Cormac Begley agus ceithre imeacht eile

 

Cormac Begley agus Rushad Eggleston, sraith coirmeacha timpeall na tíre, 10-13 Bealtaine 

D’éirigh go seoigh le Cormac Begley agus Rushad Eggleston ag Féile na Bealtaine le déanaí i gCorca Dhuibhne na Ríochta. Níl stop ar bith leis an mbeirt cheoltóirí seo agus iad anois ag tabhairt faoina thuilleadh coirmeacha fós timpeall na tíre as seo go ceann tamaill. Is iad seo na hionaid ina mbeidh siad as seo go deireadh na seachtaine seo chugainn!

Dé hAoine, 11 Bealtaine, The Crane Bar, Gaillimh;

Dé Sathairn, 12 Bealtaine (i rith an lae), Tulla Comhaltas Cultural Centre, an Tulach, Co. an Chláir, (mar chuid d’fhéile Chnoc na Gaoithe);

Dé Sathairn, 12 Bealtaine (sa tráthnóna), The Dock, Cora Droma Rúisc;

Dé Domhnaigh, 13 Bealtaine (Rushad agus aíonna speisialta), Tábhairne an Cobblestone, Margadh na Feirme.

Doire le Gaeilge, an Croí, Cultúrlann Uí Chanáin; Dé Sathairn, 12 Bealtaine @ 10.00

Beidh ceiliúradh á dhéanamh ar Bhliain na Gaeilge i nDoire ag an deireadh seachtaine. Is i gCultúrlann Uí Chanáin a bheidh sraith d’imeachtaí a bhaineann leis an teanga ar bun i gcaitheamh an lae ar an Satharn. Labhróidh Risteard Mac Gabhann ar Athbheochan na Gaeilge sa Chathair, mar théama ar a chuid cainte siúd; is ar Bhuntáistí an Dátheangachais a bheidh Mary Nic Ailín ag díriú. Beidh léacht á tabhairt ag Aindrias Ó Cathasaigh chomh maith, dar teideal Saor agus Gaelach: Athbheochan agus Athmhachnamh. Anuas air sin, beidh ceardlanna á n-eagrú faoin mBéaloideas, Sloinnte agus Logainmneacha, i nGaeilge… agus i mBéarla chomh maith! Ní hamháin go bhfuil na hócáidí in oiriúint do dhaoine fásta, ach tá cúpla seisiún do dhaoine óga ar an amchlár chomh maith, dóibh siúd atá idir 5-11bl. d’aois!

 

Lá Mór Na Gaeil Óga, Páirc Naomh Caitríona, Leamhcán @ 12:30

Beidh lá mór ag Na Gaeil Óga ar an Satharn agus iad ag teacht le chéile i bPáirc Naomh Caitríona, Leamhcán. Deis a bheidh anseo aithne a chur ar imreoirí agus lucht leanúna an chlub, agus a bheith páirteach i gcluichí agus i gcomórtais nó faire orthu! 

Preab Meadar, mar chuid d’Fhéile Cos Cos Sean Nós, Dé Sathairn, 12 Bealtaine, Séipéal Naomh Columba @ 20:00

Taispeántas ildánach de cheol, amhráin agus rince atá i bPreab Meadar, tionscnamh ceannródaíoch a dhíríonn ar an meánaois mar fhoinse inspioráide. Tá seans maith go bhfuil cuimhne agat ar an dlúthdhiosca, leis an teideal céanna air, a d’eisigh Lorcán Mac Mathúna agus Daire Bracken tamall de bhlianta ó shin. Is cuid de shaothar an albaim sin, mar aon le steipeanna rince ó Liam Scanlon agus Caoimhe Ní Mhaolagáin a bheidh rompu siúd a fhreastalóidh ar an seó seo, atá eagraithe mar chuid den fhéile rince Cos Cos Sean Nós. Beidh na rannpháirtithe ar ardán i nDroim Chliabh, Sligeach Dé Sathairn beag seo, gach rath orthu.

Féile na gCloigíní Gorma, Uachtar Chluanaí, Iarthar Bhéal Feirste, 13-19 Bealtaine

Beidh an fhéile phobalbhunaithe Féile na gCloigíní Gorma ar siúl ar feadh seachtaine i mBéal Feirste, ón nDomhnach seo chugainn ar aghaidh. Na Cloigíní Gorma atá roghnaithe mar shiombail don fhéile seo chun aoibhneas an tsaoil a chur i gcuimhne do dhaoine. Is ócáidí deasa, pléisiúrtha, (a mheabhróidh do dhaoine faoi aoibhneas an tsaoil!), atá ar chlár na féile seo – a dhéanann ceiliúradh ar phobal, ar shláinte agus ar an timpeallacht áitiúil. I measc na n-imeachtaí atá luaite leis an bhféile, beidh comórtas peile ar siúl, turas siúlóide, agus ceardlann chumarsáide agus mhuiníne do mhná le hEdel Ní Churraoin. Tá i bhfad Éireann níos mó ná sin geallta agus mholfainn daoibh dá bharr, turas a thabhairt ar an leathanach gréasáin seo chun blaiseadh níos cuimsithí a fháil!

SCÉALTA EILE