An bhfuil fonn airneáil ort?

Is iomaí dóigh atá anois againn le saol sóisialta a chaitheamh, leis an bhobailín a scaoileadh amach.

Agus nach méanar dúinn?

Leis na cianta cairbreacha tá na Gaeil ag bualadh le chéile i dtithe airneáil.

Tá ainmneacha go leor ann ar an ghnás chéanna i gcanúintí éagsúla; airneán, cuartaíocht, bothántaíocht, céilí agus focail eile le cois.

Ach go bunúsach an rud atá i gceist, daoine cruinniú isteach i dteach amháin agus oíche fhada, in amanna, oíche go maidin, a chaitheamh ag inse scéalta, ag ceol amhrán, ag rá dánta, ag bualadh ceoil, ag magadh agus ag déanamh spóirt.

Nuair nach raibh tithe tábhairne ar fáil go forleathan, agus nuair nach raibh an dara rogha ag daoine fá choinne cuideachta agus comhrá, ba é an gnás a bhí ann, daoine cuairt a thabhairt ar a chéile agus siamsaíocht a dhéanamh dá chéile ar a gconlán féin.

Gan amhras, tá an gnás sin ag tarlú go fóill ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, cé nach bhfuil ról lárnach aige níos mó i saol sóisialta na nGael mar a bhí blianta ó shin.

Chinntigh na hoícheanta airneáil go raibh na seanscéalta, na hamhráin, na poirt agus gnéithe eile de chultúr na ndaoine á gcur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.

Ach d’imigh sin agus tháinig seo.

Tá an teilifís anois againn fá choinne muid a shuaimhniú istoíche, bíonn muid ar ár sáimhín suilt ag gabháil do theachtaireachtaí a sheoladh chuig a chéile ar Facebook nó ar Twitter.

Baineann na hoícheanta airneáil le ré eile ar fad, tá athrú saoil ann agus tá sé chomh maith againn dearmad a dhéanamh ar an nós sin.

Déanta na fírinne, is dóiche nach raibh am ar bith ann riamh i stair an chine dhaonna ar chaith muid an oiread ama scartha óna chéile.

Ligeann muid orainn féin go bhfuil muid nasctha leis an domhan mór agus leis na daoine thart orainn ach níl ann ach cur i gcéill má chaitear bunús an tsaoil “shóisialta” ar líne.

Mar a dúradh go minic roimhe ar leathanaigh NÓS, déan nós, bris nós!

Bhog mé ó Gaillimh go Béal Feirste ag deireadh an tsamhraidh seo chuaigh thart.

Níor shíl mé go dtiocfainn ar chruinnithe de chineál an airneáil i gcathair mhór Bhéal Feirste, ná baol air, ach bhí dul amú orm.

Baineadh siar asam nuair a fuair mé amach go raibh oíche airneáil ar siúl uair sa mhí ag cara le cara de mo chuid.

Tugadh cuireadh dom tráthnóna amháin dul ann.

Piobaire

Cad é a bhí romham ar dhul isteach ar an doras dom ach beirt ag bualadh ceoil ar na píoba uillinn, daoine ag ól cannaí beorach, daoine eile ar fhíon dearg na Spáinne agus duine nó beirt eile arís ar an stuif chrua… tae chomh tiubh le triacla.

I gcaitheamh na hoíche insíodh seanscéalta, scéalta úra agus scéalta grinn.

Ceoladh amhráin ar an tsean-nós agus chuala muid cúpla amhrán úr agus cúpla ceann a bheadh neamhchoitianta go leor.

Lean an chardáil agus an cuir is an cúiteamh isteach san oíche.

I mbeagán focal bhí craic ar dóigh ann.

Tá moladh agam mar sin do chuid cairde Gaelacha a thabhairt le chéile i do theach nó i dteach duine eile acu fá choinne oíche airneáil a bheith agaibh.

Ní leor cairde a bhailiú le chéile agus slam tiúineanna ar Spotify a chasadh.

I dtaca le hoíche airneáil de, bíodh scéal nó dán, amhrán nó ramás de chineál inteacht agat fosta.

Ní dhéanfadh sólaistí dochar ar bith ach oiread!

Fan go bhfeicfidh tú, tá craic agus saibhreas faoi leith ag baint le do chuid siamsaíochta féin a dhéanamh i measc cairde Gael.

SCÉALTA EILE