliúradh ar an múinteoir, scríbhneoir agus amhránaí Sorcha Ní Ghuairim. @CumannMerriman atá orthu ar Twitter, lean iad do na sonraí ar fad, grianghraif, srl!
Léacht leis an Ollamh Angela Bourke, faoi Sheán Éadhbhaird Ó Briain // An Leabharlann Náisiúnta, BÁC, Dé Luain 3 Feabhra @ 19:00
Ar chuala tú trácht ar an scéalaí Seán Éadhbhaird Ó Briain ó Loch Conaortha? Níl puinn eolais agam féin faoin bhfear ar ar thug an bailitheoir béaloidis Seámus Ó Duilearga, ‘The Finest Storyteller I have ever met’. Tabharfaidh an tOllamh Angela Bourke spléachadh dúinn air agus ar a shaothar sa léacht a thabharfaidh sí sa Leabharlann Náisiúnta, Dé Luain seo chugainn. Labhair Angela le Fionnuala Uí Neachtain ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i rith na seachtaine agus is féidir éisteacht siar lena cuid cainte ach gliogáil ar an nasc seo.
Seoladh dhlúthdhiosca Chór Ban Chúil Aodha // Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne, Dé Sathairn 01 Feabhra @ 20:00
Tá cáil le fada ar thraidisiún amhránaíochta Chúil Aodha! Go deimhin ó 2014–2018, d’éirigh le triúr ón dtaobh sin tíre an svae a thabhairt leo i gcomórtas Chorn Uí Riada, treise leo! Duine de mhuintir Uí Riada — Peadar – a bhunaigh Cór Ban Chúil Aodha siar sna 1980idí nuair a d’aithin sé nach raibh a leithéid de chór ban sa cheantar agus chun cothrom na Féinne a thabhairt do na mná ceolmhara.
Buaileann siad le chéile na haon Chéadaoin sa Draighean i gCúil Aodha agus le tamall anuas táid cúramach i mbun oibre ar albam! Tá saothar na hoibre le seoladh anocht (Dé Sathairn) san Ionad Cultúrtha. Comhghairdeas leo agus go n-éirí go geal leis an albam!
Amhrán an Bhonnáin Bhuí // An Taibhdhearc, Gaillimh 5-15 Feabhra (20:00 & 10:00 laethanta áirithe)
Tá dráma le Vincent Woods, Song of the Yellow Bittern, aistrithe go Gaeilge ag Tomás de Bhaldraithe agus Eoghan Mac Giolla Bhríghde agus léireofar é ar stáitse Amharclann na Taibhdheirce an tseachtain seo chugainn. Amhrán an Bhonnáin Bhuí atá tugtha air as Gaeilge, agus liosta le háireamh d’aisteoirí agus cliar atá breá cumasach ag plé leis. Maelíosa Stafford atá i mbun an léirithe agus tá Diarmuid de Faoite agus Tara Breathnach ar bheirt den mheitheal aisteoireachta (i measc eile). Is i gContae Liatroma atá an dráma lonnaithe agus pléann an scéal le cás dlí athartha cáiliúil a thóg bean Phrotastúnach in aghaidh sagart Caitliceach in 1828. Beidh sé ar siúl ar feadh coicíse, go dtí an 15 Feabhra!