Ceolchoirm chomórtha Gael Linn, Óstán an Imperial, Corcaigh, Déardaoin, 29 Márta @ 20:00
Beidh an eagraíocht Gael Linn ag comóradh 65 bliain ar an bhfód i mbliana, treise leo! Mar chuid den gceiliúradh, tá coirm mhór eagraithe acu a bheidh ar siúl tráthnóna i gCorcaigh. Beidh plúr na n-amhránaithe agus na gceoltóirí ag teacht le chéile in Óstán an Imperial, ina measc cuid de réaltaí móra Chorcaí: Peadar Ó Riada, Seán Ó Sé, Máire Ní Chéilleachair, Colm Murphy, Conal Ó Gráda, Jackie Daly agus an grúpa ceoil Leoithne. De réir dealramh, tráthúil go maith, is san óstán céanna a cinneadh Gael Linn a chur ar bun an chéad lá riamh nuair a pléadh an plean a bhí ag Dónall Ó Móráin don eagraíocht in 1953. Is í an craoltóir aitheanta Áine Hensey a bheidh mar bhean an tí don mbreithlá seo agus is féidir ticéid a cheannach ar Eventbrite.
Aoine an Chéasta sa Chlub, Dé hAoine, 30 Márta @ 20:00
Aoine an Chéasta faoi leith a bheidh ann amárach agus pubanna (cuid acu ar aon nós!) ag oscailt a ndoirse! Beidh ceiliúradh ar bun i gClub Chonradh na Gaeilge, mar go bhfuil curtha acu le líon na ndeochanna atá á ndíol acu! Insítear dom go bhfuil sé shórt beoracha/leannta anois le fáil ar sconna, ina measc Hop House 13 agus The Piper… gan trácht ar na daoine breátha a bheidh ar an láthair agus iad ag spalpadh Gaeilge bhreá!
Ceardlann agus caint le Pádraig Ó Griallais faoi phoitín agus gin! Outside Bite, Sráid an Gheata Bhig, Gaillimh:
Dé hAoine, 30 Márta @ 19.45 (gin);
Dé Sathairn, 31 Márta @ 19.45 (poitín)
Ar mhaith leat fios a bheith agat conas poitín nó gin a dhéanamh? Bhuel beidh deis agaibh foghlaim conas amhlaidh a dhéanamh mar chuid d’imeacht atá beartaithe ag Biteclub, mar chuid d’Fhéile Bídh na Gaillimhe (#gff18). Míneoidh Pádraic Ó Griallais, an té a bhunaigh Poitín Mhicil, stair na ndeochanna úd agus an chomhlachta dóibh siúd a bheidh i láthair. I ndiaidh na gcainteanna, beidh taispeántas manglaim ar siúl! Tá ionad na n-imeachtaí ina rún go fóill! Má tá spéis agat a bheith i láthair, beidh ort a bheith lasmuigh de ‘Outside Bite’, ar Shráid an Gheata Bhig, ag tuairim is 19:45! Tabharfar ansin thú chuig an ionad cuí…. €10 atá ar na ticéid agus praghas an mhanglaim san áireamh leis sin! Beidh ceol agus dioscmharcach in Outside Bite tar éis na hócáide!
Siúlóid ar Chosán na Naomh i gCorca Dhuibhne, Carrchlós Thrá Cheann Trá, Dé Sathairn, 31 Márta @ 10:00
Beidh deis ag daoine Cosán na Naomh i gCorca Dhuibhne a shiúl i dteannta le siúlóirí eile a bhfuil sé d’aidhm acu an oilithreacht bhliantúil seo a dhéanamh Dé Sathairn seo chugainn. Baileoidh na sluaite i gcarrchlós na trá i gCeann Trá ag tuairim is 10 a chlog ar maidin. Déanfaidh siad a slí, de réir a chéile go dtí an Baile Breac, ní ró-fhada ó bhun Chnoc Bréanainn. Is féidir súil a chaitheamh ar an mbealach atá i gceist go díreach, ag an nasc seo. Níl táille ar bith le díol, ach amháin síntiús a thabhairt leat don mbus a bheidh ag fanacht ag ceann scríbe le daoine a thabhairt abhaile. Tá fáilte roimh chách, ach amháin madraí ar an drochuair! Bí cinnte a bheith gléasta i gceart chuige, a mholtar do dhaoine!
Cabaret Craiceáilte, Teach Hiúdaí Bhig, Gaoth Dobhair, Dé Sathairn, 31 Márta @ 21:30
Beidh Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí – nó Kneecap, mar is fearr aithne orthu – ag tabhairt a n-aghaidh ar Ghaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine do Chabaret Craiceáilte Rónáin Mhic Aodha Bhuí! Is in ionad rialta na hócáide (nuair nach mbíonn Rónán ar an mbóthar), Teach Hiúdaí Bhig, a bheidh an spraoi! Ní leo féin a bheidh siad mar go mbeidh cuid mhaith eile díobh siúd a bhí ar ghearrliosta ghradaim na hirise seo ina dteannta: Abhainn Bheara, Pádraig Jack, mar aon leis na Buaircínigh agus Bianco Sparco. Beidh amhránaithe agus ceoltóirí eile ag tabhairt faoin stáitse chomh maith i rith na hoíche. Go n-éirí an t-ádh leo! Táim cinnte go mbeidh oíche go maidin acu!