Tá Máirt na hInide, nó Máirt na bPancóg, á ceiliúradh anseo in Éirinn againn inniu, agus féilte eile mar é á cheiliúradh ar fud an domhain, an Mardi Gras, an Carnival agus an Fassenacht mar shampla. Ach tá lá mór eile ar siúl ag ar gcol ceathracha Ceilteacha i ndeisceart na Breataine inniu — Lá Peran Naofa. Is é Peran Naofa éarlamh Chorn na Breataine, an náisiún Ceilteach in iardheisceart na Breataine.
Éireannach a bhí ann, agus tugadh an t-ainm ‘Ciarán’ air ina thír dhúchais (cuimhnigh ar do Ps agus Qs!). Críostaí cruthanta a bhí i Peran, tráth a raibh an Chríostaíocht ag fáil greim sa tír, agus chuaigh sé chun na Róimhe le staidéar a dhéanamh ar an gcreideamh. Ornaíodh ina easpag é nuair a d’fhill sé ar Éirinn agus chuaigh sé ag scaipeadh an tSoiscéil.
Maítear go ndearna Peran roinnt mhaith míorúiltí in Éirinn, gur leigheas sé daoine a bhí an-tinn agus gur thóg sé daoine ó mhairbh fiú. Ní go rómhaith a thaitin an t-easpag, a chreideamh (réasúnta) nua, agus a mhíorúiltí le taoisigh Ghaelacha na linne agus cheangail siad Peran le bró agus chaith i Muir Bhreatan é.
De réir an tseanchais, ceansaíodh an fharraige shuaite, agus chuaigh Peran ar snámh soir chomh fada le Peran yn Treth (Trá Chiaráin) i gCorn na Breataine. Ba ann a thóg sé aireagal beag agus thosaigh ag scaipeadh an tSoiscéil do na chéad chréatúir a d’éistfeadh leis — broc, sionnach, agus béar. Tar éis tamaill, chuir daoine daonna spéis ina raibh le rá aige freisin agus tháinig borradh faoin gCríostaíocht i gCorn na Breataine.
Maítear freisin gurbh é Peran a tháinig ar an stán, trí thimpiste. De réir an tseanchais, las sé tine ar chloch mhór dhubh agus bruithníodh an stán bán amach as. Nuair a múchadh an tine, bhí an stán bán i gcruth na croise ar an gcloch dhubh, agus is as sin a thagann brat náisiúnta Chorn na Breataine — crosaire Peran.
Chaith Peran an chuid eile dá shaol i gCorn na Breataine agus é ina ab ar mhainistir i Peran yn Treth agus is ann a cuireadh é. Dí-adhlacadh é agus scaipeadh a thaisí ar mhainistreacha agus eaglaisí éagsúla timpeall na tíre. Is iomaí tobar, séipéal agus áiteanna eile naofa atá ainmnithe as an naomh, sa gCorn agus i dtíortha eile ar nós na Briotáine, mar a thugtar Pezran air. Ainmníodh Sliabh Peran Naofa i gCeanada as.
Trí bliana ó shin reáchtáil an BBC comórtas le hainm a bhaisteadh ar phortán atá le fáil i gCorn na Breataine, agus ‘St Piran’s Crab’ an t-ainm a bhuaigh an comórtas. Roghnaíodh an t-ainm sin toisc go nglacann an portán áirithe seo seilbh ar shliogán atá i bhfad níos mó ná é, a ligeann dó taisteal i bhfad ar bharr uisce — mar a rinne Peran agus é ceangailte leis an mbró.
Táthar ag súil “leis an gceiliúradh is mó riamh” ar Peran naofa i mbliana agus go leor imeachtaí ag tarlú an tseachtain seo i gCorn na Breataine in ómós an éarlaimh. Is é Peran éarlamh na mianadóirí stáin freisin, agus déanfar ceiliúradh mór an tseachtain seo ar an naomh sa mbaile is mó mianaigh sa tír, Resrudh (Áth Rua).
Ar cheann de na himeachtaí is mó a bheidh ann anocht, beidh an ‘Trelawny Shout’. Tiocfaidh na sluaite le chéile i dtithe tábhairne ar fud an Choirn anocht ag 21.00 le The Song of the Western Men a chanadh ag an am céanna. Seo daoibh liricí ‘amhrán náisiúnta Chorn na Breataine’ más maith libh páirt a ghlacadh anocht!
Gans kledha da ha dorn yw lel,
Gwir lowen an golon
Yth aswon Mytern Jamys fel
Pandr’wrello Kernowyon.
Yw ordnys prys ha le ankow?
‘Verow Trelawny bras?
Ottomma ugens mil Gernow
A wodhvydh oll an kas.
- ‘Verow Trelawny bras?
- ‘Verow Trelawny bras?
- Ottomma ugens mil Gernow
- A wodhvydh oll an kas!
Yn-medh an kapten, byw y woos,
Gwas joliv yn mesk kans:
“Tour Loundres kyn fe Karrek Loos
Y’n delirvsen dehwans.
Ni a dres Tamar, tir dhe dir,
An Havren ny’gan lett;
Ha skoodh reb skoodh, kowetha wir,
Piw orthyn ni a sett?
- ‘Verow Trelawny bras?
- ‘Verow Trelawny bras?
- Ottomma ugens mil Gernow
- A wodhvydh oll an kas!
Devedhys bys yn fos Loundres
“Gwel teg dhyn” ni a gri;
“Dewgh mes, ownegyon oll, dewgh mes,
Gwell dus on esowgh hwi!”
Trelawny yw avel felon
Fast yn karharow tynn
Mes ugens mil a Gernowyon
Godhvos an ken a vynn.
- ‘Verow Trelawny bras?
- ‘Verow Trelawny bras?
- Ottomma ugens mil Gernow
- A wodhvydh oll an kas!